FOIRM B do mhúinteoirí Iarbhunscoile a bhfuil Fostaíocht Iarcháilíochta curtha i gcrích acu
Is gá do mhúinteoirí nuacháilithe Iarbhunscoile tréimhse a chomhlánú de:
1. Fostaíocht Iarcháilíochta (PQE), nó
2. Droichead
Do mhúinteoirí Iarbhunscoile a chláraigh roimh an 1 Meitheamh 2020, d’fhéadfadh fostaíocht iarcháilíochta (PQE) a bheith mar rogha i gcúinsí áirithe teoranta mar atá leagtha amach faoi Roinn 2.1 de na Coinníollacha um Chleachtas Gairmiúil Iarcháilíochta – Socruithe Aistrithe (béarla).
Do gach cúinse eile agus do mhúinteoirí a chláraigh tar éis an 1 Meitheamh 2020, is é Droichead an t-aon bhealach ionduchtúcháin.
- Is féidir le múinteoir atá cláraithe le coinníoll PQE/Droichead PQE a chur i gcrích i suíomh incháilithe **:
Má tá sé/sí fostaithe ar conradh gearrthéarma de níos ná 200 uair an chloig * NÓ
má tá sé/sí fostaithe ar shraith de chonarthaí fostaíochta gearrthéarma rollacha nó breisithe * NÓ
meascán ar bith de a agus b thuas.
- *Beidh deimhniú ó phríomhoide na scoile ag teastáil ó mhúinteoirí a dhéanann iarratas le PQE a chur i gcrích maidir leis na conarthaí/tairiscintí fostaíochta faoina raibh an múinteoir fostaithe.
**Is gá do mhúinteoirí atá fostaithe i suíomh incháilithe ar feadh 200 uair an chloig nó níos mó próiseas Droichead a chur i gcrích.
Chun coinníoll PQE a shásamh, ní mór do mhúinteoirí fianaise a chur ar fáil de 300 uair an chloig d’fhostaíocht teagaisc shásúil in Iarbhunscoil aitheanta nó in Ionad Oideachais ina bhfuil ábhar Iarbhunscoile á theagasc. Ní mór do phríomhoide na scoile (nó príomhoidí scoileanna áit a bhfuil níos mó ná scoil amháin i gceist) a leithéid d’fhianaise a dheimhniú agus a shíniú.
Ní mór dhá thrian (200 uair an chloig) ar a laghad den fhostaíocht fhaofa a chaitheamh ag teagasc an ábhair churaclaim/na n-ábhar curaclaim Iarbhunscoile nó na treoirchomhairleoireachta do rang sonraithe de scoláirí ar amchlár na scoile.
Is féidir suas go haon trian (100 uair an chloig) den fhostaíocht fhaofa a dhéanamh i ngníomhaíocht tacaíochta foghlama, riachtanas speisialta, tacaíochta teanga nó i ngníomhaíocht teagaisc eile ar an amchlár. Go hiondúil, socraítear tréimhse trí bliana ar a mhéad ón dáta clárúcháin leis an riachtanas seo a chur i gcrích.
Eolas Breise
Is féidir teacht ar eolas breise sna foilseacháin seo a leanas:
Tá Foirm B ar fáil ar líne trí 'Mo Chlárú': roghnaigh an réimse Mo Choinníollacha agus ansin an cnaipe Féach ar Shonraí i gcoinne do choinníll PQE/Droichead.
FOIRM C do mhúinteoirí Bunscoile a bhfuil an Promhadh curtha i gcrích acu
Tá an fhoirm seo do mhúinteoirí Bunscoile a chuir tús le seirbhís i mí Mheán Fómhair 2010 nó ina dhiaidh sin, le fianaise a chur ar fáil go bhfuil an tseirbhís agus na riachtanais inniúlachta ghairmiúla den phromhadh curtha i gcrích acu.
FOIRM D do mhúinteoirí a bhfuil an próiseas Droichead déanta acu
Do mhúinteoirí atá Droichead críochnaithe acú i dtéarma 1, dul go dtí do coinníollacha Drocihead laistigh de ‘Logáil isteach/Mo Chlárú’ le haghaidh níos mó eolas ar an foirm D.
Tá an leagan Gaeilge den tairseach ar líne á fhorbairt faoi láthair. Le críochnú an phróiséas, tá dhá rogha eatramhacha agat:
- Cuir isteach do chuid sonraí ar líne as Gaeilge ag baint úsáid as an bpróiseas as Béarla trí MoChlárú; nó
- Íoslódáil an foirm-D Droichead bunscoile anseo. Íoslódáil an foirm-D Droichead iarbhunscoile anseo.
Foirm Iarratais ar Shíneadh Ama de Chlárú Coinníollach
Bronntar clárú faoi réir coinníollacha ar mhúinteoirí nár chomhlíon an riachtanas uile do chlárú iomlán. Is féidir le múinteoir iarratas a dhéanamh I scríbhinn ar shíneadh ama dá t(h)réimhse de chlárú coinníollach áit a chuir imthosca maolaitheacha cose air nó uirthi an coinníoll a chur i gcrích. Tá na himthosca leagtha amach go soiléir ar an bhfoirm iarratais lena n-áirítear liosta fianaise atá de dhíth chun tacú leis an iarratas ar shíneadh ama. Tabhair faoi deara, le do thoil, mura gcomhlíonann múinteoirí a gcoinníollacha clárúcháin faoin dáta éaga agus mura ndéanann said iarratas ar shíneadh ama, rachaidh a c(h)lárú i léig. Is iad múinteoirí cláraithe amháin atá i dteideal íocaíocht a fháil ó scoileanna atá maoinithe ag an Stát.
Cuirtear iarratas ar shíneadh ama isteach ar líne trí Mo Chlárú: roghnaigh Mo Choinníollacha, Coinníollacha atá ag dul in éag laistigh de na chéad 6 mhí eile agus ansin an cnaipe Cuir Isteach an tIarratas ar Shíneadh Ama.