Chun teacht ar na ríomhleabhair thíos, ní mór do mhúinteoirí cláraithe logáil isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo.
Is féidir treoir céim ar chéim maidir le rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne a fháil anseo.

Children's Social and Emotional Wellbeing in Schools: A Critical Perspective
(D. Watson and C. Emery) 2012
Sa leabhar seo, ceistítear coincheap na folláine mar a bhaineann sé le leanaí, go háirithe sa chomhthéacs scoilbhunaithe. Ag glacadh le cur chuige iarstruchtúrach, tugtar le fios gur chóir go dtuigfí an fholláine, agus gur chóir na heispéiris a nochtadh, ag leibhéal an linbh shuibiachtúil. Tá sé seo ag teacht salach ar chuntais chomhaimseartha ina laghdaítear folláine leanaí go liostaí oibiachtúla de rudaí atá ag teastáil le go mbeidh siad in ann a saol a chaitheamh go maith. Beidh an leabhar seo úsáideach don lucht acadúil agus do chleachtóirí atá ag obair go díreach le leanaí, agus do dhuine ar bith ag bhfuil spéis aige/aici i bhfolláine leanaí.

Live Well, Teach Well: A Practical Approach to Wellbeing That Works
(A. Mann) 2018
Faoi strus? An iomarca oibre le déanamh? Báite sa mharcáil ? Tá sé clúdaithe sa leabhar seo. Ionas go mbeidh na torthaí is fearr agus is féidir ann le haghaidh do dhaltaí, ní mór duit aire a thabhairt do d’fholláine féin, agus tá an leabhar Live Well, Teach Well iomlán de 90 smaoineamh phraiticiúla agus straitéisí chun cuidiú leat é sin a bhaint amach. Cuireann urlabhraí #Teacher5aday Abigail Mann comhairle, gníomhaíochtaí agus teicnící ar fáil ar féidir le múinteoir bunscoile nó iar-bhunscoile ar bith úsáid a bhaint astu chun tacú lena (h)aireachas, folláine agus sláinte fhisiciúil agus mheabhrach, agus dá c(h)uid comhghleacaithe freisin. Cuideoidh na smaointe leat bheith lán le fuinneamh, dírithe ar an gcúram agus dearfach i rith na scoilbhliana, agus le hobair níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a dhéanamh, ionas gur féidir leat cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a choimeád. Tá leideanna ann freisin maidir le caidreamh fiúntach agus sásúil a fhorbairt leis an bpobal a bhfuil tú ag déanamh seirbhíse dó, maidir le tacú le folláine na ndaltaí (mar ciallaíonn rang sona múinteoir sona!) agus maidir leis an bhfolláine a bheith mar fhócas ag leibhéal na scoile uile.

Wellbeing in the Primary Classroom: A Practical Guide to Teaching Happiness
(A. Bethune) 2018
Léiríonn fianaise go bhfeidhmíonn daoine sona (iad siúd a mbíonn mothúcháin níos dearfaí acu) níos fearr ar scoil, bíonn caidreamh níos sláintiúla acu, de ghnáth éiríonn níos fearr leo agus maireann siad níos faide! Is ábhar imní é, mar sin, atá ag teacht chun cinn níos mó, go bhfuil leibhéil sonais agus folláine leanaí ag laghdú, agus ag an am céanna tá a leibhéil struis, imní agus gruaime ag méadú. Mar thoradh air sin, tá bealaí inrochtana á lorg ag a lán scoileanna agus múinteoirí chun tabhairt faoi fhadhbanna meabhairshláinte i ndaoine óga. Sa leabhar praiticiúil agus téagartha seo, tógann Adrian Bethune, múinteoir agus comhairleoir a bhfuil a lán taithí aige ar fholláine leanaí, an fhianaise agus an taighde is déanaí ó eolaíocht an tsonais agus ón tsíceolaíocht dhearfach agus cuireann sé beocht iontu. Tá Wellbeing in the Primary Classroom lán le gníomhaíochtaí agus teicnící seanbhunaithe agus tá brollach ann ó Sir Anthony Seldon, iar-Mháistir Choláiste Wellington, atá cáiliúil mar dhuine a chuireann sonas agus folláine i láthair agus atá i bhfách leo i gcúrsaí oideachais. Is treoir riachtanach í chun tacú le folláine mhothúchánach agus mheabhrach sa seomra ranga bunscoile.

