Tá liosta thíos de na hInstitiúidí Ardoideachais a chuireann cláir oideachais tosaigh múinteoirí ar fáil in Éirinn (oideachas bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachas) chomh maith leis an bpróiseas iarratais le haghaidh gach ceann díobh. Tá na cláir chreidiúnaithe uile d'oideachas tosaigh múinteoirí ar fáil anseo.
Bunoideachas
Cuirtear iarratas isteach ar chláir chomhthráthacha (fochéime) tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) agus bíonn an roghnú bunaithe ar chóras pointí an CAO. Ba chóir d'iarrthóirí lánfhásta na nósanna imeachta le haghadh iarratais a sheiceáil leis an gcoláiste cuí/ollscoil chuí.
Déantar cláir chomhleanúnacha (iarchéime) in oideachas múinteoirí bunscoile a fhógairt sna meáin náisiúnta mar aon le sonraí na ndátaí deiridh agus na nósanna imeachta le haghaidh iarratais. Bronntar áiteanna ar an gclár ar bhonn cháilíochtaí, agallaimh agus scrúdú béal i nGaeilge.
Oideachas Iar-bhunscoile
Sna cláir chomhleanúnacha (fochéime), déantar ábhair acadúla a theagasc i dteannta leis na comhábhair oideachais agus socrúcháin scoile. Cuirtear iarratas isteach tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) agus bíonn an roghnú bunaithe ar chóras pointí an CAO.
Cuirtear iarratas isteach ar chláir chomhleanúnacha (iarchéime) tríd an Ionad Iarratas Iarchéime, an córas lárnach iarratas do choláistí Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Le haghaidh institiúidí eile, cuirtear iarratas díreach chuig an institiúid féin.
Breisoideachas
Ní mór do dhaoine atá ag déanamh iarratas chun clárú san earnáil Bhreisoideachais na riachtanais cháilíochta atá leagtha amach i Rialachán a Cúig de Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú], 2009 a chomhlíonadh. Tá aon duine a chomhlíonann na riachtanais cháilíochta céime atá leagtha amach in ann incháilithe le haghaidh clárú le coinníollacha ar feadh tréimhse trí bliana, agus ní mór cáilíocht oideachais múinteoirí atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bhaint amach le linn na tréimhse sin.