Ceisteanna coitianta faoi Digitary do scoileanna/d’fhostaithe

Céard í an fhreagracht atá ar fhostóirí scoile maidir le nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin nuair a fhostaítear múinteoir den chéad uair?

Mar atá leagtha amach in Alt 12 de na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016, is cion é d’fhostóirí duine a fhostú mura rud é go mbeidh nochtadh grinnfhiosrúcháin faighte acu ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin i leith an duine sin sula gcuirtear tús leis an bhfostaíocht atá i gceist. Tá roinnt eisceachtaí teoranta maidir leis an riachtanas sin leagtha amach i gCiorclán 0031/2016 na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS).

Trí nochtadh grinnfhiosrúcháin múinteora chláraithe a fháil sula gcuirtear tús le fostaíocht an mhúinteora sin tríd an réiteach ar líne ar a dtugtar Digitary, beidh ceanglais Alt 12 de na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 comhlíonta ag fostóir scoile.

Céard é ról na Comhairle Múinteoireachta i ndáil le nochtadh grinnfhiosrúcháin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin i leith múinteoirí a sholáthar?

Faoi alt 8 de na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin 2012 go 2016, is í an Chomhairle Mhúinteoireachta ‘an eagraíocht iomchuí’ a ghníomhaíonn thar ceann fostóirí scoileanna aitheanta chun críocha an ghrinnfhiosrúcháin a dhéanann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin i ndáil le múinteoirí.

Céard é Digitary?

Digitary:

  • is é atá ann ná an réiteach ar líne a úsáideann an Chomhairle Mhúinteoireachta chun ligean do mhúinteoirí breathnú ar a nochtadh grinnfhiosrúcháin (an doiciméad ina bhfuil toradh an ghrinnfhiosrúcháin) agus é a chomhroinnt, go leictreonach, lena bhfostóir reatha agus le fostóirí ionchasacha
  • glacann sé ionad litir na Comhairle Múinteoireachta faoi thoradh an ghrinnfhiosrúcháin, ar litir í sin a bhí le tíolacadh, roimhe seo, ag múinteoirí d’fhostóirí scoile

Déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta nochtadh grinnfhiosrúcháin a chur ar fáil go leictreonach trí réiteach Digitary. Cumasaíonn sé sin d’fhostóirí scoile ceanglais alt 12 de na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 a chomhlíonadh.

Tá sé curtha in iúl d’údaráis bhainistíochta scoile, trí bhíthin Chiorclán 0031/2016 na Roinne Oideachais agus Scileanna go ndéanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta nochtadh grinnfhiosrúcháin a chur ar fáil go leictreonach.

Cad is féidir le scoileanna/fostóirí a dhéanamh má bhíonn deacrachtaí ann maidir le rochtain a fháil ar nochtadh grinnfhiosrúcháin atá comhroinnte ag múinteoir?

Féadfaidh an scoil/fostóir

  • teagmháil a dhéanamh leis an múinteoir chun a chinntiú gur soláthraíodh, agus gur úsáideadh, an seoladh ríomhphoist ceart
  • a iarraidh ar an múinteoir an doiciméad a chomhroinnt athuair.

Más rud é, tar éis dara hiarracht chun doiciméad a chomhroinnt, go mbíonn deacrachtaí ann i gcónaí, ní mór don mhúinteoir teagmháil a dhéanamh le Rannóg Grinnfhiosrúcháin na Comhairle Múinteoireachta d’fhonn socruithe malartacha a dhéanamh chun an nochtadh a chomhroinnt leis an bhfostóir scoile.

Ríomhphost: vetting@teachingcouncil.ie

Teileafón +353 1 6517900 nó LoCall 1890 224 224.

An féidir le fostóirí scoile nochtadh grinnfhiosrúcháin atá comhroinnte ag múinteoir a íoslódáil nó a phriontáil?

Is féidir, tá saoráid ar fáil chun an doiciméad grinnfhiosrúcháin a íoslódáil agus chun é a shábháil go logánta. Tá roinnt deilbhíní ar taispeáint ar bharr scáileán an doiciméid. Cliceáil ar an dara deilbhín (mar atá aibhsithe leis an gciorcal dearg sa seat scáileáin thíos) agus déan sábháil dá réir. Tar éis é a shábháil go logánta is féidir an doiciméad a phriontáil. Ós rud é gur faisnéis rúnda atá ann, is ceart don scoil/fhostóir an doiciméad a choimeád ar mhodh daingean. Nóta: Is riachtanas de chuid Chiorclán 0031/2016 na Roinne Oideachais agus Scileanna go ndéanfaidh údarás scoile cóip den nochtadh a phriontáil agus a choimeád mar chuid dá thaifid féin.

