Foghlaim don Uile Dhuine – Sraith seimineár gréasáin beo

Is sraith seimineár gréasáin bheo í Foghlaim don Uile Dhuine ón gComhairle Mhúinteoireachta agus ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST). Reáchtáladh 10 seimineár gréasáin bheo in 2020. Tá na taifeadtaí uile ar fáil thíos. 

Tá an tsraith ar siúl arís ar an 21 Eanáir 2021 agus is é an aidhm chéanna atá i gceist maidir le dea-smaointe a thabhairt le chéile ar fud na bpobal scoile, agus gach duine a chur ar suaimhneas nach bhfuilimid chomh mór sin inár n-aonar is a cheapaimid.

Téigh i dteagmháil le communications@teachingcouncil.ie má tá aon cheisteanna agat. 

Tiocfaidh an samhradh – foghlaim don uile dhuine ar feadh an tsamhraidh agus ina dhiaidh!

Dáta craolta: Déardaoin, an 24 Meitheamh ar 4.00pm

Beidh an séú seimineár gréasáin i sraith 2021 ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ ar siúl Déardaoin, an 24 Meitheamh ar 4pm. Is é a thugtar ar an seimineár gréasáin Tiocfaidh an samhradh – foghlaim don uile dhuine ar feadh an tsamhraidh agus ina dhiaidh!

Tá scoileanna anois ag teacht i dtreo dheireadh an téarma tar éis bliana nach raibh cosúil le bliain riamh roimhe. Tá paindéim Covid-19 tar éis léargas a thabhairt ar chuid mhór dár gcóras oideachais, go háirithe an mothúchán láidir de phobal, caidreamh agus comhoibriú i scoileanna ar fud na tíre.

Cuireadh isteach ar dhaoine ar bhealaí éagsúla i mbliana. Cuireadh isteach ar dhaoine áirithe níos mó ná daoine eile. Ceann amháin de na bealaí a gníomhaíodh maidir leis seo ná cláir oideachais samhraidh mhéadaithe a sholáthar do scoláirí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta chasta acu agus dóibh siúd i mbaol is mó de mhíbhuntáiste oideachasúil.

Sa seimineár gréasáin seo, tairgfidh an painéal comhairle phraiticiúil ó thaobh tacaíocht a thabhairt do scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí i gcaitheamh an tsamhraidh, agus fócas ar leith orthu siúd ar cuireadh isteach orthu go mór de bharr na paindéime. Breathnófar ar thábhacht an phobail agus an chaidrimh trí lionsa an chuimsithe, agus conas is féidir linn tógáil ar na bunluachanna seo agus muid ag dul chun cinn.

Ar an bpainéal tá:

Modhnóir - Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta in Éirinn

  1. Don Golden, Príomhoide Scoil Bernadette, Montenotte
  2. Kate McNerney, Saintreoraí don FGL leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
  3. Terri Doyle, Tuismitheoir scoláire iar-bhunscoile
  4. Amy O’Sullivan, Scoláire ón 5ú bliain
  5. Rory Collins, Seirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST)

Tá cóip de chur i láthair PowerPoint an tseimineáir ghréasáin ar fáil anseo (Béarla).

Ag athshamhlú ar an tairseach – cad é an chéad rud eile atá i ndán do chúrsaí oideachais tar éis Covid?

Dáta craolta: Déardaoin, an 3 Meitheamh ar 3.00pm

Beidh an cúigiú seimineár gréasáin i sraith 2021 ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ ar siúl Déardaoin, an 3 Meitheamh ar 3pm, Am na hÉireann. Is é teideal an tseimineáir ghréasáin ‘Ag Athshamhlú ar an tairseach – cad é an chéad rud eile atá i ndán do chúrsaí oideachais tar éis Covid?’ Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh phainéalaithe as Éirinn, Albain, Ceanada agus an Astráil le bheith rannpháirteach sa phlé.

