Tá na hiarratais le bheith páirteach ag FÉILTE 2023 dúnta anois. Go raibh míle maith agaibh do gach éinne a chuir iarraitas isteach. Beimid i dteangmháil go luath. Is ceiliúradh bliantúil de chuid gairm na múinteoirí faoi stiúir na múinteoirí é FÉILTE a aithníonn an obair a dhéanann tú gach lá i do sheomra ranga. Casann múinteoirí le múinteoirí eile ó bhunoideachas, ó hiarbhunoideachas, agus ó bhreisoideachas ag FÉILTE chun a bpaisean don mhúinteoireacht a roinnt, chun páirt a ghlacadh i bhfoghlaim fhrithpháirteach agus chun spreagadh a fháil ó chomhghleacaithe agus aoichainteoirí araon.
Tá sceitimíní orainn treo nua d'FÉILTE a fhógairt i mbliana. Tá ár n-imeacht ag filleadh ar an scoil! Beidh FÉILTE ar siúl Dé Sathairn, an 7 Deireadh Fómhair, i Scoil an Teaghlaigh Naofa Sóisearach agus Sinsireach , i bPort Laoise. Is é an téama ná An Chruthaitheacht Faoi Lán Seoil, agus tá súil againn go mbeidh tú linn chun obair nuálach agus chruthaitheach na múinteoirí agus ceannairí scoile a cheiliúradh i suíomh aitheanta scoile.
Cén fáth ar chóir duit teacht go FÉILTE 2023? "There is something magical about FÉILTE... Participants come because they know that there is something for them, a space to share and to learn" - Phil Fox, an Leas-Stiúrthóir.
Beidh níos mó ceardlainne ná riamh, in éineacht le seótáispáinteais, Gasta agus plé painéil bhríomhair ar théama "An Chruthaitheacht Faoi Lán Seoil"
An bhfuil fhios agat gur gníomhaíocht foghlama ghairmiúil é FÉILTE ar féidir a úsáid mar chuid de Droichead. Is féidir é a chur san áireamh le haghaidh d'uaireanta Pháirc an Chrócaigh freisin (le cead do Phríomhoide). Cuirfear teastais freastail ar fáil i ndiaidh na hócáide.
Go raibh míle maith agat do chách a chur iarratas isteach chun céardlann nó cás seótaispeántais a stiúradh. Bígí ag faire amach d'eolas faoi thicéid agus faoin gclár anseo agus ar ár suíomhanna meáin shóisialta.