Bíonn grinnfhiosrú de dhíth ar mhúinteoirí don chlárú tosaigh, d'athnuachan chlárúcháin (ath-ghrinnfhiosrú) agus chun críche fostaíochta.
Clárú
Múinteoirí a dhéanann iarratas ar chlárú, caithfear iad a ghrinnfhiosrú tríd an gComhairle Mhúinteoireachta mar go gceanglaítear orthu fianaise dhoiciméadach agus eile a chur ar fáil ionas go mbeidh an Chomhairle in ann í féin a shásamh gur duine cuí oiriúnach duine a nglactar leis/léi ar an gclár, de réir mar a leagtar amach in Alt 31(5)(b) d’Achtanna na Comhairle Múinteoireachta 2001 go 2012 agus in Alt 10(1)(b) de Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] 2016 agus Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] (Leasú) 2016.
Clárú a Athnuachan (Ath-ghrinnfhiosrú)
Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag cur tús le hath-ghrinnfhiosrú na múinteoirí cláraithe ar fad ar bhonn timthriall trí bliana. Cinnteoidh sé sin go mbeidh grinnfhiosrú measartha nua ag na múinteoirí ar fad, sa chás go bhfógródh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais timthriall ath-ghrinnfhiosrúcháin i gcás gach duine a bhíonn ag obair le leanaí nó le daoine soghonta.
Leagtar amach na riachtanais ath-ghrinnfhiosrúcháin in
Alt 33(5) (a) de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 go 2015 agus i
Rialachán 4 (SI557) de Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Clárú) (Leasú) 2016
Féadfaidh múinteoirí cláraithe a stádas grinnfhiosrúcháin a sheiceáil trí logáil isteach sa rannóg Mo Chlárú.
Fostaíocht
Leagtar amach i gCiorcláin na Roinne Oideachais agus Scileanna na riachtanais ghrinnfhiosrúcháin i gcás múinteoirí a dhéanann iarratas grinnfhiosrúcháin chun críche fostaíochta.
- Leagtar amach i gCiorclán 0031/2016 na riachtanais maidir le nósanna imeachta i leith grinnfhiosrúháin chun críche fostaíochta nó athrú fostaíochta
- Is ceadmhach don Chomhairle, ag féachaint don eolas i nochtadh múinteora chláraithe a d'iarr grinnfhiosrú chun críche fostaíochta, an t-eolas sin a mheasúnú agus a bhreithniú faoi Chuid 5 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 go 2012.