Ag an seimineár gréasáin seo, beifear ag breathnú ar an gcaoi ar fhorbair cúrsaí oideachais le bliain anuas. Mar thoradh ar an bpaindéim, bhí orainn athmhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí oideachais agus cad é atá tábhachtach dár scoláirí. Mí an Mhárta anuraidh, bhí ar scoileanna ar fud an domhain freagairt thar oíche don chéad phaindéim a bhí ann le céad bliain anuas. Ó shin i leith, d’oibrigh scoileanna go dian leis na pobail chun freastal ar a riachtanais, roinnt riachtanas atá ann le fada agus roinnt riachtanas nua. Is fíor a rá go bhfuil tástáil déanta ar chruthaitheacht agus inniúlacht na gcóras oideachais le bheith nuálach. Conas a d’éirigh linn? Cad a d’fhoghlaimíomar agus conas a d’athraigh ár bhfís maidir le cúrsaí oideachais sa todhchaí?

Tá i bhfad níos mó feasachta ann anois maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an teagasc mar phróiseas sóisialta agus caidrimh, agus ag an am céanna tá tuiscint níos fearr ann anois ar an ngá atá ann go mbeidh timpeallachtaí foghlama ar ardchaighdeán ann do gach scoláire. Conas is féidir linn tógáil ar na smaointe agus cleachtais nua a tháinig chun cinn agus iad a neartú?

Ar an bpainéal tá:

Modhnóir - Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta in Éirinn

  • Ciara O’Donnell, Stiúrthóir na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí in Éirinn.
  • Khadija Mohammed, Léachtóir in Ollscoil Iarthar na hAlban agus Leas-Tionólaí Chomhairle Mhúinteoireachta Ghinearálta na hAlban.
  • Andy Hargreaves, Ollamh Taighde i Scoil Oideachais Lynch i gColáiste Bhostúin.
  • Deborah Netolicky, Comhlach in Ollscoil Murdoch agus Ceann Teagaisc agus Foghlama i bPobalscoil Anglacánach Naomh Marcas (St. Mark’s Anglican Community School), an Astráil.

Tá cóip de chur i láthair PowerPoint an tseimineáir ghréasáin ar fáil anseo (Béarla).

Nasc nó Ábhar: Foghlaim a Cailleadh á Fáil ar Ais?

Dáta craolta: Dé Céadaoin, 28 Aibreán ag 4.30pm

Beidh an ceathrú webinar i sraith 2021 ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ ar siúl Dé Céadaoin, 28 Aibreán ag 4.30pm. Is é a thugtar ar an seimineár gréasáin  ‘Ceangal nó Ábhar: An Fhoghlaim Chaillte a Ghnóthú?’.

Is léir go bhfuil forbairt déanta diaidh ar ndiaidh ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim le bliain anuas. Tá cumas ollmhór léirithe ag múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí le dul i dtaithí ar chúrsaí, athrú a dhéanamh agus tabhairt faoi na dúshláin atá curtha i láthair, le chéile.

Bliain nár tharla riamh cheana a bhí ann in oideachas na hÉireann. Agus scoileanna ag tabhairt faoin téarma deiridh, tá cuid mhór díobh imníoch faoi cad ar chóir dóibh díriú air agus ní nach ionadh. Go minic is féidir lena bhfuil á rá ag na meáin maidir le “foghlaim chaillte” an t-imní sin a dhéanamh níos measa do chách.

Is é fócas an tseimineáir ghréasáin seo tacú leis an bhfilleadh ar scoil agus féachaint ar na ceisteanna tábhachtacha is gá dúinn a bheith ag plé. Cad é atá tábhachtach i ndáiríre d’fhoghlaimeoirí? Más rud é gur fhoghlaimíomar cé chomh casta agus atá an teagasc le bliain anuas, agus cé chomh tábhachtach agus atá an caidreamh sóisialta le haghaidh an teagaisc agus na foghlama, conas is féidir linn na léargais nua seo a léiriú agus muid ag filleadh ar scoileanna?  

Beidh ár bpainéalaithe i mbun comhrá oscailte agus chuimsithigh agus tá súil againn go dtabharfaidh sé treoir duit chun rogha a dhéanamh faoi cad é an cur chuige is fearr le haghaidh do scoile, do ranga agus do scoláirí.

