Babhta a Cúig de Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan

Tairgeann an Creat tacaíocht do mhúinteoirí agus do dhaoine eile maidir le úsáid a bhaint as taighde atá ann cheana féin chun cur lena gcleachtadh, nó chun tabhairt faoi thaighde nua, i gcomhar le daoine eile nó go neamhspleách. Is an Creat an phríomhghné de Shraith Taighde CROÍ (Comhoibriú agus Taighde don Nuálaíocht Leanúnach) de chuid na Comhairle, a leagann béim láidir ar ghníomhaíochtaí taighde a neartaíonn na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtadh, agus ar an gcomhoibriú i measc múinteoirí, agus idir múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile i gcúrsaí oideachais.

In 2021, thug an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat, lena chinntiú go bhfuil a chuspóirí á chomhlíonadh aige go fóill. I bhfianaise an athbhreithnithe sin, tá an Creat athdheartha anois mar dhá scéim ar leith ach atá ag teacht lena chéile:

  • An Scéim Taighdeoirí Cónaithe (STC) le haghaidh scoileanna, a dhéanfar a lainseáil go luath in 2022, agus an Scéim Sparánachta Taighde (SST)

    • an Scéim Sparánachta Taighde (SST) do mhúinteoirí atá ag tabhairt faoi thaighde nua, a lainseáladh i mí Mheán Fómhair 2021, agus
    • an Scéim Taighdeoirí Cónraithe (STC) do scoileanna atá ag tabhairt faoi thaighde atá ann cheana féin, a lainseáladh i mí Eanáir 2022.