Chun teacht ar na ríomhleabhair thíos, ní mór do mhúinteoirí cláraithe logáil isteach i leabharlann ar líne na Comhairle Múinteoireachta anseo.
Is féidir treoir céim ar chéim maidir le rochtain a fháil ar an leabharlann ar líne a fháil anseo.

Teaching Children Online: A Conversation-based Approach
(C. Meskill and N. Anthony) 2018
Cén chuma atá ar an gcleachtas is fearr i gcúrsaí oideachais ar líne? Conas is féidir le hoideoirí úsáid a bhaint as na deiseanna atá ar fáil ar thimpeallachtaí ar líne chun na leanaí atá á dteagasc acu a spreagadh le barr a gcumais a bhaint amach? Sa téascleabhar nua seo tá na freagraí ar na ceisteanna seo, agus tá siad scríofa ag cuimhneamh ar mhúinteoirí a bhfuil taithí acu, oideoirí nua agus oideoirí múinteoirí. Cuireann Meskill agus Anthony neart samplaí ar fáil maidir leis an gcuma atá ar theagasc ar líne a n-éiríonn leis, agus cuireann siad foinse shaibhir de straitéisí praiticiúla bunaithe ar chomhráite leis an teagasc is fearr ar líne a bhaint amach. Tabharfaidh an leabhar seo spreagadh do dhuine ar bith atá ag teagasc nó atá ag pleanáil le teagasc a dhéanamh go hiomlán ar líne, nó i bhformáid chumaiscthe nó hibrideach, trína thaispeáint conas atá an teagasc cumhachtach bunaithe ar chomhráite ar líne atá curtha le chéile go maith.


Creativity & Critique in Online Learning: Exploring and Examining Innovations in Online Pedagogy
(J. Baxter, G. Callaghan and J. McAvoy) 2018
Sa leabhar seo, déantar iniúchadh ar chleachtais atá ag teacht chun cinn sa chainoideachas a rinneadh a éascú leis an bhforbairt ar theicneolaíocht oideachais. Déanann an t-imleabhar scrúdú ar na príomhthéamaí sa chianoideachas lena n-áirítear oideachas ar líne ar scála, léiriú cruthanta i dtimpeallachtaí ar líne, nascacht i gcúrsaí oideachais ar líne agus pearsantú na taithí foghlama laistigh de chúrsaí oideachais ar líne. Sa chéad chuid den leabhar, déantar scrúdú ar uirlisí teagaisc ar líne, agus déantar iniúchadh ar conas atá siad in úsáid chun foghlaim na scoláirí a fheabhsú agus a chur chun cinn. Sa dara cuid, breathnaítear ar roinnt de na dúshláin níos leithne a bhíonn i ndán do mhúinteoirí ar líne agus dóibh siúd atá freagrach as an ábhar foghlama ar líne a dhearadh. Cé go mbeidh an-spéis ag ollscoileanna agus coláistí cianfhoghlama san imleabhar seo, is acmhainn luachmar bheidh ann freisin do na hInstitiúidí Ardoideachais traidisiúnta, atá ag lorg bealaí níos nuálaí níos mó agus níos mó chun a scoláirí a shroicheadh agus a theagasc. Beidh an bailiúchán atá curtha in eagar mar ábhar luachmhar do scoláirí de chúrsaí oideachais ar líne chomh maith le cleachtóirí agus lucht déanta polasaithe atá ag iarraidh a mbarúlacha faoin oideolaíocht ar líne a shaibhriú.


Practical Pedagogy: 40 New Ways to Teach and Learn
(M. Sharples) 2019
Cuireann Practical Pedagogy le domhan an teagaisc agus na foghlama. Istigh ann, tá treoir inrochtana do nuálaíochtaí nua agus nuálaíochtaí atá ag teacht chun cinn i gcúrsaí oideachais, agus tá léargais ann maidir le bheith níos éifeachtaí mar mhúinteoir agus mar fhoghlaimeoir. Gheobhaidh múinteoirí nua réamhrá cuimsitheach ar bhealaí nuálacha le teagasc agus foghlaim a dhéanamh. Beidh iontas ar oideoirí a bhfuil taithí acu faoin réimse oideolaíochtaí úsáideacha atá ann, ar nós trasteangú, foghlaim aistrithe, teachback (teagasc ar ais), bricolage agus foghlaim riosómatach. Gheobhaidh lucht déanta polasaithe fianaise den chaoi a n-oibríonn modhanna teagaisc nua ó thaobh na praiticiúlachta de, agus tá acmhainní ann le curaclaim a dhearadh agus le cúrsaí a fhorbairt. Ag baint leas as ábhair as an tsraith tuairiscí maidir le hOideolaíocht a Nuáil atá an-chumachtach, is bailiúchán den 40 oideolaíocht is suntasaí atá sa leabhar seo, a chlúdaíonn: bealaí nuálacha chun teagasc agus foghlaim a dhéanamh; conas a chuirtear oideolaíochtaí in oiriúint a bhealaí nua don aois dhigiteach; fianaise maidir leis an bhfáth agus leis an gcaoi a n-oibríonn modhanna teagaisc éagsúla, lena n-áirítear cás-staidéir atá lonnaithe i seomraí ranga, suíomhanna neamhfhoirmeálta, agus spásanna foghlama ar líne; na himpleachtaí praiticiúla maidir leis an taighde is déanaí in eolaíocht na foghlama, a thugann an tsíceolaíocht, an t-oideachas, na eolaíochtaí sóisialta agus an eolaíocht néarchórais le chéile. Agus é eagraithe timpeall sé théama – Pearsantú, Nascacht, Machnamh, Forás, Léiriú Cruthanta agus Scála – is foinse chuimsitheach í Practical Pedagogy do mhúinteoirí, lucht déanta polasaithe, taighdeoirí oideachais agus do dhuine ar bith eile a bhfuil spéis acu i mbealaí nua le teagasc agus foghlaim a dhéanamh.


