Léargas Ginearálta
Tugann Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan tacaíocht do ghníomhaíochtaí taighde nuálacha agus cruthaitheacha a neartaíonn na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtadh. Tá an babhta reatha den chreat déanta suas de dhá scéim idirghaolmhara:
- An Scéim Taighdeoirí Cóntaithe (STC)
- An Scéim Sparánachta Taighde (SST).
Tá achoimre ar an Scéim Taighdeoirí Cónaithe (STC) curtha ar fáil thíos.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an Scéim Sparánachta Taighde (SST) ar fáil anseo.
An Scéim Taighdeoirí Cónaithe (STC)
Tríd an STC, tabharfaidh an Chomhairle tacaíocht go gníomhach do scoileanna, do chnuasaigh scoileanna, atá ag iarraidh dul i gcomhpháirtíocht le taighdeoirí in Institiúidí Ardoideachais (HEIanna) i rith na scoilbhliana. D’fhéadfadh na rannpháirtithe iniúchadh a dhéanamh ar thaighde atá ann cheana féin, é a shintéisiú, a chur i bhfeidhm agus a chomhroinnt i gceann amháin nó níos mó de na sé réimse foghlama de chuid Cosán, is iad sin:
- Cuimsiú
- Folláine
- Litearthacht agus Uimhearthacht
- TFC
- Tacaíocht a Thabhairt d’Fhoghlaim Múinteoirí
- Foghlaim Threoraithe
Déantar gach ceann de na réimsí seo a shainmhíniú tríd is tríd in Cosán, agus moltar do scoileanna tagairt a dhéanamh do na sainmhínithe leithne sin sula ndéantar iarratas.
Beidh na taighdeoirí ag obair i gcomhpháirtíocht leis na scoileanna i rith na scoilbhliana, agus go háirithe leis an múinteoir atá i gceannas ar an tionscadal ag leibhéal na scoile – an Cinnire Taighde (I gCeannas an Taighde). Tá sé phainéal taighdeoirí atá lonnaithe in HEIanna bunaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun tacú leis an scéim seo, agus tá gach painéal ag teacht le ceann amháin de na sé réimse foghlama de chuid Cosán. Tá sonraí maidir le painéal na dtaighdeoirí ar fáil anseo (Béarla).
Féadfaidh Taighdeoir Cónaithe dul i gcomhar le scoil amháin nó níos mó má iarrtar air/uirthi, chun an méid is mó comhfhoghlama agus tionchar agus is féidir a bhaint amach.
Táthar ag díriú ar an gcleachtadh sa seomra ranga, agus tá sé mar aidhm an taithí teagaisc agus foghlama a fheabhsú do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí.
Faoi réir an riachtanais leathain sin, tabharfar neamhspleáchas suntasach do scoileanna maidir le húsáid a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil.
Tairgfear clár roghanna dóibh nach bhfuil uileghabhálach chun a smaointeoireacht a spreagadh roimh an iarratas a dhéanamh. B’fhéidir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh, mar shampla*:
- Ceardlanna a éascú mar chuid d’uaireanta Pháirc an Chrócaigh nó cruinniú foirne a éascú, ina bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh ar thaighde ar thopaic ar leith sa chomhthéacs le tacaíocht a thabhairt don scoil chun tabhairt faoi dhúshlán atá aitheanta acu (mar shampla, tríd an bpróiseas féinmheastóireacht scoile (FMS)/ag breathnú ar an scoil againne (ABSA).
- Cuir chuige oideolaíocha bunaithe ar fhianaise a chur i bhfeidhm agus foghlaim uathu, cuir chuige traschuraclaim, etc. ina measc.
- Iniúchtaí ar an gcomhéadan idir oideachas tosaigh múinteoirí agus an t-ionduchtú, agus bealaí bunaithe ar fhianaise agus nuálacha chun tacú le foghlaim múinteoirí síos tríd an leanúntas, ón socrúchán scoile, trí Droichead agus mar chuid de Cosán.
- Pleanáil a dhéanamh do thionscadal taighde comhoibríoch scoilbhunaithe, le cur isteach níos déanaí faoin Scéim Sparánachta Taighde (SST).
- Taighde atá déanta ag an scoil a chomhroinnt agus/nó a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear taighde a bhfuil tacaíocht faighte aige cheana féin ón gComhairle faoin Scéim Sparánachta Taighde (féach thíos) nó babhtaí roimhe seo de Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan.
*Is clár roghanna é seo nach bhfuil uileghabhálach do scoileanna le cur san áireamh sula ndéantar iarratas.