Machnamh a Dhéanamh ar Fhoghlaim Ghairmiúil - Fínéid

Mar chuid den chleachtas laethúil, bíonn múinteoirí ag síormhachnamh ar theagasc agus ar fhoghlaim agus ar shaol na scoile sa chiall is leithne. Déanann siad é seo ina n-aonar nó i gcomhar, ag baint úsáid as teicnící éagsúla, agus d'fhéadfaidís na machnaimh sin a thaifeadadh ar bhealaí éagsúla freisin. Tríd a bheith rannpháirteach i bhforbairt Cosán, moltar duit machnamh a dhéanamh ar do rannpháirtíocht i bhfoghlaim ghairmiúil, agus ar an tionchar atá aige sin ar do cleachtas. Is ar bhonn deonach go hiomlán a ghlacann scoileanna agus múinteoirí páirt sa phróiseas seo.

Sna fínéid thíos, tugtar roinnt samplaí chun tacú le múinteoirí mar a dhéanfaidís machnamh ar a bhfoghlaim ghairmiúil agus ar an tionchar atá aige sin ar a gcleachtas a mheas, agus mar a d'fhéadfaidís na machnaimh sin a thiomsú agus/nó a roinnt, nuair is cuí.

D'fhéadfaidh múinteoirí smaoineamh faoin méid seo a leanas agus iad ag léamh ceann ar bith de na fínéid thíos:

  • An próiseas/réimse foghlama gairmiúla ina bhfuil an múinteoir rannpháirteach
  • Mar a dhéanann an múinteoir machnamh ar a bhfoghlaim ghairmiúil
  • Mar a smaoiníonn an múinteoir ar thionchar a gcuid foghlama gairmiúla
  • Mar a thiomsaíonn agus/ nó a roinneann an múinteoir a mhachnamh.

Fínéad #1

Is múinteoir bunscoile í Sarah agus tá sí ag múineadh Rang a 3 faoi láthair. Tá sí ina bhall chomh maith d'Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla Droichead. Chuir a ról mar mheantóir réimse deiseanna ar fáil maidir le foghlaim ghairmiúil. Chun machnamh a dhéanamh ar an eispéireas seo le linn amanna éagsúla i rith na bliana bhain sí úsáid as creat machnaimh Céard? Céard mar sin? Céard anois? Choinnigh sí taifead ar fhreagraí na gceisteanna seo (anois is arís) mar chuid dá Cuntas Míosúil. Chomh maith leis sin roinn sí aiseolas ar a cuid foghlama le baill eile an FTG, agus le meantóirí eile le linn sheisiúin roinnte foghlama CNIM.

Fínéad #2

Tá Darren ag múineadh matamaitice agus fisice in iar-bhunscoil. Mar gheall ar an éagsúlacht ina chuid ranganna thug sé faoi léitheoireacht neamhspléach ar straitéisí maidir le hidirdhealú agus le hionchuimsiú éifeachtachta. Chomh maith leis sin d'iarr sé ar an bhfoireann oideachais speisialta roinnt ceachtanna a mhúineadh mar fhoireann ionas go bhféadfaí treoracha agus ceisteanna do dhaltaí a bhunú orthu. Tar éis machnamh a dhéanamh ar a eispéireas foghlama thug sé faoi shraith comhráite gairmiúla leis an bhfoireann oideachais speisialta. Mar fhianaise ar thionchar a eispéiris, smaoinigh sé ar shamplaí d'obair na ndaltaí, ar a phleanáil don seomra ranga, agus ar nótaí ó chomhráite lena chuid comhgleacaithe. In éineacht leis an bhfoireann oideachais speisialta bheartaigh sé a eispéireas agus na straitéisí idirdhealaitheacha ar éirigh leo a roinnt leis an bhfoireann i gcoitinne mar chuid de chruinniú foirne.

Fínéad #3

Is múinteoir béarla iar-bhunscoile í Louise a bhunaigh grúpa roinnte trí ardán ar líne in éineacht le comhghleacaithe eile, a mhúineann an t-ábhar céanna léi, chun samplaí de dhea-chleachtas, acmhainní agus ábhar leitheoireachta etc. a roinnt. Rinne sí machnamh ar an eispéireas foghlama seo trí thráchtaireacht i scríbhinn ar an ardán, agus trí chomhráite gairmiúla mar chuid de chruinnithe roinne. Nuair atáthar ag smaoineamh faoi thionchar a gcuid foghlama, baineann an grúpa úsáid as samplaí d'obair na ndaltaí agus as pleanáil leanúnach. Chinn an grúpa cuid de shamplaí dea-chleachtais, agus an machnamh a rinne siad orthu seo, a roinnt leis an bhfoireann i gcoitinne tríd an inlíon foirne.

Fínéad #4

Tá Brian ag múineadh rang speisialta do leanaí a bhfuil neamhord de chuid speictream an uathachais orthu. Thug sé faoi réimse clár foghlama gairmiúla chun tacú lena chuid cleachtais. Baineann sé úsáid as Evernote le linn dó machnamh a dhéanamh ar na heispéiris seo toisc go mbaineann sé úsáid as an aip cheana féin chun acmhainní agus ábhair a stóráil ó na deiseanna foghlama. Uaslódálann sé íomhánna óna chleachtas chun tionchair a chuid foghlama a léiriú e.g. grianghraif de thascanna atá leagtha amach ag múinteoir, agus cuireann sé tráchtaireachtaí gearra i bhfoirm scríbhinn nó fuaime in éineacht leo mar thionlacan. Baineann sé úsáid as na machnamh seo chun a phleanáil leanúnach a stiúradh, agus tá an rogha aige iad a roinnt leis an bpríomhoide mar chuid dá Chuntas Míosúil.

Fínéad #5

Is múinteoir meáin í Michelle, atá ag múineadh i láthair na huaire in Institiúid Bhreisoideachais. Thug an scoil a bhfuil Michelle ag obair inti faoi thionscnamh scoile iomlán chun iniúchadh a dhéanamh ar raon straitéisí oideolaíochta a d'fhéadfadh oibriú ar fud rannóga. Tá tiomantas tugtha ag comhaltaí foirne chun iniúchadh a dhéanamh ar straitéis amháin i gcomhar le comhghleacaithe trí chomhráite léitheoireachta agus comhráite gairmiúil agus le hiniúchadh a dhéanamh ar an mbealach ina n-oibríonn sé seo i gcleachtas. Déanann siad machnamh air seo ina gcuid comhráite, agus trí stór digiteach freisin, áit ar féidir leo machnamh comhoibríoch a uaslódáil maidir lena gcuid foghlama agus an tionchar a bheadh aige sin ar chleachtas. Machnamh fisiúil, scríofa agus ilmheáin atá i gceist leo seo. Cuirtear beagán ama ar fáil ag cruinnithe foirne le linn na bliana do na grúpaí oideolaíochta seo freisin lena bhfuil foghlamtha acu agus an tionchar atá aige sin a roinnt leis an bhfoireann níos leithne.