Mar chuid de na critéir um oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) a foilsíodh in 2011, d'éiligh an Chomhairle Mhúinteoireachta go mbeadh taithí socrúchán scoile bhreisithe agus athchoincheaptha san áireamh i ngach clár OTM, bunaithe ar chur chuige comhpháirtíochta idir Institiúidí Ardoideachais (HEIanna) agus scoileanna. Sna treoirlínte socrúcháin scoile ar glacadh leo mar aguisín a ghabhann leis na treoirlínte, d'aithin an Chomhairle gur dhúshlán a bheadh sa chur i bhfeidhm do scoileanna agus HEIanna, de bharr na gcastachtaí éagsúla ar ghá tabhairt fúthu. Sna treoirlínte aithníodh freisin go mbeadh gá le tréimhse ama leis na treoirlínte a chomhlíonadh agus nótáladh go mbeadh riachtanais na Comhairle faoi réir athbhreithnithe augs athraithe, a thiocfaidh chun cinn le tuilleadh taighde.
Agus é sin san áireamh, choimisiúnaigh an Chomhairle foireann taighdeoirí seachtraca, faoi cheannas an Ollaimh Kathy Hall i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, le fianaise a bhailiú maidir leis an gcleachtas reatha i dtaca le socrúchán scoile, agus chun moltaí a dhéanamh le cur le smaointeoireacht agus polasaí amach anseo de chuid na Comhairle maidir le socrúchán scoile. Rinneadh an taighde thar tréimhse de bheagnach ceithre bliana, nuair a thosaigh an obair allamuigh go déanach in 2014 agus lean sí ar aghaidh go dtí go luath in 2018. Sa tionscadal cuimsítear athbhreithniú ar litríocht idirnáisiúnta iomchuí agus ansin tugtar breac-chuntas ar an bpolasaí maidir le socrúchán scoile i dtíortha roghnaithe.
Ó thaobh na modheolaíochta de, sa staidéar cuirtear dearadh de mhodhanna measctha i bhfeidhm in éineacht le gnéithe canníochtúla agus cáilíochtúla. Tá an staidéar bunaithe ar shé HEI éagsúla a chuireann réimse leathan de chláir OTM ar fáil. Bhí obair allamuigh cháilíochtúil agus chainníochtúil ar siúl i gcláir céime agus iarchéime bunscoile agus iarbhunscoile. Rinneadh suirbhé ar mhúinteoirí faoi oiliúint, baill foirne HEI agus baill foirne scoileanna a bhfuil baint acu leis na cláir seo trí cheistneoirí agus agallaimh chun a fháil amach faoina gcuid tuairimí agus taithí thar tréimhse ama. Gné bhreise den staidéar ná go bhfuil léaráidí éagsúla san áireamh ann den chleachtas éifeachtach ina mbíonn comhpháirtíocht idir scoileanna agus HEIanna.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo. (Béarla)