Foinsí Maoinithe Eile do Thaighde

Croí logo 1

Cuireann raon eagraíochtaí maoiniú ar fáil ar féidir le múinteoirí agus daoine eile atá i mbun taighde oideachais rochtain a dhéanamh air. Tá naisc curtha isteach againn chuig na suíomhanna gréasáin ábhartha thíos. Má tá tú ar an eolas faoi fhoinsí maoinithe eile nach bhfuil tagairt déanta dóibh thíos, cuir ríomhphost chugainn ag research@teachingcouncil.ie.

Cumann Múinteoirí Éireann (INTO)

Bhronn Scéim Sparánachta INTO 2020 do bhaill sé sparánacht de €3,000 le haghaidh an leibhéil dochtúireachta agus €1,500 le haghaidh an leibhéil mháistreachta/eile. Tá sparánachtaí oscailte do gach ball INTO, ó Thuaidh agus ó Dheas. Cuirfear aon tionscadal a d’fhaomh institiúid tríú leibhéal mar shaothar taighde san áireamh chun críche deontais. 

Le haghaidh eolais maidir le leaganacha den scéim seo sa todhchaí téigh i dteagmháil le www.into.ie le do thoil.

Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI)

Cuireann an ASTI raon tacaíochtaí ar fáil dá bhaill. Clúdaíonn siad seo Dámhachtainí Gnóthachtála, Deontais Staidéir de €1,000, agus Scoláireacht ASTI de €2,000 le bheith bronnta ar bheirt bhall ASTI. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

An Chomhairle um Thaighde in Éirinn

Déanann Comhairle Taighde na hÉireann (The Irish Research Council) grúpa scéimeanna cónasctha a bhainistiú agus cuirtear maoiniú ar fáil do thaighdeoirí sna céimeanna gairme uile ó iarchéim go dtí leibhéal phríomhthaighdeora. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS)

Reáchtálann an RIA (Acadamh Ríoga na hÉireann) líon scéimeanna mar seo a leanas:

Charlemont Grants a éascaíonn cuairteanna gairide idirnáisiúnta as Éirinn le príomhthaighde a reáchtáil in aon réimse ábhair, lena n-áirítear an fhorbairt ar chomhshaothair agus líonraí taighde nua, rochtain ar threalamh taighde agus ar oiliúint nach bhfuil ar fáil in Éirinn.

The Royal Society International Exchange Cost Share Programme a thacaíonn le comhshaothar idirnáisiúnta trí mhaoiniú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le cúrsaí taighde le haghaidh tionscadail ina bhfuil foirne lonnaithe i bPoblacht na hÉireann agus sa Ríocht Aontaithe sa réimse eolaíochtaí nádúrtha. 

R.J. Hunter Research Bursary Scheme a chuireann tacaíocht ar fáil le haghaidh na gcostas díreach de thaighde ar ghnéithe de Stair Uladh le linn na tréimhse 1500-1800, suas go dtí €2,500 ar a mhéad.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, cliceáil anseo le do thoil.

An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

Scéim maoinithe áiseanna teagaisc agus foghlama 2021: Spreagtar iarratais a dhéanamh le maoiniú a dhéanamh ar áiseanna teagaisc agus foghlama a fhorbairt le haghaidh oideachais trí mheán na Gaeilge nó le Gaeilge a theagasc.

Sparánachtaí Taighde 2021: Cuirfidh COGG fáilte roimh iarratais ó thaighdeoirí aonnair nó ó institiúidí le dul i mbun taighde (mar thionscadal taighde fadtéarmach nó gearrthéarmach).

Cliceáil anseo le do thoil le haghaidh tuilleadh eolais.

An Bhuanchomhdháil ar Oideachas Múinteoirí, Ó Thuaidh agus ó Dheas (SCoTENS)

Cuireann SCoTENS Maoiniú Síl ar fáil chun tacú le líon comhthionscadal taighde agus gníomhaíochtaí gairmiúla in oideachas múinteoirí i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann. De ghnáth is iad na suimeanna a leithdháiltear ná thart ar £3,000 – £6,000 (tuairim is €3,750 – €7,500). Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.

Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI)

Is é SFI (Fondúireacht Eolaíochta Éireann) an fhondúireacht náisiúnta le hinfheistíocht a dhéanamh i dtaighde eolaíochta agus innealtóireachta. Is é an aidhm atá ag clár maoinithe um Iniúchadh SFI feasacht agus rannpháirtíocht phobal na hÉireann a chur chun cinn san eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus mata (STEM). Is féidir teacht ar thuilleadh eolais anseo.

An Chomhairle Mhúinteoireachta

Cuireann Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaoine eile atá i mbun taighde nua, nó atá ag roinnt taighde atá ann cheana féin, á chomhtháthú nó á chur i bhfeidhm ina gcleachtas, go neamhspleách nó i gcomhar le daoine eile. Le haghaidh tuilleadh sonraí, cliceáil anseo le do thoil.

Scéim Aisíocaíochta Táillí Múinteoirí

Cuireann an Scéim Aisíocaíochta Táillí Múinteoirí maoiniú ar fáil do mhúinteoirí i dtreo an chostais de chúrsaí forbartha ionghairme agus táillí scrúdaithe gaolmhara. Tugtar íocaíocht ar an gcoinníoll go gcuirtear a leithéid cúrsaí a bheadh faofa ag an Roinn agus údaráis na scoile, i gcrích go rathúil. Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil anseo le do thoil.