Grinnfhiosrú

Tá sé de cheanglas faoi na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 (Acht NVB) go ndéanfaidh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (an Biúró) grinnfhiosrúchán do mhúinteoirí in Éirinn agus ní mór di measúnú a dhéanamh ar an nochtadh grinnfhiosrúcháin i dtaca le hoiriúnacht do chlárúchán. Tá sé de cheanglas ar scoil an nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil agus a mheas do chúiseanna fostaíochta.

Má tá tú ag obair i scoil nó má tá baint agat le scoil, agus más rud é nach múinteoir tú, ba chóir duit dul i dteagmháil le príomhoide na scoile, a fhéadfaidh caidreamh a dhéanamh leis an údarás cuí ar do shon e.g. oifig na deoise, comhlacht bainistíochta, etc.

Cuireann grinnfhiosrúchán an gharda a dhéanann an Biúró nochtadh grinnfhiosrúcháin ar fáil a thugann cur síos ar thaifead coiriúil (más ann dó) a sholáthar, a bhfuil cinneadh déanta ag Príomhoifigeach Biúró an Bhiúró gur chóir a nochtadh.