Ar an bPainéal beidh:

Éascaitheoir - Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta

  1. Emer Neville, Scoláire ón 6ú bliain i Meánscoil na Toirbhirte, Cluain Meala.
  2. Aidan Roche, Múinteoir Iar-bhunscoile agus Príomhoide Cúnta I i gColáiste Bríde, Inis Córthaidh.
  3. Sinead Greene, Cigire Iar-bhunscoile d’Oideachas Speisialta, Eolaíocht agus Bitheolaíocht. 
  4. Realtín Berry, Ceannaire Foirne STEM Bunscoile leis an SFGM (PDST).
  5. Avril Byrne, Tuismitheoir

Tá cóip de chur i láthair PowerPoint an tseimineáir ghréasáin ar fáil anseo (Béarla).

An Cheannaireacht ag gach leibhéal – Caidreamh a Dhéanamh le Daoine Eile, Ag Dul i gComhpháirtíocht le Daoine Eile agus Cumhacht a Thabhairt do Dhaoine Eile

Dáta craolta: Dé Céadaoin, 24 Márta ag 4.30pm

Fáilte chuig an tríú seimineár gréasáin i sraith 2021 ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ ón gComhairle Mhúinteoireachta agus ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) ina bhfuil sé mar aidhm againn tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim agus dea-smaointe a thabhairt le chéile ar fud na bpobal scoile.

Tá an seimineár gréasáin seo ag díriú ar an gceannaireacht inár scoileanna i rith na hathoscailte céimnithe, agus leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh agus leis na comhpháirtíochtaí laistigh de phobal na scoile. Is áiteanna casta iad scoileanna a bhíonn ag forbairt diaidh ar ndiaidh, inar féidir le ceannaireacht éifeachtach agus inbhuanaithe a bheith ina tasc dúshlánach.

Pléifidh an painéal an ról atá ag pobal uile na scoile sa cheannaireacht agus an ról atá aici le cumhacht a thabhairt do mhúinteoirí, tuismitheoirí, scoláirí agus daoine eile. Beidh béim ar leith ar na ceannairí meánacha sa chiall is leithne den téarma sin.

Tá fáilte romhat topaicí nó ceisteanna a chur isteach sa bhosca thíos agus cuirfimid iad ar aghaidh go dtí an painéal, ar a mbeidh na daoine seo a leanas:

Éascaitheoir - Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta

  • Cillian Doyle, Scoláire, Scoil na mBráithre Críostaí (CBS), Loch Garman
  • Jennifer Cherry, Tuismitheoir agus Ceannaire ATP i Scoil Náisiúnta Shóisearach Naomh Proinsias Xavier
  • Linda Rogers, Múinteoir i bPobalscoil na Gráinsí, Loch Garman
  • Rachel O’Connor, Príomhoide Phobalscoil na Gráinsí, Loch Garman
  • Stephen Gammell, Ceannaire Foirne leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST)

Tá cóip de chur i láthair PowerPoint an tseimineáir ghréasáin ar fáil anseo (Béarla).

Gheobhaidh tú thíos liosta d’acmhainní agus tacaíochtaí breise a luaitear le linn an seimineár gréasáin:

PDST Leadership supports

Partnership Schools Ireland

Comhairle na nÓg

GAA Future Leaders Transition Year Programme

Irish Second-Level Students’ Union

Student Learning Communities

Book: Uplifting Leadership by Andy Hargreaves, Alan Boyle and Alma Harris

Ag Díriú ar an Am i Láthair – Ag Tacú le Scoláirí a bhfuil Riachtanais Oideachais Bhreise agus Riachtanais Speisialta Oideachais acu

Dáta craolta: Dé Céadaoin, 24 Feabhra ag 4.30pm

Beidh an dara seimineár gréasáin i sraith 2021 ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ ar siúl Dé Céadaoin, 24 Feabhra ag 4.30pm. Is é a thugtar ar an seimineár gréasáin ‘Ag Díriú ar an Am i Láthair – Ag Tacú le Scoláirí a bhfuil Riachtanais Oideachais Bhreise agus Riachtanais Speisialta Oideachais acu’.