Digitary 4

Cá fhad a bhíonn nochtadh grinnfhiosrúcháin bailí?

Ní dhéantar aon tréimhse bhailíochta i leith nochtadh grinnfhiosrúcháin a shonrú san Acht an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

Déanfar nochtadh grinnfhiosrúcháin ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin a chur ar fáil don scoil/fhostóir trí Digitary. Tar éis don scoil/fhostóir an nochtadh sin a fháil sula gcuirtear tús leis an bhfostaíocht, tá an riachtanas faoi Alt 12 den Acht comhlíonta.

Is ceart don scoil/fhostóir Roinn 9 de Chiorclán 0031/2016 na Roinne Oideachais agus Scileanna a léamh lena fháil amach an ceart don scoil, i dtaca le dearcadh cleachtais stuama de, breithniú a dhéanamh i dtaobh nochtadh cothrom le dáta a lorg i leith fostaí ionchasach múinteoireachta.

An féidir leis an scoil/bhfostóir nochtadh grinnfhiosrúcháin nua a iarraidh?

Is féidir, is féidir leis an scoil, ina cáil mar fhostóir, nochtadh grinnfhiosrúcháin uasdátaithe a lorg má mheasann sí gur gá sin i dtaca le dearcadh cleachtais stuama de. I gcás den sórt sin, iarrfaidh an scoil ar an múinteoir iarratas a dhéanamh, tríd an gComhairle Mhúinteoireachta, ar nochtadh cothrom le dáta.

Cá mhéad nochtadh grinnfhiosrúcháin a thaispeánfar ar Digitary?

Ní dhéanfar ach an nochtadh grinnfhiosrúcháin is déanaí a thaispeáint ar Digitary.

Má dhéanann múinteoir iarratas ar nochtadh grinnscrúdúcháin uasdátaithe, déanfar an nochtadh uasdátaithe a uaslódáil chuig Digitary agus cuirfear in ionad aon nochtadh a bhí ann roimhe sin é.

Cén áit a bhfuil tuilleadh faisnéise faoi ghrinnfhiosrúchán ar fáil?

An Chomhairle Mhúinteoireachta – www.teachingcouncil.ie

An Roinn Oideachais agus Scileanna – www.education.ie

An Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin – vetting.garda.ie

Cén áit a bhfuil tuilleadh faisnéise faoi Digitary ar fáil?

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Digitary a fháil ag www.digitary.net            

An bhfuil Digitary daingean?

Oifigigh de chuid institiúidí grinnfhiosraithe atá cumasaithe ó thaobh Digitary de, agus oifigigh den sórt sin amháin, atá in ann doiciméid Digitary a chruthú. Tagann próiseas eisiúna doiciméad faoi réir seiceálacha fíordheimhnithe den uile chineál, lena n-áirítear sealbhú feistí fisiciúla áirithe a eisítear chuig oifigigh de chuid institiúidí de réir dianchoinníollacha. Nuair a eisíonn an institiúid doiciméid oifigiúla, bíonn siad cosanta ar chur isteach agus ar bhréagchumadh. Cuirtear na doiciméid dhaingne sin ar fáil do mhúinteoirí trí thairseach dhaingean ar líne áit ar féidir leo breathnú ar na doiciméid gan cumas a bheith acu iad a mhodhnú ar aon slí. Nuair a fhaigheann an múinteoir rochtain orthu, is é/í an múinteoir a dhéanann rialú i dtaobh cé a fheiceann na doiciméid sin trí úsáid a bhaint as saoráid comhroinnte Digitary.

Cuimsíonn doiciméid Digitary Sínithe Leictreonacha Cáilithe fadsaolacha (QES) a chomhlíonann na caighdeáin theicniúla is déine de chuid an AE faoi Threoir 1999/CE/93 ón Aontas Eorpach maidir le Sínithe Digiteacha. Maidir le doiciméid a eisítear de réir chóras Digitary, tá sínithe iontu a chomhlíonann ETSI TS 101 903 agus tá deimhnithe digiteacha cáilithe ann ina leith a chomhlíonann ETSI TS 101 456.