Ar 1 Bealtaine 2019, d’fhógair an Chomhairle babhta a trí den Chreat Tacaíochta Taighde, tráth ar cuireadh €100,000 ar fáil do mhúinteoirí agus daoine eile atá i mbun taighde oideachais agus ag plé leis.
Glacadh le hiarratais faoi bhabhta a trí den chreat ó Lá Bealtaine go dtí an 20 Meitheamh 2019, agus fuarthas 37 iarratas faoin dáta sin. Roghnaíodh 24 tionscadal don mhaoiniú, agus bronnadh na sparánachtaí ag ócáid i mBaile Átha Cliath, an 10 Nollaig 2019. Tá an Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan ann in ómós don éacht oibre a rinne an tOllamh John Coolahan i réimse an oideachais anseo in Éirinn agus thar lear. Beidh a chuid oibre, a shaol agus an fuinneamh a bhí ann ina inspioráid dóibh siúd go léir a bhfuil a gcroi sa mhúinteoireacht, san fhoghlaim agus sa taighde.
Gheofar liosta anseo de na tionscadail a fuair maoiniú faoin tríú babhta den chreat tacaíochta taighde (Béarla).
Féach ar fhíseán gearr den searmanas bronnta d’fhaighteoirí faoi bhabhta a trí den Chreat Tacaíochta Taighde, thíos: