Do Stádas Grinnfhiosrúcháin a Sheiceáil

Múinteoirí a rinne iarratas grinnfhiosrúcháin le deireanas

D'eisigh an Chomhairle Mhúinteoireachta fógra le deireanas chuig líon mór múinteoirí ar cuid den tionscadal ath-ghrinnfhiosrúcháin iad. Leis an lear mór iarratas atá ag teacht isteach agus á bpróiseáil faoi láthair, seans go nglacfaidh sé níos faide ná an ghnáth-thréimhse 5 lá chun na hiarratais a phróiseáil.

Má rinne tú iarratas ar ghrinnfhiosrú le deireanas agus tú ag iarraidh stádas d'iarratais a sheiceáil leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, níl le déanamh ach logáil isteach ar shuíomh gréasáin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin

Bíonn uimhir an iarratais grinnfhiosrúcháin/ ID an iarratais ag teastáil, an uimhir a eisíodh i ríomhphost nuair a d’éirigh leat iarratas grinnfhiosrúcháin a dhéanamh.

Múinteoirí a n-iarrfar orthu ath-ghrinnfhiosrú a dhéanamh

Má tá do Nochtadh ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin trí bliana d’aois, beidh an Chomhairle Mhúinteoireachta i dteagmháil leat as seo go ceann cúpla mí ag iarraidh ort an próiseas faoin tionscadal ath-ghrinnfhiosrúcháin a dhéanamh. Téigh chuig an leathanach Ath-ghrinnfhiosrú chun tuilleadh eolais a fháil ar ath-ghrinnfhiosrú do mhúinteoirí cláraithe.

Féadfaidh Múinteoirí cláraithe atá ag iarraidh a gcuid sonraí grinnfhiosrúcháin a sheiceáil logáil isteach sa tairseach MoChlárú. Nuair a bheidh logáil isteach rathúil déanta acu, féadfaidh siad breathnú ar an bhfaisnéis ghrinnfhiosrúcháin is déanaí atá ag an gComhairle Mhúinteoireachta ina dtaobh, faoin rogha “Sonraí Grinnfhiosrúcháin”.

                                             

NVB Vetting GA