Leanúntas in Oideachas Múinteoirí
Mar an comhlacht gairmiúil don mhúinteoireacht in Éirinn, tá raon feidhmeanna ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bhaineann le hoideachas múinteoirí. Baineann na feidhmeanna seo le gach céim de ghairm na múinteoireachta ó chláir oideachais tosaigh mhúinteoirí, creidiúnú na gclár sin, múinteoirí nuacháilithe a ionduchtú sa ghairm, mar aon le forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí le linn na gairme.
Tar éis tréimhse comhairliúcháin, d’fhoilsigh an Chomhairle a Páipéar Polasaí ar an Leanúntas in Oideachas Múinteoirí chomh maith le sraith doiciméad coimhdeach. Cuireann sé seo creat ar fáil d’fheidhmeanna na Comhairle maidir le hoideachas múinteoirí.