In Éirinn, déantar cláir oideachais tosaigh mhúinteoirí do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a éascú trí raon de chláir chomhthráthacha (cláir fochéime) agus chomhleanúnacha (cláir iarchéime) (féach Léargas Ginearálta ar Sholáthar Oideachais Mhúinteoirí in Éirinn). Is é an tAire Oideachais, i ndáil chomhairle leis an gComhairle Mhúinteoireachta, a leagann síos na riachtanais iontrála do chláir oideachais tosaigh mhúinteoirí.
Ní mór do na cláir oideachais mhúinteoirí uile (bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachais) in Éirinn a mbeidh clárú mar mhúinteoir mar thoradh orthu creidiúnú gairmiúil a fháil ón gComhairle Mhúinteoireachta.