Cláraigh le haghaidh d’áit anseo.

Beidh an painéal ag díriú ar thacaíocht a thabhairt don teagasc agus don fhoghlaim dóibh siúd a bhfuil riachtanais oideachais bhreise agus riachtanais speisialta oideachais acu, ar a dtugtar RSO freisin. Beidh an deis ag na daoine ar an bpainéal cuntas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil siad ag déileáil le cúrsaí faoi láthair, ag filleadh ar scoil san áireamh, rudaí atá ag oibriú go maith dóibh agus na dúshláin atá rompu. Pléifear an tábhacht a bhaineann le bheith i dteagmháil le chéile agus le bheith ag díriú ar a bhfuil tábhachtach díreach anois.

Cabhróidh an seimineár gréasáin linn machnamh a dhéanamh ar dhúnadh na scoileanna an bhliain seo caite agus breathnú ar cad atá difriúil an uair seo, agus cad a d’fhan mar an gcéanna. Déanfar múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí agus scoláirí a threorú freisin chuig tacaíochtaí agus treoir atá praiticiúil.

Ar an bPainéal beidh:

Éascaitheoir Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta

  • Don Golden, Príomhoide Scoil Bernadette, Montenotte
  • Geraldine O’Loughlin, Comhairleoir de chuid na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)
  • Terri Doyle, Tuismitheoir de scoláire iarbhunscoile
  • Heather O'Doherty, Múinteoir rang speisialta as ETNS Theach na Giúise
  • Megan Murphy Fields, Scoláire iarbhunscoile

Tá cóip de chur i láthair PowerPoint an tseimineáir ghréasáin ar fáil anseo (Béarla).

Gheobhaidh tú thíos liosta d’acmhainní agus tacaíochtaí breise a luaitear le linn an seimineár gréasáin:

Plus ꞔa Change – An Fhoghlaim Ionchuimsitheach á Cothú an Athuair

Dáta craolta: Déardaoin, 21 Eanáir 2021 ag 4.30pm

Bhí an chéad seimineár gréasáin de shraith 2021 ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ ar siúl Déardaoin, an 21 Eanáir ag 4.30pm. Is é a thugtar ar an seimineár gréasáin ‘Plus ꞔa Change – An Fhoghlaim Ionchuimsitheach á Cothú an Athuair’.

Ag an gcéad seimineár gréasáin de 2021 ‘Plus ꞔa Change – An Fhoghlaim Ionchuimsitheach á Cothú an Athuair’ tugadh faoi cheisteanna a bhaineann leis na deiseanna agus dúshláin atá ann maidir leis an mbealach le foghlaim a dhéanamh faoi láthair. Díríodh go háirithe ar chomhthéacsanna DEIS agus an oideachais ionchuimsithigh agus rinne an painéal plé agus thug sé treoir maidir leis na tacaíochtaí praiticiúla atá ar fáil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí. Bhreathnaíomar arís ar an tábhacht a bhaineann le pobail scoile a bheith ag teacht le chéile le bealaí oibre inbhuanaithe a chinntiú le haghaidh gach duine.

Ar an bPainéal bhí:

  • Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Michael McNamara, Ceannaire Foirne, Teicneolaíochtaí Digiteacha PDST
  • Catherine Doolan, Stiúrthóir Ionad Oideachais Laoise
  • Mathew Colgan, Scoláire iarbhunscoile agus Rúnaí ISSU
  • Emmet Fahy, Tuismitheoir de thriúr leanaí bunscoile
  • Orla Conway, Múinteoir iarbhunscoile agus Príomhoide Cúnta

Tá cóip de chur i láthair PowerPoint an tseimineáir ghréasáin ar fáil anseo.

Súil Siar, Súil Aniar - Ag Breathnú Siar agus Ag Féachaint Romhainn

Dáta craolta: Dé hAoine, 19 Meitheamh, 12pm

Súil Siar, Súil Aniar - Ag Breathnú Siar agus Ag Breathnú Romhainn’ a bhí ar an deichiú seimineár gréasáin, an ceann deireanach, sa tsraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ don tréimhse scoile 2019/2020. Sruthaíodh beo é Dé hAoine, 19 Meitheamh ar 12pm.