Teaching Happiness and Well-Being in Schools
(I. Morris) 2015
Is treoir theoiriciúil agus phraiticiúil í an t-eagrán nuashonraithe seo le clár folláine a chur i bhfeidhm i do scoil. Tá trí réimse clúdaithe sa leabhar: folláine mar fhealsúnacht oideachais, an cur chuige teagaisc i dtreo na folláine agus an t-ábhar a bheadh mar chuid de chlár folláine i scoil. Is forógra é freisin d’aidhm fhiúntach an oideachais. Le déanaí bhí borradh mór spéise sa síceolaíocht dhearfach agus i dteagasc na folláine agus ‘an tsonais’ sa saol OPSS (PSHE) i scoileanna agus tá cuid mhór múinteoirí ag lorg eolais shoiléir ar conas na smaointe seo a d’fhéadfadh do shaol a athrú a chur i bhfeidhm sa seomra ranga. Sa leabhar seo tá réamhrá ar an teoiric den tsíceolaíocht dhearfach agus treoir phraiticiúil ar conas an teoiric a chur i bhfeidhm i scoileanna (meánscoileanna go príomha). Scríobh Ian Morris é a bhí ag obair faoi Anthony Seldon i gColáiste Wellington atá clúite mar gheall ar a churaclam folláine agus sonais.

The Mentally Healthy Schools Workbook: Practical Tips, Ideas, Action Plans and Worksheets for Making Meaningful Change
(P. Knightsmith) 2020
Is pointe tosaigh den scoth é an leabhar seo do dhuine ar bith atá ag iarraidh an mheabhairshláinte a chur chun cinn agus a spreagadh ina scoil, nó chun meastóireacht a dhéanamh ar an soláthar atá ann faoi láthair, i gcomhréir le tosaíochtaí reatha an rialtais. Clúdaíonn sé ní hamháin na céimeanna praiticiúla ó lá go lá is féidir leat a ghlacadh chun freastal ar riachtanais mheabhairshláinte na bhfoghlaimeoirí, ach cuireann sé taisce smaointe ar fáil lena chinntiú go nglacann tú le cur chuige sa scoil uile i dtreo meabhairshláinte dearfaí. Leagann Pooky Knightsmith amach uirlisí seanbhunaithe is féidir leat a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar mheabhairshláinte na scoile ar an iomlán, a thaispeánann duit conas feabhas a chur ar mheabhairshláinte na mball foirne agus tacú léi, agus conas a chinntiú go gcloistear guth gach foghlaimeora agus go mbíonn meas againn air, na daoine is soghonta san áireamh – agus go mothaíonn gach duine bainteach leis an scoile sábháilte, sláintiúil agus sona. I great simplí ‘tástáil litmis’ de chuid Pooky, leagtar amach sé réimse phraiticiúla ar féidir leat iniúchadh a dhéanamh orthu chun athruithe a chur i bhfeidhm i do scoil, ina bhfuil mínithe, bileoga le líonadh isteach, leideanna óna lán baill foirne, agus samplaí de chásanna ina mbristear síos na smaointe seo i sciaranna is féidir a thuiscint go héasca. Is cor cinniúnach é an leabhar seo a bhfuil géarghá leis le haghaidh athraithe fhiúntaigh i ngach gné de do phobal scoile a chuirfidh an mheabhairshláinte chun cinn, a thacóidh léi agus a neartóidh í ag leibhéal na scoile uile.

