Úsáidtear an téarma "socrúchán scoile" in ionad an téarma "cleachtadh múinteoireachta" anois, toisc go dtugann sé léiriú níos cruinne ar an raon gníomhaíochtaí teagaisc agus neamhtheagaisc a bhíonn i gceist. Is cuid ríthábhachtach d'oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) é mar go gcuireann sé ar chumas an mhúinteora atá faoi oiliúint taithí a fháil ar theagasc agus ar fhoghlaim i réimse comhthéacsanna éagsúla, agus páirt a ghlacadh i saol na scoile ar bhealach atá struchtúrtha agus tacaithe.
- Ó 2012/2013, tá gach clár fochéime oideachais tosaigh mhúinteoirí ar a laghad ceithre bliana ar fad.
- Ó 2014, tá gach clár iarchéime oideachais tosaigh mhúinteoirí ar a laghad dhá bhliain ar fad.
- Go ginearálta, caitheann múinteoir atá faoi oiliúint tuairim is 20 seachtain i scoileanna le linn na gclár sin.
- I ngach cás, ní mór go mbeidh aon socrúchán amháin atá 10 seachtaine ar fad mar chuid den dara leath den chlár.
Le Treoirlínte maidir le Socrúcháin Scoile na Comhairle Múinteoireachta, cuirtear struchtúr ar fáil do shocrúcháin scoile agus is é is aidhm dóibh comhoibriú agus comhroinnt chothrom freagrachta idir soláthraithe clár agus scoileanna a chur chun cinn. Cuirtear faisnéis úsáideach ar fáil iontu i ndáil le fad, struchtúr agus tráthú socrúchán; na suíomhanna agus na gníomhaíochtaí atá cuí; agus róil na bpríomhpháirtithe leasmhara uile. Cuireadh treoir mhearthagartha do scoileanna ar fáil chomh maith.
Tá beartas teimpléid ar fáil do scoileanna chun cabhrú le húdaráis bhainistíochta scoile. Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil ábhar an teimpléid sin in ainm a bheith forordaitheach ar bhealach ar bith. Tá sé de fhreagracht ar gach údarás bainistíochta scoile (i gcomhairle le múinteoirí, tuismitheoirí agus foghlaimeoirí) beartas a cheapadh a oireann d'imthosca ar leith a scoile féin, go háirithe agus scoileanna agus gairm na múinteoireachta ag glacadh páirt sa phróiseas d'oideachas múinteoirí, i gcomhpháirtíocht le IAOnna.
Cliceáil anseo do nuacht maidir le tionscnaimh leanúnacha na Comhairle do shocrúchán scoile.
Socrúchán Scoile & Covid-19
Tuairisc Nuálaíocht Socrúchán Scoile 2021 (Béarla)
Nóta Treorach Maidir le Socrúchán Scoile 2021/2022 (Béarla)
Prótacal do Mhúinteoirí Cláraithe ar Socrúchán Scoile le linn an Bhliain Acadúil 2021/2022 (Béarla)
Nóta Treorach maidir le Socrúchán Scoile 2020-2021 – An Scéala is Déanaí
Nóta Treorach maidir le Socrúchán Scoile 2020-2021 (Béarla)