Ag eascairt as an suirbhé ar mhúinteoirí in 2013 (Béarla), reáchtáladh comhdháil Research Alive! i mí na Bealtaine 2013, i gColáiste Bríde, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. Aidhm na comhdhála ba ea múinteoirí, taighdeoirí agus páirtithe leasmhara eile a thabhairt le chéile chun plé agus iniúchadh a dhéanamh ar thaithí agus rannpháirtíocht na múinteoirí i dtaighde oideachasúil agus rochtain na múinteoirí ar thaighde oideachasúil. San áireamh i dtorthaí pleanáilte na comhdhála bhí smaointe agus tacaíocht dóibh seo a leanas:
- do mhúinteoirí maidir le conas rochtain a dhéanamh ar thaighde ar chúrsaí oideachais;
- do thaighdeoirí agus lucht déanta polasaithe maidir le conas torthaí taighde a dhéanamh níos inrochtana; agus
- don lucht spéise i gcoitinne maidir le cén taighde atá tábhachtach agus cén taighde a dhéanann difríocht sa teagasc agus san fhoghlaim.
Bhí 90 toscaire ar an iomlán a d’fhreastail ar an gcomhdháil agus bhí an t-aiseolas ó na rannpháirtithe uile ag an ócáid, múinteoirí ina measc, thar a bheith dearfach. Bhí múinteoirí rannpháirteach sa phlé i rith an lae, agus leis an ionchur a bhí acu, chuir siad dhá phríomhéileamh in iúl:
- Bhí rochtain níos éasca á lorg acu ar thaighde ardchaighdeáin.
- Bhí deiseanna ag teastáil uathu le rannpháirtíocht chriticiúil a dhéanamh sa taighde sin.