Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta athbhreithniú go leanúnach ar a córais agus próisis d'fhonn feabhas a chur ar thaithí na múinteoirí agus rochtain níos fearr a chur ar fáil ar an eolas atá ag an gComhairle. In ionad an chleachtais reatha de chártaí plaisteacha comhtháite agus cóipeanna crua d'admhálacha a eisiúint beidh cárta leictreonach (Ríomhchárta) agus admháil leictreonach (Ríomhadmháil) ina n-áit, a bhfuil fáil orthu go héasca. D'eascair sé seo as an aiseolas ó mhúinteoirí ag iarraidh go mbogfaí i dtreo modh féinseirbhíse oibriúcháin a thugann smacht breise do mhúinteoirí ar a gcuid eolais, mar gheall ar an ngá atá ann leis na próisis athnuachana a dhéanamh níos éifeachtaí agus é a dhéanamh níos neodraí ó thaobh costais de agus an timpeallacht a chur san áireamh trí úsáid plaisteach a laghdú.
Le héifeacht ó lár mhí na Samhna 2018, eiseoidh an Chomhairle ríomhchártaí agus ríomhadmhálacha amháin. Má logálann na múinteoirí isteach ar an gcuid Mo Chlárú de shuíomh Gréasáin na Comhairle, is féidir leo teacht ar a ríomhchártaí, admhálacha agus Teastais Chlárúcháin, iad a íoslódáil agus iad a phriontáil. Is féidir na comhaid a shábháil díreach ar ghléasanna móibíleacha le go mbeifear in ann rochtain a dhéanamh orthu go héasca ag am ar bith agus beidh seirbhís fheabhsaithe ann do gach múinteoir cláraithe dá bharr.