Is féidir le MNCanna a bhfuil meantóir oilte de chuid an CNIM acu ag leibhéal na scoile, agus a bhfuil a scoil cláraithe leis an CNIM do thráth scaoilte le haghaidh ionduchtúcháin do 2017-2018, leas a bhaint as suas le 6 uair an chloig de ghníomhaíochtaí ionduchtúcháin lonnaithe ar scoil mar chuid de riachtanas Chlár Ionduchtúcháin na Comhairle Múinteoireachta a mhaireann 20 uair an chloig. Ní mór foirm atá ar fáil ar www. teacherinduction.ie a chomhlánú agus a chur ar ais lena bhfuil thuasluaite a dheimhniú.
Is féidir le MNCanna a bhfuil meantóir oilte de chuid an CNIM acu, agus a bhfuil a scoil cláraithe leis an CNIM do thráth scaoilte le haghaidh ionduchtúchain do 2017/2018, suas le 6 uair an chloig d’obair scoilbhunaithe lena meantóir a chur san áireamh mar chuid de riachtanas chlár ceardlann na Comhairle Múinteoireachta a mhaireann 20 uair an chloig. Cuirfidh an CNIM foirm ar fáil do na MNCanna leis na huaireanta seo a thaifeadadh i rith na bliana. Ní mór do MNCanna a bhaineann úsáid as an rogha seo freastal ar 14 uair an chloig ar a laghad freisin de cheardlanna um thráthnóna agus/nó i rith an lae, mar atá leagtha amach in A, B agus C thuas.