Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna tosach feidhme le hAlt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 ar an 28 Eanáir 2014. De réir Alt 30 is gá do gach múinteoir clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun tuarastal a fháil as cistí an Stáit.
Comhairle do mhúinteoirí atá cláraithe cheana
Ba chóir do gach múinteoir atá cláraithe a ndáta athnuachana a dhearbhú leis an áis 'Mo Chlárú' nó trí amharc ar an admháil a fuair siad an uair dheireanach a rinne siad a gclárú a athnuachan go deireanach. Mura ndéanann múinteoir a chlárú nó a clárú a athnuachan in am, agus má íoctar é nó í as cistí an Stáit, cuirfear deireadh lena thuarastal nó lena tuarastal. Níor mhaith leis an gComhairle go dtarlódh sé seo d’aon mhúinteoir.
Is faoi mhúinteoirí atá sé cinnte a dhéanamh go bhfuil a gcuid sonraí teagmhála nuashonraithe - is féidir seoladh baile, seoladh ríomhphoist agus uimhreacha gutháin a nuashonrú tríd an áis ‘Mo Chlárú’. Cuirfidh sé seo ar chumas na Comhairle gach iarracht a dhéanamh fógra a chur chugat go luath roimh do dháta athnuachana.
Ciorcláin 0025/2013 agus 0052/2013 na Roinne Oideachais agus Scileanna
Mínítear i gCiorclán 0025/2013 na Roinne Oideachais agus Scileanna, a bhaineann le hAlt 30, gur gá do mhúinteoirí i scoileanna aitheanta a bheith cláraithe.
I gCiorclán 0052/2013 na Roinne Oideachais agus Scileanna a bhaineann le hAlt 30, tugtar míniú d'údaráis bhainistíochta agus do Bhoird Oideachais agus Oiliúna ar na nósanna imeachta a bheidh i gceist nuair a chuirfear tús le feidhm Alt 30 i scoileanna aitheanta.
Tuilleadh Eolais faoi Alt 30