Bhain fócas an tseimineáir gréasáin leis an bhfilleadh ar scoil, agus súil siar ar an méid a tharla le roinnt míonna anuas.

Ar an bpainéal, bhí

  • Evin Fleming, Scoláire ag tosú i mbliain a cúig i Scoil Chonglais, Bealach Conglais
  • Dympna Daly, Stiúrthóir Ionad Oideachais Chorcaí Thiar
  • Daniel Hyland,  Príomhoide Choláiste an Chláirín, Baile Átha an Rí
  • Sonya Ryan, Tuismitheoir
  • Karina Hanley,  Múinteoir bunscoile

Gheofar cóip le híoslódáil anseo den PowerPoint a úsáideadh sa seimineár gréasáin.

Léargas Idirnáisiúnta: A Bhfuil ag Tarlú i dTíortha Eile

Dáta craolta: Dé hAoine, 29 Bealtaine, 12pm

Léargas Idirnáisiúnta - A Bhfuil ag Tarlú i dTíortha Eile’ a bhí ar an naoú seimineár gréasáin sa tsraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’. Sruthaíodh beo é Dé hAoine, 29 Bealtaine ar 12pm.

Ar an bpainéal don seimineár gréasáin sin bhí

  • Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, Éire
  • Andy Hargreaves, Ollamh Taighde i Scoil Oideachais Lynch, Boston College
  • Ciara O’Donnell, Stiúrthóir Náisiúnta, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, Éire
  • Deanne Fishburn, Stiúrthóir, Queensland College of Teachers, an Astráil
  • Andreas Schleicher, Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Oideachais agus Scileanna, OECD, an Fhrainc
  • Deborah Netolicky, Ceann Múinteoireachta agus Foghlama, St Mark's Anglican Community School, an Astráil

Gheofar cóip le híoslódáil anseo den PowerPoint a úsáideadh sa seimineár gréasáin.

Gheofar cóip anseo de na sleamhnáin ar thagair Andreas Schleicher dóibh le linn an tseimineáir gréasáin. Ar an drochuair áfach, níor éirigh linn iad a thaispeáint le linn an tseisiúin bheo.

Tacaíocht don Mheasúnú Ar Líne agus don Aiseolas Ar Líne

Dáta craolta: Dé Máirt, 26 Bealtaine, 12pm

Tacaíocht don Mheasúnú ar Líne agus Aiseolas’ a bhí ar an ochtú seimineár gréasáin sa tsraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’. Sruthaíodh beo é Dé Máirt, 26 Bealtaine ar 12pm

Bhí príomhphainéal i gceist agus tacaíocht acu ó phainéal tánaisteach.

Ar an bpríomhphainéal bhí

  • Patrick Looby, scoláire bhliain a dó - Gaelcholáiste Luimnigh
  • Clare Downey, tuismitheoir a bhfuil triúr páistí aici, iad idir naoi mbliana d’aois agus naoi mbliana déag d’aois, agus í ina Bainisteoir Seirbhíse “Early Years” don Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse.
  • Nuala Taffe, Leas-Stiúrthóir Beartas, Taighde agus Dearadh, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí

Painéal tánaisteach

  • Siobhán Ní Uptáin,  Múinteoir Bunscoile rang a haon agus a dó
  • Stephanie Kelly,  Leas-Phríomhoide Bunscoile agus SET
  • Stephanie Hodgers,  Múinteoir Iar-Bhunscoile Ealaíne
  • Pauric O'Donnell,  Múinteoir Iar-bhunscoile Ríomheolaíochta

Gheofar cóip le híoslódáil anseo den PowerPoint a úsáideadh sa seimineár gréasáin.