Jump-Start Your Online Classroom: Mastering five challenges in five days
(D. Stein, C. Wanstreet) 2017
Le Jump-Start Your Online Classroom (Cuir tús le Do Sheomra Ranga Ar Líne), ullmhaítear teagascóirí ar líne le go n-éireoidh leo cúrsaí ar líne a bhainistiú agus a chur ar fáil trí uirlisí agus gníomhaíochtaí éagsúla a thairiscint atá in ann cur leis an taithí teagaisc agus foghlama do gach duine, agus ag an am céanna dul i dtaithí ar an dúshlán a bhaineann le haon timpeallacht ar líne. Cuirtear cúig dhúshlán i láthair, iad ar fad deartha chun tabhairt fúthu taobh istigh de chúig lá. Tá achoimre ar na dúshláin mar seo a leanas:
- chun an t-aistriú a dhéanamh go dtí an teagasc ar líne;
- chun spásanna ar líne a thógáil le foghlaim a dhéanamh;
- chun scoláirí a ullmhú don fhoghlaim ar líne;
- chun an seomra ranga ar líne a bhainistiú agus a éascú;
- agus chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí foghlaimeoirí i seomra ranga ar líne.
Sa leabhar, tugtar faoi ghnáthfhadhbanna agus moltar réitigh a d’fhéadfadh an timpeallacht is fearr agus is féidir a chruthú do thaithí oideachais ar líne atá fiúntach.


53 Interesting Ways to Support Online Learning
(R. Sharpe) 2016
Cuirtear 53 smaoineamh phraiticiúla chun an fhoghlaim ar líne (nó digiteach) a éascú agus a fheabhsú sa leabhar seo. San áireamh sna topaicí tá na cinn seo a leanas: ag cuidiú le scoláirí chun tosú, ag tacú le hionchur na scoláirí; an fhoghlaim phearsanaithe a chruthú; scoláirí a spreagadh chun tuilleadh ama a chaitheamh ar thasc; agus cuidiú a thabhairt do scoláirí chun a gcuid foghlama agus an dul chun cinn a dhéanann siad a fhorbairt lasmuigh de na cúrsaí reatha atá ar siúl acu. Le cúrsaí atá deartha go maith, tá foghlaimeoirí in ann a gcuid tuiscintí féin a chruthú, comhthascanna a chur i gcrích agus páirt a ghlacadh i bpobail lasmuigh dá gcúrsa nó dá n-institiúid.


Brilliant Ideas for Using ICT in the Inclusive Classroom
(S. McKeown, A. McGlashon) 2015
Sa dara háit in Teach Secondary's Technology and Innovation Awards 2014 (Gradaim um Theicneolaíocht agus Nuálaíocht Mheánscoile a Theagasc 2014), atá urraithe ag Lego, sa leabhar seo, cuirtear a lán smaoineamh phraiticiúla atá simplí ina dtaispeántar do mhúinteoirí agus don fhoireann tacaíochta conas is féidir leo úsáid a bhaint as TFC chun cur leis an méid a bhaineann gach dalta amach. Conas is féidir leat úsáid a bhaint as TFC chun cur leis an méid a bhaineann do chuid daltaí uile amach? Cuideoidh an treoir phraiticiúil seo do mhúinteoirí leat ligean leis an bhféidearthacht ollmhór atá ann den nuatheicneolaíocht chun cur le foghlaim na ndaltaí, go háirithe do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu. Agus caoga cás-staidéar le léaráidí agus fiche gníomhaíocht thionscnaimh ann, cuideoidh an acmhainn phraiticiúil seo leat chun an nuatheicneolaíocht a thabhairt isteach sa seomra ranga ionchuimsitheach, iad ar fad deartha chun cuidiú le scileanna an 21ú haois de do chuid daltaí a fheabhsú maidir le haipeanna, podchraoladh, vicithe, cluichí, ealaín dhigiteach, agus i bhfad níos mó. Is cuma má tá tú eolach cheana féin ar chúrsaí teicneolaíochta nó má tá tú díreach ag iarraidh tosú le TFC, tá an leabhar seo lán le smaointe iontacha maidir le conas foghlaimeoirí de gach cumas a mhealladh chun úsáid a bhaint as cúrsaí teicneolaíochta.