Múinteoirí a Chláraigh Thar Lear

1. Cén fáth a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta measúnú ar cháilíochtaí ó thíortha eile?

Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta measúnú ar cháilíochtaí ó thíortha thar lear de réir:

I gcomhréir le Treoir ón AE (EU Directive 2005/36/EC), déantar cáilíochtaí múinteoirí a cháiligh lasmuigh de PÉ a mheasúnú lena chinntiú go bhfuil siad ar chaighdeán inchomparáide le cáilíochtaí atá gnóthaithe ag céimithe clár creidiúnaithe in Éirinn. Más rud é go mbíonn difríochtaí sunstasacha i gceist (easnaimh cháilíochtaí), cuirfear coinníollacha le clárú an mhúinteora.

2. Céard atá i gceist le Treoir an AE maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint (2013/55/CE)

Féachann Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint (2013/55/CE) le saorghluaiseacht gairmithe a éascú laistigh den AE. I gcomhréir leis an Treoir sin, tá daoine a mheastar  a bheith láncháilithe mar mhúinteoirí i mballstát amháin den AE i dteideal a gcuid cáilíochtaí a bheith aitheanta sna ballstáit eile ar fad. Féadfar an t-aitheantas sin a bhronnadh faoi réir coinníollacha, lena chinntiú go mbeadh na cáilíochtaí ar comhchéim le cáilíochtaí atá bainte amach ag céimithe clár creidiúnaithe in Éirinn.

3. Cén chaoi a thaispeánfaidh mé gur múinteoir lánaitheanta mé sa tír ina bhfuair mé mo cháilíocht mhúinteoireachta?

Caithfidh tú fianaise a chur ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta ón tír inar múinteoir aitheanta thú.

Fianaise riachtanach:

Doiciméid ón údarás inniúil ábhartha sa tír sin (comhionann na Comhairle Múinteoireachta in Éirinn) a léiríonn -

  • Gur múinteoir lánchláraithe thú ansin - (stádas/ceadúnas múinteora)
  • Go bhfuil aon ionduchtúchán riachtanach curtha i gcrích agat ansin (taithí iar-cháilíochta).

4. Céard atá i gceist le taithí ionduchtúcháin/ taithí iar-cháilíochta?

I dtíortha áirithe beidh ort tréimhse ionduchtúcháin/taithí iar-cháilíochta a chur isteach sular féidir leis an údarás inniúil stádas láncháraithe a thabhairt duit.

Is é sin, aon taithí cheardlainne nó taithí mhúinteoireachta atá riachtanach i ndiaidh duit cáiliú lena chinntiú gur múinteoir láncháilithe aitheanta/ cláraithe/ceadúnaithe thú sa tír sin.

5. Céard a chiallaíonn stádas múinteora aitheanta?

Ciallaíonn stádas múinteora aitheanta gur múinteoir láncháilithe thú sa tír ina ndearna tú staidéar le bheith i do mhúinteoir. Shásaigh tú na ceanglais ar fad atá ag an údarás inniúil ábhartha sa tír sin do mhúinteoir aitheanta.

6. Céard is brí le "údará inniúil ábhartha"?

Is éard is brí le ‘údarás inniúil ábhartha’, an t-údarás a thugann lánstádas clárúcháin/aitheantais/ceadúnúcháin do mhúinteoirí.

Mar shampla:

 - In Éirinn is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an t-údarás inniúil ábhartha.

- In Albain is é an ‘General Teaching Council for Scotland (GTCS)’ atá i gceist.

D’fhéadfadh gurb é comhionann na Roinne Oideachais nó na hAireachta Oideachais é, ag brath ar an tír inar cháiligh tú.

7. Cé mhéad ábhar a chaithfidh a bheith agam chun go mbeidh mé i dteideal clárú i réimse an iar-bhunoideachais?

Aon ábhar amháin ar a laghad.

Le go ndéanfaí tú a mheas faoi Chonair 2 – Iar-bhunoideachas, ní theastaíonn ach aon ábhar curaclaim amháin chun críche clárúcháin.

