Léargas Ginearálta
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht caighdeán gairmiúla don mhúinteoireacht a dhéanann gairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a rialáil. Gníomhaíonn sí ar mhaithe le leas an phobail agus ag an am céanna seasann sí agus cuireann sí le cáil ghairm na múinteoireachta. Ceann amháin d’fheidhmeanna na Comhairle Múinteoireachta ná gearáin a fhiosrú agus, más gá, fiosrúcháin a eagrú faoi mhúinteoirí cláraithe.
Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna tús feidhme foirmiúil le hAilt 5 d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta, 2001-2015 ar an 25 Iúil 2016 ina bhfuil an Chomhairle in ann gearáin a fháil faoi mhúinteoirí cláraithe agus fiosruithe a reáchtáil agus fiosrúcháin a eagrú, má mheastar go bhfuil gá leo.
Féadfaidh duine ar bith, baill den phobal, fostóirí agus múinteoirí eile san áireamh, gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta í féin gearán a dhéanamh faoi mhúinteoir cláraithe.