Treoirlínte - Measúnacht maidir le Cuibheas agus Oiriúnacht

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht do chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a dhéanann gairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a rialáil. Gníomhaíonn sí ar son leas an phobail, agus tacaíonn sí agus cuireann sí le dea-cháil ghairm na múinteoireachta ag an am céanna.

Leagtar síos in Alt 31 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015 na coinníollacha faoina nglactar le múinteoirí nua-iontrála ar Chlár na Múinteoirí.  Caithfidh an Chomhairle a bheith sásta gur duine cuí oiriúnach duine a nglactar leis/léi ar an gclár agus féadfaidh sí nochtú grinnfhiosrúcháin, suimisin, fianaise dhoiciméadach agus eile a lorg ón iarratasóir.

Leagtar síos in Alt 33 de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015 na riachtanais atá le comhlíonadh chun clárú a athnuachan.  Féadfaidh an Chomhairle nochtú grinnfhiosrúcháin, suimisin, fianaise dhoiciméadach agus eile a lorg chun go bhféadfaidh an Chomhairle í féin a shásamh maidir le múinteoir cláraithe gur duine cuí oiriúnach é/í lena c(h)lárú a athnuachan.

Is iad an Painéal Fianaise ar Charachtar, painéal de chuid na Comhairle Múinteoireachta, atá freagrach as measúnuithe i leith duine cuí oiriúnach. Má dhiúltaíonn an Painéal iarratasóir a chlárú nó má chuireann siad coinníollacha le clárú an iarratasóra, féadfaidh an t‑iarratasóir iarraidh ar Ghrúpa Athbhreithinithe an Choiste Chlárúcháin cinneadh an Phainéil a athbhreithniú.

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis na doiciméid seo a leanas a chur le chéile chun cuidiú leis an bPainéal Fianaise ar Charachtar agus leis an nGrúpa Athbhreithnithe ina gcuid measúnuithe i leith duine cuí oiriúnach.