Mar chuid den iarratas beidh ort Foirm Dhearbhaithe Ábhair a líonadh don ábhar curaclaim/ do na hábhair churaclaim a bhfuil tú cáilithe chun é/iad a mhúineadh sa tír ina bhfuair tú do cháilíocht.

Mura n-ainmníonn an tÚdarás Inniúil i do thír féin an t-ábhar/na hábhair a bhfuil tú cáilithe chun é/iad a mhúineadh, déanfaidh an Chomhairle do cháilíochtaí a mheas maidir le haitheantas san ábhar is fearr mar a shásaíonn tú na riachtanais ina leith.

8. Cathain a chuirfear tús le mo mheasúnú/cén fhad a thógfaidh sé?

Ní thosaíonn sé go dtí go mbeidh na doiciméid ar fad ar iarradh seolta ar aghaidh chuig an gComhairle.

Ní hé an dáta a sheolann tú do chéad iarratas chuig an gComhairle an dáta tosaigh.

Beidh ár bhfoireann i dteagmháil leat má theipeann ort doiciméid áirithe a sheoladh. Ní bheidh an comhad réidh le tús a chur leis an measúnú go dtí go mbeidh na doiciméid ar fad faighte. Tógfaidh an measúnú thart ar dhá sheachtain déag i ndiaidh na doiciméid ar fad a iarradh a bheith faighte.

9. Cén chaoi ar féidir liom dlús a chur leis an bpróisesas clárúcháin?

Féadfaidh tú dlús a chur leis an gclárúcháin trí na doiciméid ábhartha ar fad, agus iad líonta i gceart, a sheoladh i dtús d'iarratais.

Ba cheart duit cur isteach ar ghrinnfhiosrú an Gharda Síochána freisin, agus aon imréitigh ó thíortha thar lear a theastaíonn a chur ar fáil a luaithe a dhéanann tú iarratas ar chlárú. Cinntigh le do thoil go líonann tú i gceart an dá chéim den phróiseas grinnfhiosrúcháin ar líne.

10. An gcaithfidh mé lámhleabhair iomlána an chúrsa a fháil aistrithe?

Chun cuidiú le hiarratasóirí agus chun laghdú ar na costais aistriúcháin, féadfaidh iarratasóirí eolas achomair a chur ar fáil faoi na modúil a ainmnítear ar a dtras-scríbhinní. Aibhsigh le do thoil na ranna a aistríodh as lámhleabhar an chúrsa, agus cuir na haistriúcháin ábhartha leis.

Féach an tábla thíos le do thoil le haghaidh tuilleadh eolais:

Céard atá i gceist le tuairisceoir modúil?

Is é atá i gceist le tuairisceoir modúil, cur síos gonta ar an modúl agus ar na príomhghnéithe a bhaineann leis. Ba cheart an méid seo a bheith ann:

  • achoimre ar inneachar an mhodúil
  • cur síos ar an gcaoi a seachadtar inneachar an mhodúil
  • cur síos ar an gcaoi a measúnaítear an modúl
  • na torthaí foghlama a bhaineann leis an modúl
  • aon tréimhsí socrúcháin scoile mhaoirsithe/ cleachtadh múinteoireachta maoirsithe.
  • maidir le hiarratasóirí i gcás ábhair ar teangacha iad, caithfidh an tuairisceoir modúil liosta a thabhairt den litríocht/ de na téacsanna/na húdair a ndearnadh staidéar orthu.

Bíodh a fhios agat le do thoil nach féidir a mheasúnú ach an t-eolas a chuireann iarratasóirí ar fáil, amháin; faoin iarratasóir atá sé go leor eolais a thabhairt i ngach tuairisceoir modúil ar leith chun gur féidir measúnú a dhéanamh.

11. Cé na táillí atá ar an bpróiseas measúnaithe cáilíochtaí?

An Ghnáth-tháille Chlárúcháin €90

An táille ar do cháilíocht oideachais múinteoireachta a mheasúnú: €200

An táille ar ábhair Iar-bhunoideachais a mheasúnú: €100 san ábhar

An Cinneadh a Athbhreithniú: €50 (achomharc, amháin, le haisíoc má éiríonn leis an achomharc).

