Is iad seo a leanas na dátaí le haghaidh scrúdú S&S ar líne le linn 2023:
Chun áit a chur in áirithe, cliceáil ar an nasc in aice leis an dáta ábhartha.
Tar éis dúinn d'áirithint a fháil, cuirfimid ríomhphost chugat laistigh de 10 lá oibre agus dearbhú ann gur cuireadh áit in áirithe duit.
Is féidir le 130 duine ar a mhéad an scrúdú a dhéanamh ar aon dáta scrúdaithe ar leith. Mura féidir leat freastal ar an scrúdú ar líne, seol ríomhphost cealaithe le do thoil chuig historyandstructure@teachingcouncil.ie. Luaigh d'ainm iomlán agus d'Uimhir Chláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, más é do thoil é.