Tá an Grúpa Rannpháirtíochta Taighde (GRT) déanta suas de mhúinteoirí cláraithe agus de dhaoine eile a bhfuil taithí agus spéis acu i gcúrsaí taighde sna réimsí teagaisc, foghlama agus/nó measúnaithe. Tá an grúpa ionadaíoch do raon leathan de chomhthéacsanna teagaisc, leasanna taighde, agus déanann sé gach iarracht:
- Tacú le hobair na Comhairle sa réimse taighde, lena n-áirítear fáil chriticiúil ag múinteoirí ar thaighde a éascú
- Rannpháirtíocht na múinteoirí sa taighde agus múinteoirí i mbun taighde a chur chun cinn
- Rannpháirtíocht idir múinteoirí agus daoine eile atá i mbun taighde a chur chun cinn, taighdeoirí lonnaithe in HEIanna san áireamh.
Is ar bhonn deonach agus roghnach é bheith rannpháirteach sa ghrúpa, agus de ghnáth bíonn tuairim is 20 comhalta ann a mbíonn téarma oifige dhá bhliain acu. Tagann an grúpa le chéile trí huaire in aghaidh na bliana, cé gur féidir tuilleadh cruinnithe a phleanáil nuair is gá. Tháinig an grúpa le chéile don téarma reatha de dhá bhliain, ach chuirfeadh an Chomhairle fáilte roimh léiriú spéise ó dhaoine aonair ar mian leo bheith rannpháirteach amach anseo, nó sa chás go dtagann folúntais chun cinn ó am go ham. Ba chóir do dhaoine aonair a raibh ionchur acu i dtaighde oideachasúil, agus atá toilteanach rannpháirtíocht múinteoirí i gcúrsaí taighde agus múinteoirí i mbun cúrsaí taighde a éascú, léiriú spéise thíos a chur isteach go dtí research@teachingcouncil.ie.
Breathnófar ar léirithe spéise ag cur san áireamh raon gnéithe lena n-áirítear:
- Fianaise spéise i gcúrsaí taighde/ i mbun cúrsaí taighde sa teagasc, foghlaim agus measúnú
- Tiomantas agus a bheith ar fáil chun freastal ar chruinnithe pleanáilte. (De ghnáth bíonn na cruinnithe ar siúl i rith na seachtaine, ar 4 p.m. in oifigí na Comhairle i Maigh Nuad.)
- A bheith toilteanach dul i mbun gníomhaíochtaí GRT lena n-áirítear:
- o A bheith rannpháirteach i gcomhráite chun naisc fheabhsaithe idir an taighde, polasaithe agus cleachtas a chur chun cinn sa teagasc agus san fhoghlaim
- o Ábhar léitheoireachta a mholadh don ghairm ón mbunachar sonraí EBSCO nó ó áiteanna eile
- o Achoimrí gearra a scríobh maidir le taighde atá molta le foilsiú ar shuíomh gréasáin na Comhairle nó trína ríomhiris
- o Aiseolas a chur ar fáil ar straitéis taighde na Comhairle agus na réimsí taighde tosaíochta de réir mar is gá.