Droichead: An Chreatlach Ionduchtúcháin Ghairmiúil Chomhtháite

Droichead is ea creatlach ionduchtúcháin ghairmiúil chomhtháite do mhúinteoirí nuacháilithe.Droichead Logo

Rinneadh Droichead a dhearadh i gcomhar leis an ngairm chun tábhacht an ionduchtúcháin do mhúinteoirí nua a léiriú nuair a chuirtear fáilte rompu go foirmiúil isteach sa ghairm is tábhachtaí sa tsochaí. Tá sé bunaithe ar an bprionsabal gurb é an dream is fearr le tabhairt faoin bhfáilte ghairmiúil seo ná na comhghleacaithe a bhfuil eolas ábhartha agus mion den teagasc agus foghlaim acu ina scoileanna faoiseach.

In Droichead , aithnítear éifeachtacht na gclár athchoincheaptha den oideachas tosaigh múinteoirí agus go háirithe an socrúchán scoile breisithe, agus na múinteoirí faoi oiliúint á n-ullmhú go gairmiúil. Tógann sé ar an gcéim sin, mar an pointe tosaigh sna réimsí don fhoghlaim bhreise a d’aithin an MNC i gcomhar leis an Institiúid Ardoideachais mar chuid den taithí socrúcháin scoile. Ag an am céanna, aithnítear ann gur céim ar leith é an t-ionduchtú den leanúntas oideachas múinteoirí, próiseas um shóisialú in gairm na múinteoireachta. San áireamh sa chreatlach chomhtháite seo tá gníomhaíochtaí scoil bhunaithe agus foghlama gairmiúla breise chun tabhairt faoi riachtanais na múinteoirí agus iad ag tosú ina ngairmeacha.

DEEPEN (Droichead: Exploring and Eliciting Perspectives, Experiences and Narratives)

San Fhómhar in 2018, choimisiúnaigh Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, le taighde a dhéanamh ar eispéiris múinteoirí le Droichead, an chreatlach ionduchtaithe ghairmiúil do mhúinteoirí. Sa tionscadal taighde seo, déanfar iniúchadh ar réimse topaicí éagsúla, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí na ndaoine atá i mbun phróiseas Droichead agus ag tacú leis, acmhainní agus tacaíochtaí a chur ar fáil don phróiseas, éifeacht Droichead ar chultúr na scoile, gus na naisc idir próiseas Droichead agus oideachas tosaigh múinteoirí. Díreofar go háirithe ar scoileanna beaga, Gaeilscoileanna, scoileanna DEIS (Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh), agus suíomhanna oideachais speisialta. Táthar ag súil go mbeidh sé curtha i gcrích faoin bhFómhar in 2021 agus go rachaidh sé i bhfeidhm ar athbhreithniú na Comhairle ar pholasaithe.

Is féidir tuilleadh a fháil amach faoin tionscadal agus bheith rannpháirteach sa chomhrá @DEEPEN_Project ar Twitter, nó tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin anseo.

Tá an tuairisc DEEPEN ar fáil ar an suíomh anseo

Cad í Droichead?

Féach ar an físeán gearr seo le fáil amach.

.

 Ráiteas maidir le Beartas agus Feidhmiú Droichead

Rinneadh forbairt ar chreat Droichead trí chomhairliúchán forleathan a dhéanamh leis an ngairm. Ó bunaíodh Droichead, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag éisteacht go cúramach le glór na múinteoirí aonair agus na scoileanna atá i gceist. Chuidigh comhráite gairmiúla den chineál seo le Droichead a mhúnlú sa chreat maidir le hionduchtúcháin gairme atá ann inniu.Taisce Cover

Cliceáil anseo le do thoil chun beartas Droichead a léamh (Béarla).

Tar éis soiléiriú ón Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le hacmhainní a chur ar fáil do Droichead, an creat slánchóirithe ionduchtúcháin do mhúinteoirí nuacháilithe (NQT’nna), chin an Chomhairle Mhúinteoireachta dul ar aghaidh agus an beartas athbhreithnithe de chuid Droichead a chur i bhfeidhm ón 11 Bealtaine 2017.