12. Céard atá i gceist le measúnú ar cháilíochtaí?

Foireann ón gComhairle Mhúinteoireachta a dhéanfaidh an t-iarratas a chlárú a mheasúnú i dtosach báire. Má shásaíonn tú na riachtanais, molfar le haghaidh clárú coinníollach thú.

Mura léir cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn do cháilíocht na riachtanais, seolfar chuig comhairleoir é lena mheasúnú. Saineolaithe seachtracha in Oideachas agus/nó i riachtanais Ábhair atá sna comhairleoirí. D’fhéadfadh na comhairleoirí breis eolais a iarraidh ort lena measúnú a chur i gcrích. Mura gcuireann tú an t-eolas sin ar fáil, beidh moill ar d’iarratas.

I ndiaidh measúnú an chomhairleora, cuirfear d’iarratas agus tuairiscí na gcomhairleoirí faoi bhráid Phainéal na gCáilíochtaí lena meas, agus d’fhéadfaí cinneadh a dhéanamh an clárú a dheonú duit faoi réir coinníollacha/ easnamh.

13. Céard é easnamh cáilíochta?

Is éard is easnmah cáilíochta ann, bearna a aithnítear idir an méid a cheanglaítear a bheith ar eolas ag múinteoirí cláraithe in Éírinn agus do chuidse cáilíochtaí.

14. Cé na heasnaimh a d'fhéadfadh a bheith luaite ar mo chlárú?

Aithnítear easnaimh cháilíochta uaireanta i gcáilíochtaí bunchéime agus/ nó i gcáilíochtaí oideachais múinteoireachta.

Ar na heasnaimh a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá easnaimh ábhair curaclaim; sa bhonnstaidéar; sa staidéar gairmiúil nó sa socrúchán scoile.

15. Conas is féidir liom easnaimh a chomhlíonadh?

Is féidir easnamh a chomhlíonadh le triail inniúlachta  le tréimhse oiriúnaithe.

Is éard is triail inniúlachta ann ná scrúdú a chuir i gcrích a thugann aghaidh ar na heasnaimh ar sainaithníodh iad.

Is éard is tréimhse oiriúnaithe ann ná seal a chaitheamh i mbun cleachtaidh múinteoireachta sna réimsí ar sainaithníodh go bhfuil easnamh ann ina leith agus é seo a dhéanamh faoi stiúir baill chláraithe den ghairm.

Má cheadaítear clárú le coinníollacha duit, scríobhfaidh an Chomhairle chugat chun tú a chur ar an eolas faoi na heasnaimh cháilíochta a bhaineann le do chlárúchán.

Maidir leis an Riachtanas Gaeilge (RG) is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi ag http://www.ilrweb.ie 

Maidir leis an scrúdú Staire & Struchtúir (S&S), reáchtálann an Chomhairle triail inniúlachta ar líne lena aghaidh trí huaire in aghaidh na bliana. Is iad seo a leanas na dátaí le haghaidh scrúdú S&S ar líne le linn 2023:

Tar éis dúinn d'áirithint a fháil, cuirfimid ríomhphost chugat laistigh de 10 lá oibre agus dearbhú ann gur cuireadh áit in áirithe duit.

Is féidir le 130 duine ar a mhéad an scrúdú a dhéanamh ar aon dáta scrúdaithe ar leith. Beidh an scrúdú ar fáil ar feadh 24 uair an chloig ar na dátaí atá luaite thuas. Mairfidh an scrúdú thart ar 2.5 uair a chloig agus caithfear é a dhéanamh in aon iarraidh amháin laistigh den tréimhse 24 uair an chloig.

Nóta Eolais

Páipéir Shamplacha

Cealuithe: Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil ach líon teoranta áiteanna ar gach scrúdú. Mura féidir leat freastal ar an scrúdú ar líne, seol ríomhphost cealaithe le do thoil chuig historyandstructure@teachingcouncil.ie. Luaigh d'ainm iomlán agus d'Uimhir Chláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, más é do thoil é.

Is féidir le haon mhúinteoir gur mian leis nó léi an scrúdú a dhéanamh ríomhphost a chur chuig historyandstructure@teachingcouncil.ie

Maidir le heasnaimh eile, caithfidh tú dul i dteagmháil leis na coláistí tú féin chun cúrsaí oiriúnacha a aimsiú.

