
Tá rún ag an gComhairle Mhúinteoireachta cultúr taighde a chothú sna scoileanna trína sraith Taighde CROÍ. Baineann CROÍ leis an Taighde i gCroílár an Teagaisc agus na Foghlama, agus ar ndóigh tugann bunbhrí an fhocail féin léiriú ar a lárnaí atá an taighde sa mhúinteoireacht agus san fhoghlaim.
Féachann an Chomhairle le cultúr taighde a chur chun cinn lena leithéidí seo, mar shampla:
- ríomhirisí taighde a eisiúint agus scaipeadh, leana n-áirítear achoimrí taighde arna scríobh ag múinteoirí le haghaidh múinteoirí
- seimineáir ghréasain a óstáil ar thopaicí ábhartha do chleachtadh na múinteoireachta.
- rochtain saor in aisce ar leabharlann taighde ar líne a chur ar fáil do gach múinteoir cláraithe.
Rinneamar cuid de na hacmhainní sin a ghrúpáil ar bhonn téamúil, chun cuidiú leis na múinteoirí iad a úsáid ar scoil. B’fhéidir go mba mhaith leat téama a roghnú agus a bheith ag póirseáil sna hacmhainní thíos, le do chomhghleacaithe, mar chuid de chruinniú foirne. Beimid ag cur leis an gcuid sin dár suíomh gréasáin de réir a chéile, ionas go mbeidh sé ina acmhainn chuimsitheach fhiúntach a chuideoidh le múinteoirí an taighde a úsáid sa seomra ranga.
*Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar fáil do mhúinteoirí cláraithe ar leabharlann ar líne chun cur leis an rochtain atá acu ar thaighde oideachais, agus dá bhrí sin ag tacú lena bhfoghlaim ghairmiúil. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta le freagracht as cruinneas ná ionracas na n-irisleabhar, na n-alt, na ríomhleabhar, na sleachta agus na suíomhanna gréasáin ábhartha ná an ábhair a ndéantar rochtain air trí na hacmhainní seo. Ní chiallaíonn na hacmhainní seo a bheith curtha san áireamh go dtugann an Chomhairle Mhúinteoireachta a faomhadh d’aon táirgí, seirbhísí, dearcthaí nó eolas a ndéantar cur síos orthu nó a chuirtear ar fáil in aon ailt, ríomhleabhair, sleachta agus suíomhanna gréasáin srl. den sórt sin.