Tá freagracht reachtúil ar an gComhairle Mhúinteoireachta as nósanna imeachta a bhunú le haghaidh múinteoirí nua-cháilithe a ionduchtú. Is clár d’oideachas múinteoirí é an t-ionduchtú a chuirtear ar fáil le linn na tréimhse ríthábhachtaí atá ag tús ghairmréim an mhúinteora nua-cháilithe (MNC). Is sa chéad bhliain i ndiaidh do mhúinteoir cáilíocht sa mhúinteoireacht a bhaint amach a dhéantar an t-ionduchtú de ghnáth. Mar gheall ar thábhacht an leanúntais in oideachas múinteoirí, bíonn an t-ionduchtú dírithe ar chultúr d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt i ngach múinteoir. Is é cuspóir an chláir ionduchtúcháin tacaíocht chórasach ghairmiúil agus phearsanta a chur ar fáil don mhúinteoir nua-cháilithe.
Ó Mheán Fómhair 2013 ar aghaidh, thug an Chomhairle samhail nua ionduchtúcháin scoil-bhunaithe, ar a dtugtar Droichead, isteach ar bhonn trialach.
Tá clár de cheardlanna ionduchtúcháin ar fáil freisin, tríd an CNIM, agus is riachtanas clárúcháin é clár na gceardlanna ionduchtúcháin sin a chur i gcrích do gach MNC ar a bronnadh cáilíocht oideachais múinteoirí sa bhliain 2012 agus ina dhiaidh.
- Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoi chlár na gceardlanna ionduchtúcháin mar choinníoll clárúcháin.
Promhadh
Cuireadh tosach feidhme leis na hailt san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 a bhaineann le promhadh i mí Mheán Fómhair 2012. Fágann sé sin go bhfuil an Chomhairle freagrach, ar bhonn reachtúil, as nósanna imeachta agus critéir a bhunú i ndáil le promhadh múinteoirí nua-cháilithe. Chun clárú iomlán a bhaint amach, ní mór do gach múinteoir bunscoile próiseas promhaidh a chur i gcrích. Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil anseo.