16. Cén áit ar féidir liom liosta de IAOnna ceadaithe a fháil le dul i dteagmháil leo maidir le m'easnaimh a chomhlíonadh?

17. Cén fhad atá agam chun easnaimh a chomhlíonadh?

Tá trí bliana agat ó dháta do chlárúcháin chun tástáil inniúlachta nó chun tréimhse oiriúnaithe a dhéanamh d'fhonn aon easnamh bainteach le do chlárúchán a chomhlíonadh.

Má tá coinníollacha ag baint le do chlárúcháin (m.sh. easnaimh cháilíochta) atá le dul in éag laistigh den chéad sé mhí eile, ní bheidh tú in ann do chlárúchán bliantúil a athnuachan go dtí go ndéanann tú ceann amháin de na rudaí seo a leanas:

Logáil isteach go Mo Chlárú>Mo Choinníollacha agus: 

  • cuir isteach fianaise/doiciméid ábhartha de chríochnú do choinníoll(acha), nó
  • cuir isteach iarratas ar iarraidh ar shíneadh in éineacht le do chuid doiciméad tacaíochta.

18. Céard atá i gceist le triail inniúlachta?

Is é atá i gceist le triail inniúlachta, scrúdú a dhéanamh chun na heasnaimh aitheanta a shásamh.

19. Céard is brí le tréimhse oiriúnaithe?

Is é atá i gceist le tréimhse oiriúnaithe, tréimhse cleachtaidh múinteoireachta, trí bliana de ghnáth, a thugann deis duit múinteoireacht a dhéanamh sna réimsí easnaimh a aithníodh, faoi mhaoirseacht comhalta chláraithe den ghairm. I gcúinsí áirithe, d'fhéadfadh scrúdú a bheith i gceist sa tréimhse oiriúnaithe.

20. An bhfuil próiseas achomhairc ann don mheasúnú cáilíochtaí?

Má chuireann Painéal Cáilíochtaí na Comhairle easnaimh cháilíochta le do chlárú, tá de rogha agat iarratas a dhéanamh le Grúpa Athbhreithnithe Choiste Clárúcháin na Comhairle ag lorg athbhreithniú ar chinneadh an Phainéil. Níl sé sin i gceist i gcás na gcoinníollacha éigeantacha: an riachtanas Gaeilge agus an scrúdú i Stair agus Struchtúr.

Tá ceart achomhairc chun na hArd Chúirte agat freisin.

21. Níor chríochnaigh mé tréimhse ionduchtaithe sa tír inar bhain mé mo cháilíocht oideachais múinteoirí amach, an féidir liom é seo a dhéanamh in Éirinn?

Ón 22 Feabhra 2023 ar aghaidh, ar mhaithe leis na deacrachtaí a shárú maidir le múinteoirí a aimsiú mar gheall ar staid na sláinte poiblí faoi láthair, glacfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta le hiarratais ar chlárúchán ó mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoileanna a cháiligh lasmuigh d'Éirinn ach nach bhfuil an tréimhse ionduchtaithe is gá déanta acu sa tír inar cháiligh siad. 

Déantar iarratais de réir Rialachán na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) (Leasú), 2023: Bealach 1 (Bunscoil) agus Bealach 2 (Iar-bhunscoil).

Ní mór duit ceanglais cháilíochta áirithe a chomhlíonadh freisin le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Tá breis eolais ar fáil anseo.

Is beart faoi cheangal ama é seo. Glacfar le hiarratais ón 22 Feabhra 2023 go dtí an 1 Feabhra 2024. 

22. Cad iad na cáipéisí atá de dhíth chun mo cháilíocht a mheas má cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh de PnaÉ?

Breathnaigh ar na Treoirlínte Iarratais ábhartha, más é do thoil é:

  • Treoirlínte Iarratais do Bhealach 1: Bunscoil
  • Cuir iarratas isteach ar líne trí leas a bhaint as an rogha PRQA-01: Mo Chlárú

  • Treoirlínte Iarratais do Bhealach 2: Iar-Bhunscoil
  • Cuir iarratas isteach ar líne trí leas a bhaint as an rogha PPQA-01: Mo Chlárú.

23. Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh de PÉ, cén chaoi a gcruthaím gur múinteoir láncháilithe mé sa tír inar cháiligh mé?

Beidh ort litir a chur isteach ón gcomhlacht ábhartha clárúcháin múinteoirí, nó ón Aireacht Oideachais, sa tír inar cháiligh tú ina mbeidh fianaise gur múinteoir láncháilithe thú.

Ba cheart go léireodh an litir stádas do chlárúcháin mar mhúinteoir/ stádas do cheadúnais múinteora sa tír sin, agus go mbeadh dearbhú sa litir go ndearna tú aon chlár ionduchtúcháin (taithí iarcháilithe) atá riachtanach sa tír sin.

24. Tugaim faoi deara go luaitear go mbeidh tras-scríbhinn torthaí ar cheann de na doiciméid a bheidh ag teastáil ón gComhairle Mhúinteoireachta, céard atá i gceist le tras-scríbhinn torthaí?

Is é atá i gceist le tras-scríbhinn torthaí, doiciméad ina dtugtar na modúil a ndearna tú staidéar orthu i ngach bliain de do cháilíocht agus na gráid a fuair tú.

Beidh an Chomhairle Mhúinteoireachta ag iarraidh tras-scríbhinn maidir le gach bliain de do cháilíocht.

25. Tugaim faoi deara go luaitear tuairisceoir modúl i measc na ndoiciméad a theastaíonn ón gComhairle Mhúinteoireachta, céard atá i gceist le tuairisceoir modúil?

Is doiciméid nó leabhráin iad na tuairisceoirí modúl ina dtugtar cuntas sách mion ar a raibh sna modúil/ sna haonaid staidéir a chuir tú i gcrích le linn thréimhse do cháilíochta.

Is é an botún is coitianta a dhéanann iarratasóirí nuair a bhíonn iarratas á chur isteach acu, nach gcuireann siad isteach an tuairisceoir modúil. Tá a fhios againn go mbíonn téarmaí éagsúla ar an tuairisceoir modúil sna tíortha éagsúla. Mura bhfuil tú cinnte den doiciméad atá i gceist, déan teagmháil linn ina thaobh le do thoil, sula gcuireann tú d’iarratas  isteach.

26. Céard a chiallaíonn an Riachtanas Béarla?

Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an Riachtanas Béarla.

27. Cháiligh mé thar lear mar mhúinteoir, an bhfuil mé i dteideal iarratas ar chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta a dhéanamh?

Bíonn múinteoirí láncháilithe* a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann i dteideal iarratas a dhéanamh chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

* Maidir le duine a mheasfar a bheith ina mhúinteoir láncháilithe, beidh cáilíocht aitheanta oideachais múinteoireachta agus clár ionduchtúcháin curtha i gcrích aige/aici sa tír inar cháiligh sé/sí, agus é/í in ann litir oifigiúil a chur ar fáil ón gcomhlacht clárúcháin múinteoirí ábhartha nó ón Aireacht Oideachais ábhartha.

28. Cháiligh mé mar mhúinteoir sa Ríocht Aontaithe (RA), an ndéanfaidh brexit difear do mo chlárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta?

Déantar gach iarratas ó mhúinteoirí a cháiligh thar lear a phróiseáil ar an mbealach céanna, is cuma ar cháiligh siad san Aontas Eorpach nó lasmuigh de.

Is é sin, ní dhéanfaidh imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach difear don phróiseáil a dhéanfaidh an Chomhairle ar iarratais chlárúcháin.

29. Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, an ndéanfar mo cháilíochtaí a mheasúnú?

Cinnte, déanfar. Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta freagrach as an iontráil isteach i ngairm na múinteoireachta a choimirciú ar bhealach a thacóidh le hardchaighdeán múinteoireachta agus foghlama.

Chuige sin, déantar cáilíochtaí múinteoirí a cháiligh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann (PÉ) a mheas lena chinntiú go bhfuil siad ar chaighdeán inchomparáide le cáilíochtaí atá gnóthaithe ag céimithe clár creidiúnaithe in Éirinn. Má bhíonn difríochtaí suntasacha i gceist cuirfear coinníollacha le clárú an mhúinteora.