I gcomhréir le Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] 2016 agus Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] (Leasú), ní mór d'iarratasóirí atá le clárú faoi Bhealach 3 – Breisoideachas, fianaise a thabhairt ina leith seo a leanas (ceann amháin ag uimhir 1 agus ag uimhir 2):
- Céim Onóracha Bhaitsiléara ag Leibhéal 8 nó níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) ag a bhfuil ualú creidiúintí CEAC 180 creidiúint ar a laghad
NÓ
- Gnáthchéim Bhaitsiléara ag Leibhéal 7 ar an CNC ag a bhfuil ualú creidiúintí CEAC 180 creidiúint ar a laghad AGUS ceachtar díobh a leanas
(i) Cáilíocht bhreise chuí, nó
(ii) Trí bliana taithí ar a laghad in ionad oibre nó in ionad teagaisc atá ábhartha don cháilíocht.
- Cáilíocht in oideachas múinteoirí Breisoideachais atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta (COM).
Tabhair ar aird: Beidh iarratasóirí a shásaíonn na riachtanais cháilíochta céime thuasluaite ach nach bhfuil COM creidiúnaithe curtha i gcrích acu i dteideal clárú go coinníollach ar feadh tréimhse trí bliana ach ní mór dóibh an riachtanas seo a thabhairt chun críche laistigh den tréimhse sin. Is féidir liosta de chláir chreidiúnaithe a fheiceáil anseo.