Is é Droichead an t-aon bhealach ionduchtaithe do na Múinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) Bunscoile agus Iar-bhunscoilea uile a chláraigh tar éis an 1 Meitheamh 2020.
Tábhachtach – Léigh Le Do Thoil:
Fáilte chuig an tairseach ar líne do mhúinteoirí atá ag déanamh iarratais ar phróiseas Droichead a chur i gcrích. Sula ndéanann tú iarratas le tús a chur le próiseas Droichead, tá an fhreagracht ortsa a chinntiú go léann tú agus go dtuigeann tú na cáipéisí seo a leanas ionas go mbeidh an t-eolas ar fad agat maidir leis na nósanna imeachta agus na critéir le haghaidh Droichead:
Sula ndéanann tú iarratas ar Droichead, tá sé riachtanach go dtéann tú i gcomhairle le do Phríomhoide agus go gcinntíonn tú go bhfuil a f(h)aomhadh agat, agus go bhfuil sé/sí sásta an próiseas an éascú duit agus dhá bhall ar a laghad dá b(h)aill oilte féin den Fhoireann Tacaíochta Ghairmiúil (FTG) a chur ar fáil. De rogha air sin, d’fhéadfadh do Phríomhoide teagmháil a dhéanamh leis an gClár Náisiúnta Ionduchtúcháin do Mhúinteoirí (CNIM) le socrú a dhéanamh le samhail FTG Sheachtrach nó samhail Idirscoileanna a bhunú, le comhoibriú a dhéanamh leat agus chun tacú leat agus meantóireacht a dhéanamh ort le linn phróiseas Droichead. Cliceáil anseo le haghaidh sonraí teagmhála an CNIM.
Is cuma faoin tsamhail FTG a úsáideann tú, is gá tacaíocht de dhá bhall FTG ar a laghad a bheith agat. (Tabhair faoi deara: ní féidir le do phróiseas Droichead tarlú ach amháin nuair atá dhá lá ar a laghad d’oiliúint FTG curtha i gcrích ag do bhaill FTG. Ní féidir do phróiseas Droichead a chur i gcrích ach amháin nuair atá na ceithre lá ar fad dá n-oiliúint FTG curtha i gcrích ag do bhaill FTG). Beidh cóip de ríomhphost na Comhairle Múinteoireachta a dheimhníonn go bhfuil tú faofa le tús a chur le Droichead, ag teastáil ón FTG i do scoil chun tús a chur le do phróiseas Droichead:
Nuair a logálann tú isteach sa Logáil Isteach Úsáideora Cláraithe, cinntigh le do thoil, go seiceálann tú/ go bhfuil an méid seo a leanas agat sula dtosaíonn tú d’iarratas ar Droichead:
- Go bhfuil do thaifead fostaíochta suas chun dáta leis na sonraí cearta. Is féidir é seo a athrú sa chuid maidir le “Sonraí Fostaíochta”
- Go bhfuil do sheoladh ríomhphoist i gceart. Seiceáil é seo sa chuid maidir le “Sonraí Pearsanta”
- Go bhfuil d’uimhir rolla cheart de chuid na scoile agat
- Go bhfuil ainmneacha do bhall FTG agat agus a n-uimhreacha cláraithe de chuid na Comhairle Múinteoireachta.
Cliceáil anseo chun rochtain a dhéanamh ar Logáil Isteach Úsáideora Cláraithe áit ar féidir leat iarratas a dhéanamh anois chun tús a chur le próiseas Droichead. Is féidir leat aon fhiosruithe a bheadh agat maidir le clárú a dhéanamh le haghaidh Droichead a chur chuig to conditions@teachingcouncil.ie. Cuir d’Uimhir Chláraithe de chuid na Comhairle Múinteoireachta, Ainm na Scoile/Uimhir Rolla na Scoile, agus do shonraí fostaíochta ar gach comhfhreagras.