Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 i ngníomh ar an 15 Iúil 2014. Tá sé i gceist go gcuirfeadh an tAcht creat láidir reachtúil ar fáil ionas gur féidir le hoibrithe ábhar imní a ardú faoi éagóiritheoireacht fhéideartha atá tugtha faoi deara acu sa láthair oibre, agus a fhios acu go bhfuil tarraingt acu ar chosaint shuntasach fostaíochta agus eile má dhéanann a bhfostóir iad a phionósú nó má fhulaingíonn siad aimhleas ar bith as sin a dhéanamh.
Tá de dhualgas ar an gComhairle faoin reachtaíocht (i) beartas a chur in áit d'oibrithe a thagann faoi shainchúram díreach na Comhairle, agus (ii) beartas seachtrach um nochtadh cosanta a chur in áit d'oibrithe/d'fhostaithe eagraíochtaí eile maidir le hábhair a thagann faoi théarmaí tagartha an Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta.
Is mar seo a mhínítear raon feidhme na n-ábhar sin.
- Gairm na múinteoireachta agus iompar gairmiúil múinteoirí a rialáil:
- Caighdeáin a bhunú, agus cothabháil agus feabhsú na gcaighdeán sin a chur chun cinn, maidir le: cláir oideachais agus oiliúna do mhúinteoirí: múinteoireacht, eolas, oilteacht agus inniúlacht múinteoirí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta: agus iompar gairmiúil múinteoirí:
- Oideachas agus oiliúint leanúnach agus forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a chur chun cinn.
Rinne an Chomhairle a beartas seachtrach um nochtadh cosanta a fhaomhadh le deireanas, agus tugtar anseo é.
Duine seachtrach é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar féidir le hoibrí nochtadh cosanta a dhéanamh leis, a fhad is go dtagann an nochtadh faoi raon feidhme obair na Comhairle Múinteoireachta.
Tugtar thíos roinnt ceisteanna coitianta faoi nochtaí cosanta, agus faoin uair is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Má tá tuilleadh eolais uait faoi nochtadh cosanta a dhéanamh le Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, déan teagmháil, le do thoil, le:
Phil Uas. Fox - Leas-Stiúrthóir – 01 651 7900 nó Carmel Uas. Kearns – Oifigeach Oideachais – 01 651 7900