Tréimhse Foghlama Sa Ghaeltacht

Ag a cruinniú ar 28 Bealtaine 2012, thug an Chomhairle faomhadh do thuarascáil ina leagtar amach sraith athruithe maidir leis an socrúchán sa Ghaeltacht, mar a dhéanann múinteoirí (bunscoile) faoi oiliúint.

D’eascair an tuarascáil ó chritéir nua na Comhairle don chreidiúnú, a foilsíodh i Meitheamh 2011, a dhéanann soláthar, inter alia, ar “chlár cónaithe fadaithe agus athchoincheapaithe sa Ghaeltacht, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán agus a bheidh faoi údarás díreach na soláthraithe oideachais mhúinteoirí.” Tá forbairt déanta air i gcomhthéacs thrí chéim na nuálaíochta, an chomhtháthaithe agus an fheabhsaithe, agus beidh siad seo mar phointe tagartha ag an gComhairle nuair a bhíonn cláir oideachais tosaigh mhúinteoirí á n-athbhreithniú don chreidiúnú gairmiúil.

Áirítear ar na nithe a chlúdaítear sa tuarascáil:

  • ainm nua don socrúchán Gaeltachta – an “Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht
  • tréimhse fhoghlama fadaithe go ceithre sheachtaine, le tarlú i ndá bhloc coicíse
  • comhoibriú níos mó le bheith idir Institiúidí Ardoideachais agus coláistí Gaeltachta chun cúrsaí a dhearadh agus chun monatóireacht a dhéanamh ar fhreastal na mac léinn
  • cúrsa comónta trasna na nInstitiúidí Ardoideachais uile, é seo le bheith curtha in oiriúint do mhic léinn le hinniúilachtaí teanga ar leibhéil éagsúla agus soláthar ar leith do riachtanais chainteoirí dúchasacha agus ardchumasacha
  • measúnú ar fhoghlaim na múinteoirí faoi oiliúint le linn na Tréimhse bunaithe ar thorthaí foghlama comhaontaithe
  • na cúrsaí á gcur i láthair ag múinteoirí bunscoile, a mhéid agus is féidir
  • dearbhú cáilíochta do na cúrsaí Gaeltachta.

Déantar roinnt moltaí eile sa tuarascáil maidir le cumas Gaeilge múinteoirí le linn a ngairme.

Agus faomhadh á thabhairt don tuarascáil, ghlac an Chomhairle freisin leis na rún seo a leanas:

“Éilíonn an Chomhairle ar an Roinn Oideachais agus Scileanna clár tacaíochta airgeadais a bhunú do mhic léinn, a dhíreoidh orthu siúd leis an nganntanas is mó, chun a bpáirtíocht ar chlár foghlama sa Ghaeltacht a éascú. Is gné éigeantach de chláir oideachas tosaigh múinteoirí (bunoideachas) é seo agus, dá réir, is coinníoll riachtanach don chlárúchán é. Is í an Ghaeilge ár gcéad theanga náisiúnta, agus tá sí mar chroí ábhar ar Churaclam na Bunscoile. Sna cúinsí seo, agus i ngeall ar an bhéim atá ar rochtain chuig an tríú leibhéal a leathnú, agus chuig oideachas múinteoirí ach go háirithe, is í tuairim na Comhairle go mbeadh nuálaíocht agus forásacht shóisialta araon ag baint lena leithéid de chlár tacaíochta airgeadais.”

Tá dearcthaí na Comhairle, mar atá tugtha le fios sa rún thús, curtha in iúl don Roinn Oideachais agus Scileanna.

(Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil athruithe rianaithe in Aguisín 2 den tuarascáil chun na hathruithe a mholtar a dhéanamh ar an Rialachán a thabhairt chun suntais.)