Ós múinteoir clárithe iar-bhunscoile thú, sásaíonn tú na riachtanais chlárúcháin a chumasaíonn thú chun ábhar curaclaim iar-bunscoile amháin ar a laghad a mhúineadh. Is faoi na húdaráis scoile ar leith atá sé cúram a dhéanamh den fhostaíocht laistigh de na scoileanna féin chun ábhair a mhúineadh. Ní riachtanas clárúcháin é a bheith aitheanta d'ábhair sa bhreis.
Ach má tá tú ag iarraidh a bheith cláraithe d'ábhar curaclaim sa bhreis ar Chlár na Múinteoirí, caithfidh tú a thaispeáint go sásaíonn tú na critéir (béarla) don ábhair sin. Ní hin le rá go gcaithfidh tú céim eile a dhéanamh.
Ach bheidh ort cúrsa staidéir a dhéanamh san ábhar go dtí leibhéal céime: modúil ó chéim leibhéal 8 a chomhcheangal, nó dioplóma iarchéime leibhéal 9 a chur i gcrích, ionas go mbeidh staidéar déanta agat
- ar an líon creidiúintí (Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna/ ECTS) a theastaíonn san ábhar (idir 60-90 creidiúint ECTS).
- ar an réimsí riachtanacha san ábhar de réir mar a rianaítear inár riachtanais ábhair curaclaim (béarla).
- ar mhodheolaíocht ar leith san ábhar más amhlaidh go bhfuil sí sainithe mar riachtanas.
Más spéis leat ábhar bhreise a chur lena bhfuil agat cheana, ba cheart duit dul i dteagmháil ar dtús leis an roinn chuí in Institiúid Ard-Oideachais agus fiafraí díobh faoi na roghanna a bheadh ann duit chun staidéar a dhéanamh ar ábhar go dtí leibhéal céime, mar mhac léinn ócaideach/ lánaimseartha.