Teagasc agus Foghlaim Ar-líne agus As-líne – Oideachas Trí Mheán na Gaeilge

Dáta craolta: Dé Máirt, 19 Bealtaine, 12pm

Teagasc agus Foghlaim ar líne agus as líne – Oideachas Trí Mheán na Gaeilge’ a bhí ar an seachtú seimineár gréasáin sa tsraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’. Sruthaíodh beo é Dé Máirt, 19 Bealtaine ar 12pm

Ar an bpainéal don seimineár gréasáin seo bhí:

  • Phil Fox, Cathaoirleach agus Leas Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Seosaimh Mac an Iomaire - Ceannaire Foirne Gaeilge don tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
  • Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
  • Caoilfhionn Ní Ghoill, Coláiste Naomh Éinne, Cill Rónain, Inis Mór
  • Deirble Nic Conghamhna, Príomhoide Scoil Neasáin, Baile Hearman, Baile Átha Cliath 5
  • Lorna Ní Choistealbha, Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Gaillimh

Is féidir cóip de PowerPoint a íoslódáil anseo.

Cách i gCeannas, Cách ag Foghlaim - Ag Tacú le Ceannairí Scoile

Dáta craolta: Dé Máirt, 12 Bealtaine 2020, 12pm

Na Leibhéil Uile Cheannais, Foghlaim don Uile Dhuine - Tacaíocht do Cheannairí Scoile’ a bhí ar an séú seimineár gréasáin sa tsraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’. Sruthaíodh beo é Dé Máirt, 12 Bealtaine ar 12pm

Ar an bpainéal don seimineár gréasáin seo bhí:

  • Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Bernard McHale, Ceannaire Foirne Ceannasaíochta, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
  • Cecilia Munro, Príomhoide Choláiste Breisoideachais Bhaile Formaid, Baile Átha Cliath 12
  • Páiric Clerkin, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Líonra Phríomhoidí Bunscoile Éireann
  • Mary Gallagher, Leas-Phríomhoide: agus comhordaitheoir RSO, Bunscoil Naomh Iósaef, Tulach Mhór
  • Kieran Golden, iar-Uachtarán Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na bPríomhoidí Tánaisteacha agus Príomhoide Phobalscoil Bhaile na mBocht, Cathair Chorcaí

Gheofar cóip le híoslódáil anseo den PowerPoint a úsáideadh sa seimineár gréasáin.

Múinteoireacht agus Foghlaim ar Leibhéal an Bhunoideachais, As Líne agus Ar Líne

Dáta craolta: Dé hAoine 8 Bealtaine 2020, 12pm

Múinteoireacht agus Foghlaim ar Leibhéal an Bhunoideachais, As Líne agus Ar Líne’ a bhí ar an gcúigiú seimineár gréasáin sa tsraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’. Sruthaíodh beo é Dé hAoine, 8 Bealtaine ar 12pm.

Ar an bpainéal don seimineár gréasáin seo bhí:

  • Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Caoimhe McLaughlin, Ceannaire Foirne Dearadh & Taighde FGL don tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
  • Tiernan O’Neill, Príomhoide Bhunscoil Corpus Christi, Maigh Rois, Luimneach
  • Caoimhe Ní Dhaghnáin, Dalta ó Rang a Sé i nGaelscoil Mhichíl Cíosóg, Inis, Co. an Chláir
  • Deirdre O’ Donovan, Tuismitheoir
  • Eimear Dilleen, Múinteoir Bunscoile in dhá bhunscoil tuaithe in oirthear Cho. an Chláir

Bhí deacracht theicniúil againn leis an taifeadadh, ar an drochuair, agus níl fáil ach ar an bhfuaimraon agus an PowerPoint. Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht.

Gheofar cóip le híoslódáil anseo den PowerPoint a úsáideadh sa seimineár gréasáin.

Múinteoireacht agus Foghlaim ar Leibhéal an Iar-bhunoideachais, As Líne agus Ar Líne

Dáta craolta: Dé Máirt 5 Bealtaine 2020, 12pm

Múinteoireacht agus Foghlaim ar Leibhéal an Iar-bhunoideachais, As Líne agus Ar Líne’ a bhí ar an gceathrú seimineár gréasáin sa tsraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’. Sruthaíodh beo é Dé Máirt, 5 Bealtaine ar 12pm

Ar an bpainéal don seimineár gréasáin seo bhí:

  • Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Anthony Kilcoyne, Leas-Stiúrthóir Teicneolaíochtaí Digiteacha, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
  • Tony Collison, Príomhoide Mhainéar Áth na Carraige, an Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath
  • Vivienne Hogan, Leas-Phríomhoide Choláiste Pobail Thuamhan, Luimneach
  • Anna Merrick, Tuismitheoir agus Múinteoir Breisoideachais, Coláiste Breisoideachais an Phiarsaigh, Cromghlinn, Bhaile Átha Cliath 12.
  • Lisa Noone, Ceannaire Foirne Gníomhach Folláine & Sláinte Bunoideachais, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí

Gheofar cóip le híoslódáil anseo den PowerPoint a úsáideadh sa seimineár gréasáin.

Riachtanach do Chuid Againn, Go maith Dúinn ar Fad - Tacaíocht ó Chian do Scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (RSO)

Dáta craolta: Dé Máirt, 28 Aibreán 2020, 12pm

Riachtanach do Chuid Againn, Go maith Dúinn ar Fad - Tacaíocht ó Chian do Scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (RSO)’ a bhí ar an tríú seimineár gréasáin sa tsraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’. Sruthaíodh beo é Dé Máirt, 28 Aibreán ar 12pm.

Ar an bpainéal don seimineár gréasáin seo bhí:

  • Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Rachel Markey, Múinteoir Bunscoile agus Saintreoraí maidir le Forbairt Polasaí agus Cleachtais leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)
  • Ben Rowsome, Scoláire
  • Rachel Moynagh, Príomhoide Scoil Speisialta an Teaghlaigh Naofa, Muinchille, Co. an Chabháin
  • Ian McMorrough, Tuismitheoir
  • Ann Marie Caulfield, Múinteoir Iar-Bhunscoile agus Comhordaitheoir RSO, Meánscoil Iósaif, An Ros, Co. Bhaile Átha Cliath

Bhí PowerPoint agus bileoga ag gabháil leis an seimineár gréasáin:

An pobal a aontú: Bealaí nua chun fanacht i dteagmháil

Dáta craolta: Dé Máirt 21 Aibreán 2020, 12pm

An pobal a aontú: Bealaí Cruthaitheacha chun a bheith i dteagmháil’ a bhí ar an dara seimineár gréasáin sa tsraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’. Sruthaíodh beo é Dé Máirt, 21 Aibreán ar 12pm.

Ar an bpainéal don seimineár gréasáin seo bhí:

  • Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Jason Byrne, Múinteoir Bunscoile - Comhordaitheoir Teagmhála Baile, Scoile agus Pobail, Gaillimh
  • Rachel O’Connor, Príomhoide Iar-bhunscoile, Scoil Phobail na Gráinsí, Loch Garman
  • Scoláire Iar-bhunscoile
  • Ciara Delaney, Ceann Foirne SFGM - Sláinte agus Folláine
  • Mary O’ Mahony, Tuismitheoir

Gheofar cóip le híoslódáil anseo den PowerPoint a úsáideadh sa seimineár gréasáin.

Ag Foghlaim sa Bhaile: Bímis ar líne nó as líne

Dáta craolta: Dé Máirt 31 Márta 2020, 12pm

Maidir lenár sraith ‘Foghlaim don Uile Dhuine’, b’é an chéad seimineár gréasáin sa tsraith ‘Ag Foghlaim sa Bhaile: Bímis ar líne nó as líne

Ar an bpainéal don seimineár gréasáin seo bhí:

  • Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Jack Kennedy, scoláire i mBliain a Cúig, Scoil na mBráithre Críostaí, Inis Díomáin
  • Marie-Therese Kilmartin, Príomhoide Choláiste Bríde, Meánscoil na Toirbhearta, Cluain Dolcáin
  • Danielle Conaty, Múinteoir Eacnamaiochta Baile, Scoil Chuimsitheach San Clár, Cluainín
  • Michael McNamara, Ceann Foirne SFGM - Teicneolaíochtaí Digiteacha
  • Áine Lynch, POF Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Bunscoile

Gheofar cóip le híoslódáil anseo den PowerPoint a úsáideadh sa seimineár gréasáin.