Suirbhé Research Alive!

Ghlac níos mó ná 4,000 múinteoir i suirbhé i mí Eanáir 2013 maidir lena rannpháirtíocht i gcúrsaí taighde. Sna freagraí, leagadh béim ar an spéis láidir atá i measc múinteoirí go mbeidís rannpháirteach níos mó i gcúrsaí taighde. I measc na bpríomhthorthaí bhí na nithe seo a leanas:

  1. San áireamh sna cúiseanna nach rabhthas rannpháirteach i dtaighde oideachasúil nó nach raibh taighde oideachasúil in úsáid bhí: easpa ama; deacrachtaí leis na torthaí taighde eimpíreacha a aistriú isteach go dtí cad a tharlaíonn i ndáiríre sna seomraí ranga; deacrachtaí teacht ar thaighde agus deacrachtaí taighde a thuiscint. Bhí níos lú ná 10% de na freagróirí a roghnaigh an rogha ‘nach fiú an iarracht’ na torthaí taighde.
  2. San áireamh sna gníomhaíochtaí le go mbeidh fáil níos fearr ag múinteoirí ar thorthaí taighde bhí: níos mó taighde faoi threoir múinteoirí; níos mó foilseachán taighde atá ann go speisialta do mhúinteoirí; tacaíocht ó scoileanna chun dul i ngleic le cúrsaí taighde agus am chun machnamh a dhéanamh le comhghleacaithe.