Déantar táillí a phróiseáil, ar chúiseanna slándála, nuair a fhaightear iarratas. Ní hionann sin áfach agus iarratas a bheith glactha/formheasta.
Is iad seo a leanas na táillí ar féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta a ghearradh, mar atá faofa ag an Aire Oideachais agus Scileanna de réir an Achta um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001:
Clárúchán Tosaigh | €90 |
Athnuachan Bhliantúil ar Chlárú | €65 |
Athbhunú ar an gClár | €90 |
Ábhair ar an gClár a fhiosrú nó cóip nó sliocht d'iontráil a fháil | €10 (Féach nóta 1) |
Athsholáthar ar Theastas Clárúcháin | €15 |
Litreacha ar Sheasamh Gairmiúil | €25 |
Aitheantas ar Cháilíochtaí
Iarratas tosaigh Ábhair Bhreise (Iar-bhunoideachas amháin) |
€200 €100 |
Athbhreithniú ar Chinneadh | €50 (in-aisíoctha má éiríonn leis) |
Athbhreithniú agus creidiúnú ar chláir d’oideachas tosaigh múinteoirí | €5,000 |
|
Nóta 1 - Ní ghearrtar táille ar bith ar mhúinteoirí a bhíonn ag lorg eolais maidir lena sonraí pearsanta clárúcháin. |