Droichead: An Creat Slánchóirithe maidir le hIonduchtúchán Gairme

Droichead: An Chreatlach Ionduchtúcháin Ghairmiúil Chomhtháite

Rinneadh forbairt ar chreat Droichead trí chomhairliúchán forleathan a dhéanamh leis an ngairm. Ó bunaíodh Droichead, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag éisteacht go cúramach le glór na múinteoirí aonair agus na scoileanna atá i gceist. Chuidigh comhráite gairmiúla den chineál seo le Droichead a mhúnlú sa chreat maidir le hionduchtúcháin gairme atá ann inniu.

Tá roinnt athruithe móra déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar Droichead. Rinneadh na hathruithe sin tar éis don Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar Droichead agus ar na doiciméid ghaolmhara, mar fhreagra ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara agus ag teacht le tiomantas leanúnach na Comhairle maidir le beartas athbhreithnithe tréimhsiúil.

 Cliceáil anseo le do thoil chun tuilleadh mionsonraí a fháil