Cliceáil anseo le do thoil chun ráiteas na Comhairle Múinteoireachta a léamh ina iomláine (Béarla). 

GA - Droichead Key Points Príomhphointí Eolais maidir le Droichead

Príomhathruithe ar Droichead

  • Sa pholasaí athbhreithnithe léirítear go soiléir a bhfuil i gceist le Droichead mar phróiseas ionduchtúcháin ghairmiúil nach ndéantar meastóireacht air. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh baint ag príomhoidí, comhghleacaithe scoilecomhghleacaithe lasmuigh den scoil leis an meastóireacht a dhéantar ar MNCanna chun críche clárúcháin. Ag deireadh an phróisis tugann an MNC agus an Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla dearbhú go raibh siad rannpháirteach i bpróiseas teagaisc agus foghlama ardchaighdeáin
  • Tá solúbthacht shuntasachsa pholasaí athbhreithnithe maidir le ról na bpríomhoidí, an bealach inar féidir leis an samhail feidhmiú i scoileanna éagsúla, méid na foirne tacaíochta gairmiúla (FTG), an úsáid a bhaintear as ball seachtrach de chuid an FTG chun gníomhú mar mheantóir nuair is gá
  • Aithnítear ann na cláir bhreisithe den Oideachas Tosaigh Múinteoirí
  • Próiseas athbhreithnithe agus treisithe um dhearbhú cáilíochta
  • Déantar foráil ann nach féidir JobBridge ná aon scéimeanna intéirneachta eile den chineál céanna a úsáid chun fáil ar chlár Droichead
  • Céim fáis bhreithe ina mbeidh Droichead mar an bealach ionduchtúcháin do gach MNC faoin scoilbhliain 2020/2021.

Ag glacadh leis an bpolasaí athbhreithnithe, aithníonn an Chomhairle go mbeidh ionchursuntasach ó ghairm na múinteoireachta agus ón gClár Náisiúnta Ionduchtúcháin do Mhúinteoirí (CNIM) i gceist le Droichead a chur ibhfeidhm. Sa chomhthéacs sin, is cúis áthais dom a chur in iúl gur dheimhnigh an Roinn na hachainní chun tacú le fás Droichead, agus len ainmharthanacht agus rath a chinntiú. San áireamh anseona nithe seo a leanas:

      • Tréimhse ama scaoilte ceithreagus ionadú íoctha chun ligean do bhaill den Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla chun freastal ar oiliúint CNIM
      • Tréimhse ama scaoilte ceithre lá ar a laghad chun freastal ar oiliúint CNIM
      • Tréimhse ama scaoilte bhreise do scoileanna a bhfuililiomad MNCanna acu
      • Deiseanna forbartha gairmiúla ina dhiaidh
      • Acmhainní breise chun ligean don CNIM tacú le scoileanna ar mian leo bheith rannpháirteach sa phróiseas.

Táimid ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth le scoileanna agus leis na páirtithe leasmhara, d’fhonn a chinntiú go leanann Droichead ar aghaidh ag fás chomh héasca agus chomh héifeachtach agus is féidir. 

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le polasaí Droichead atá suas chun data, féach ar:

Táimid ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth le scoileanna agus leis na páirtithe leasmhara, d’fhonn a chinntiú go leanann Droichead ar aghaidh ag fás chomh héasca agus chomh héifeachtach agus is féidir. 

Seimineár Gréasáin agus Físeáin Droichead

Óstálann an Chomhairle Mhúinteoireachta na seimineáir ghréasáin Droichead le deis a thabhairt do mhúinteoirí cloisteáil ó dhaoine a bhfuil taithí acu ar an bpróiseas Droichead agus caidreamh a dhéanamh leo.

Cliceáil anseo do na Seimineáir Ghréasáin agus Físeáin Droichead ar fad