Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag cur tús le hath-ghrinnfhiosrú na múinteoirí cláraithe ar fad i 2019/2020.
Cinnteoidh sé sin go mbeidh grinnfhiosrú measartha nua ag na múinteoirí ar fad, sa chás go bhfógródh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais timthriall ath-ghrinnfhiosrúcháin i gcás gach duine a bhíonn ag obair le leanaí nó le daoine soghonta.
Eiseofar iarraidh chun dul faoi ath-ghrinnfhiosrú, ar bhonn pleanáilte, chuig múinteoirí a bhfuil Nochtadh ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin acu atá trí bliana d’aois.
Féadfaidh tú tús a chur leis an bpróiseas ath-ghrinnfhiosrúcháin trí logáil isteach tríd Mo Chlárú.
Féadfaidh múinteoirí a chomhlíonfaidh an iarraidh ath-ghrinnfhiosrúcháin a dtáille athnuachana a íoc nuair a bheidh sé dlite chun fanacht ar Chlár na Múinteoirí. I gcás ciontú nó ionchúiseamh ar feitheamh áfach, ní dheimhneofar an clárú go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle an nochtadh a bhreithniú.
Céard a tharlaíonn mura gcuirim isteach ar ath-ghrinnfhiosrú nuair a iarrtar orm?
Mura gcomhlíonfar an iarraidh ghrinnfhiosrúcháin, is féidir nach ndéanfar an clárú a athnuachan.
Múinteoirí nach bhfuil cláraithe leis an gComhairle, ní féidir leo tuarastal Státmhaoinithe a fháil agus bheadh orthu an próiseas iarratais ar fad a dhéanamh chun filleadh ar an gClár. B’fhéidir go dtógfadh sé tamall sula mbeadh an próiseas curtha i gcrích, agus mar chuid den phróiseas bíonn foirm iarratais mhionsonraithe le seoladh ar aghaidh, fianaise cháilíochtaí a chur ar fáil, agus próiseas grinnfhiosrúcháin an BNG (NVB) a chur díot. Níl siardhátú clárúcháin, chun tréimhse neamhchlárúcháin a chlúdach, ceadaithe faoin dlí.
Cá bhfaighidh mé breis eolais faoin ngrinnfhiosrú agus faoin gclárú?
Múinteoirí cláraithe atá ag iarraidh a stádas grinnfhiosrúcháin a sheiceáil, féadfaidh siad logáil isteach ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta www.teachingcouncil.ie faoi Mo Chlárú.
Féach na Ceisteanna Coitianta ar an suíomh gréasáin, le do thoil, le haghaidh breis eolais faoin bpróiseas ath-ghrinnfhiosrúcháin.
Cá bhfaighidh mé breis eolais faoi ghrinnfhiosrú agus fostaíocht?
Leanfaidh na riachtanais ghrinnfhiosrúcháin faoi Chiorclán 0031/2016 (Béarla) i bhfeidhm i gcónaí i gcás gach múinteoir atá ag athrú fostaíochta.