Tá líon taisclann agus bunachar sonraí foinse oscailte a thairgeann ailt irisleabhair, leabhair agus tráchtais.
Directory of Open Access Books - Leis an DOAB méadaítear an fhéidearthacht le leabhair um Rochtain Oscailte a aimsiú.
Directory of Open Access Journals - Is eolaire ar líne é DOAJ a dhéanann irisleabhair rochtana oscailte ardchaighdeáin a bhfuil léirmheas déánta orthu ag piaraí, a innéascú agus a chur ar fáil go héasca.
ERIC Institute of Education Services - Is leabharlann ar líne í ERIC de thaighde agus eolas oideachais atá faoi urraíocht ag Institiúid na nEolaíochtaí Oideachais (IES) de Roinn Oideachais na Stát Aontaithe.
OAPEN Library - Sa Leabharlann OAPEN tá leabhair acadúla a bhfuil fáil éasca orthu, go príomha sa réimse daonnachtaí agus eolaíochta sóisialta.
Open Book Publishers - Foilsíonn OBP taighde acadúil agus rochtana oscailte ar ardchaighdeán sna Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta.
Springer Open - Cuireann Springer Open áit ar fáil do thaighdeoirí as gach réimse den eolaíocht, teicneolaíocht, leigheas agus de na daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta le rochtain oscailte sna hirisleabhair agus leabhair a fhoilsiú.
Wiley Open - Is clár é Wiley Open Access d'irisleabhair rochtana oscailte iomlána.
DORAS – Taisclann institiúideach rochtana oscailte a chuireann rochtain saor in aisce ar fáil ar fhoilseacháin agus tráchtais taighde d’Ollscoile Chathair Bhaile Átha Cliath.
CORA – Tugann Cartlann Taighde Oscailte Chorcaí (Cork Open Research Archive) rochtain oscailte saor in aisce duit ar fhoilseacháin agus tráchtais taighde eolaíochta agus léannta de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
ARROW - Is seirbhís de Sheirbhísí Leabharlainne Institiúid Tecineolaíochta Bhaile Átha Cliath í an taisclann.
NCSE – Eolas faoi fhoilsecháin taighde agus beartas sa réimse oideachais speisialta ar oileán na hÉireann ó 2009 ar aghaidh, ón gComhairle Náisiúnta Oideachais Speisialta.
ARAN - Is bailiúchán digiteach é ARAN d'fhoilseacháin léannta um rochtain oscailte as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bailíonn agus caomhnaíonn ARAN cumarsáid léannta, lena n-áirítear ailt a bhfuil léirmheas déanta orthu ag piaraí, páipéir oibre agus páipéir comhdhála a chruthaigh taighdeoirí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus cuireann siad iad ar fáil go héasca.
TARA - Is taisclann um rochtain oscailte í TARA ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
RIAN – Tairseach fhairsing do thaighde de chuid na hÉireann, lena n-áirítear comhbhailiúchán d'ábhar as líon taisclann institiúideacha e.g. Ollscoil Luimnigh, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, an tÚdarás um Ard-Oideachas.