Ag Comhroinnt do chuid Taighde

Croí logo 1

Tá líon bealaí ann ina dtacaíonn an Chomhairle agus páirithe leasmhara eile le múinteoirí ó thaobh a gcuid taighde a comhroinnt lena chéile.

Researchmeets

Tá Researchmeets bunaithe ar leagan amach Teachmeet, cruinniú atá eagraithe (ach cruinniú neamhfhoirmiúil) áit a ndéantar nanailéirithe éagsúla- (dhá nóiméad) nó macrailéirithe - (seacht nóiméad) a chur ar fáil ar ghné ar bith den oideachas. Ag researchmeet, déanann na múinteoirí atá rannpháirteach i dtaighde a dtaighde leanúnach agus/nó a dtaighde comhlánaithe a chur i láthair. Tá siad seo ina ngnéithe anois d’fhéilire bliantúil na Comhairle maidir le himeachtaí taighde.

Chun féachaint ar ResearchMeet 2020, cliceáil anseo le do thoil.

Chun rochtain a dhéanamh ar shonraí ar ResearchMeet 2019, cliceáil anseo le do thoil.

Chun rochtain a dhéanamh ar shonraí ar ResearchMeet 2018, cliceáil anseo le do thoil (Béarla).

T-REX

T-REX Logo

T-REX is ea líonra ar líne le haghaidh múinteoirí agus taighdeoirí oideachais eile. Tacóidh sé le scoileanna agus le hInstitiúidí Ardoideachais le rochtain agus comhroinnt a dhéanamh ar na léargais is déanaí ó thaighde ceannródaíoch le linn tréimhsí agus in áiteanna atá oiriúnach dóibh. Cé acu atá achoimre den taighde is déanaí faoi thopaic ar spéis leat á lorg agat, nó ar mian leat an taighde sin a phlé le cómhúinteoirí nó le comhthaighdeoirí, nó ar mian leat gach rud thuas a dhéanamh, cuirfidh T-REX ardán saor in aisce ar fáil duit chun é seo a dhéanamh! Tacóidh sé le comhráite, le comhoibriú agus le naisc níos láidre idir cúrsaí taighde, polasaí, cleachtais agus idir scoileanna agus Institiúidí Ardoideachais. Tá an chéad chéim eile d’fhorbairt an ardáin á maoiniú ag an ngrúpa Research Alive! (is é sin, an Chomhairle Mhúinteoireachta, An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus an Lárionad um Sheirbhísí Éifeachtacha) i gcomhar leis an bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta agus Foghlama san Ardoideachas, thar thréimhse dhá bhliain. Faigh tuilleadh eolais faoi T-REX anseo agus cliceáil anseo chun rochtain a dhéanamh ar an ardán.

NEARI

Is líonra é an Líonra um Thaighde Feidhmeach Oideachais in Éirinn (NEARI) do lucht taighde feidhmeach, dóibh siúd atá ag tosú amach ar thaighde feidhmeach, dóibh siúd atá ag obair ar thionscadail taighde fheidhmigh agus dóibh siúd atá mar thaighdeoirí feidhmeacha ar feadh an tsaoil. Is ionann é agus grúpa trasearnála le rannpháirtithe ó gach leibhéal den chóras oideachais. Tá tuilleadh mionsonraí le fáil anseo.

CARN

Is líonra idirnáisiúnta é an Comhlíonra um Thaighde Feidhmeach (CARN) a bhfuil comhaltaí de shuíomhanna oideachais, sláinte, cúram sóisialta, seirbhísí tráchtála agus poiblí rannpháirteach ann. Tá sé mar aidhm leis spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do thionscadail taighde fheidhmigh (pearsanta, áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta), cuntais inrochtana de thionscadail taighde fheidhmigh, agus ionchuir i dteoiric agus modheolaíocht an taighde fheidhmigh. Tá rochtain ar an láithreán gréasáin ar fáil anseo.

Tacar Praiticiúil le Sonraí Taighde a Chomhroinnt

Trí shonraí taighde a chomhroinnt, cuireann múinteoirí agus lucht taighde eile an méid is fearr is féidir leis an éifeacht a bhíonn ag a gcuid oibre, agus téann sé chun tairbhe an chórais oideachais níos leithne. Trí do chuid sonraí a chomhroinnt bíonn lucht taighde eile in ann d'ábhar a úsáid ar bhealaí eile nach smaoineofa orthu, nó nach raibh tú in ann a dhéanamh i do thionscadal taighde féin. Tugann sé an deis do lucht taighde eile do chuid torthaí a fháil freisin, do chuid torthaí a dhearbhú, d'uirlisí a thástáil agus comparáid a dhéanamh le staidéar eile. Tugann sé an deis dóibh do chuid oibre a úsáid chun cur leis an eolas i reimsí tábhachtacha. Is tacar praiticiúil é an leabhrán seo, atá forbartha ag Tionscnamh Forbartha don Óige, a bheidh mar thacaíocht do mhúinteoirí agus do lucht taighde eile lena gcuid sonraí a chomhroinnt.