I mí na Samhna 2020, lainseáil an Chomhairle Mhúinteoireachta na caighdeáin leasaithe do chláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) in Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí.
In 2011, d’fhoilsigh an Chomhairle Mhúinteoireachta an chéad eagrán de na caighdéian do chláir OTM, Oideachas Tosaigh Múinteoirí: na Critéir agus Treoirlínte do Sholáthraithe Cláir. Cuireadh an chéad tsraith den athbhreithniú agus creidiúnú ar na cláir athchoincheaptha i gcrích in 2015. Chun ullmhúchán a dhéanamh don chéad tsraith eile den phróiseas athbhreithnithe agus creidiúnaithe, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar a polasaí maidir leis na caighdeáin do chláir OTM a ndearna próiseas comhairliúcháin fairsing eolas dóibh leis na príomhpháirtithe leasmhara agus rinneadh taighde a choimisiúnú maidir le socrúchán scoile.
Ní mór do chláir nua bhunscoile agus iar-bhunscoile a chuirtear isteach le creidiúnú a fháil ón gComhairle a bheith i gcomhréir le Céim. Déanfar na cláir OTM atá ann cheana féin a athailíniú i gcomhréir le Céim le tosú i mí Mheán Fómhair 2022 do mhúinteoirí faoi oiliúint na chéad bhliana.