Reáchtáladh díospóireacht painéil de shuíomh gréasáin de chuid Droichead Dé Céadaoin 25 Bealtaine 2016, ó 8pm go dtí 9pm. Is é Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta a rinne an cur i láthair. Bhí an díospóireacht painéil ar siúl le Máirín Ní Chéileachair, an Comhordaitheoir Náisiúnta don Chlár Náisiúnta Ionduchtúcháin do Mhúinteoirí (CNIM); dhá phríomhoide i scoileanna de chuid Droichead, agus iar-Mhúinteoir Nuacháilithe a bhí rannpháirteach i bpróiseas Droichead. Tabhair faoi deara go ndéanann an seimineár gréasáin tagairt do scoileanna a bhí rannpháirteach in Droichead le linn thréimhse an chláir phíolótaigh.