Character Toolkit for Teachers: 100+ Classroom and Whole School Character Education Activities for 5 to 11 Year Olds
(F. Roberts & E. Wright) 2018
San acmhainn inrochtana seo a bhfuil géarghá léi leagtar amach comhairle faoi conas pearsantacht a fhorbairt agus an fholláine a spreagadh i ndaltaí atá idir 5 agus 11 bhliain d’aois. Tá scoileanna níos mó ar an eolas faoin tairbhe a bhainfeadh le scileanna pearsantachta dearfacha, ach tá ganntanas ar na hacmhainní faoi conas iad a fhorbairt. Tugann an leabhar seo na modhanna do mhúinteoirí ar conas buíochas, mothúcháin dhearfacha, láidreachtaí pearsantachta, agus caidreamh dearfach a chur chun cinn trí 100+ gníomhaíocht atá éasca le cur i bhfeidhm ar nós dialanna scoláirí, taispeántais sa seomra ranga agus feachtais le litreacha a scríobh. Tá uirlisí agus straitéisí san áireamh ann freisin a théann níos faide ná an seomra ranga, ag cuidiú le hoideachas carachtair a chur i bhfeidhm i gcultúr agus éiteas na scoile uile. I ngach caibidil, beidh réamhrá gairid ann faoin gcúlra teoiriciúil iomchuí, agus tá na gníomhaíochtaí ar fad bunaithe ar oideachas carachtair deimhnithe agus idirghabhálacha síceolaíochta dearfacha. Agus é soláimhsithe agus praiticiúil, agus lán le smaointe ar féidir a úsáid ó am go ham agus teacht ar ais chucu arís, is leabhar den scoth é seo do mhúinteoirí gnóthacha.

Personal Well-being Lessons for Secondary Schools: Positive Psychology in Action for 11 to 14 Year Olds
(l. Boniwell & L. Ryan) 2012
Cuireann an leabhar seo acmhainn oideachais an-phraiticiúil ar fáil do chleachtóirí atá ag obair le daltaí atá idir 11 agus 14 bliana d’aois, le ceachtanna folláine a reáchtáil.

Nurturing Wellbeing Development in Education: From Little Things, Big Things Grow
(F. McCallum & D. Price) 2016
I gcroílár cúrsaí oideachais, tá an tuairim faoin bhfolláine le brath i bhfolláine an fhoghlaimeora agus an mhúinteora araon. Sa leabhar seo, déantar iniúchadh ar ról agus freagracht lárnach an oideachais le folláine leanaí agus daoine óga a chinntiú. Trí úsáid a bhaint as fínéid, cuirtear tionscnaimh folláine oideachais réamhghníomhacha ar fáil chun tabhairt faoi shaincheisteanna a bhaineann le folláine an fhoghlaimeora agus an mhúinteora, le seomraí ranga príomhshrutha, le himeallú oideachasúil, le míchumais, le cibearshaoránaigh, le hoideachas tosaigh múinteoirí agus le hoideachas faoin tuath. Trí úsáid a bhaint as cuir chuige theoiriciúla, atá éagsúil ó chéile, de; teoiric luacha x ionchais; teoiric córas éiceolaíochta agus cleachtais phobail thar íomhánna digiteacha; cás-staidéir; ceistneoirí agus modheolaíocht faoi shuirbhéanna, tá an phríomhtheachtaireacht le brath maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an bhfolláine agus rath oideachasúil. Sa leabhar seo, déantar plé an-tábhachtach ar dhioscúrsa oideachasúil na folláine, agus ag an am céanna tugtar faoi shaincheisteanna a bhfuil éifeacht acu ar an bhfolláine ina bhfuil impleachtaí ar fud an domhain. Cuireann sé léargas ar leith ar fáil maidir le folláine an fhoghlaimeora agus an mhúinteora araon agus conas is féidir le hoideachas cur le feabhas a chur ar na torthaí folláine don tsochaí i gcoitinne.