Ríomhiris Taighde

Croí logo 1

 Cliceáil ar na naisc thíos chun na ríomhirisí taighde is deireanaí atá foilsithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta a léigh.

Ezine

Ezine

Ríomhiris Lá Domhanda um Leabhair, 2 Márta 2023

Tá súil againn go dtugann an réimse mealltach den scoth seo blaisín duit den ábhar atá ar fáil saor in aisce ar ár leabharlann ar líne. Beidh éagsúlacht na ríomhleabhar ina hábhar spéise do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile go háirithe.

Ezine

Ríomhiris Lá Domhanda um Leabhair, 3 Márta 2022

Is cúis áthais dúinn ríomhiris na bliana seo a eisiúint chun Leabhar Domhanda na Leabhara chomóradh ar an 3 Márta.

Ezine

Ríomhiris Lá Domhanda um Leabhair, 4 Márta 2021

San eagrán seo tá naisc chuig rogha ríomhleabhar atá i mbailiúcháin ríomhleabhar na Comhairle. 

Ezine

Ag Baint Úsáid as Taighde inár Scoil – Téama 2: Folláine, 3 Feabhra 2021

Tá súil againn go mbeidh sé níos éasca do scoileanna teacht ar ábhar taighde ar chúrsaí folláine le leagan amach a oireann dóibh.

Ezine

Teagasc agus Foghlaim Ar Líne, 25 Eanáir 2021

Tar éis an rath a bhí ar an seimineár gréasáin le déanaí, táimid ag freagairt d'iarratais ar a thuilleadh tacaíochta maidir le teagasc agus foghlaim ar líne. Sa chomhthéacs sin, chuireamar an ríomhiris seo a chaitheann solas ar chuid den taighde is déanaí le chéile.

Ezine

Ag Baint Úsáid as Taighde inár Scoil – Téama 1: Machnamh, 15 Meán Fómhair 2020

Tá súil againn go mbeidh sé níos éasca do scoileanna teacht ar ábhar taighde ar chúrsaí machnaimh le leagan amach a oireann dóibh ag baint úsáid as na hacmhainní seo.

Ezine

Iarratais á lorg anois don Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan, 2 Meitheamh 2020

Tá an fhoirm iarratais le haghaidh tacaíocht faoin gCreat Tacaíochta Taighde John Coolahan ar Fáil anois. Gheofar breis eolais anseo mar aon le hábhair tacaíochta chun scafláil ar an pbróiseas iarratais.

Ezine

Lá Domhanda um Leabhair, 5 Márta 2020

Le haghaidh na ríomhirise seo do Lá Domhanda na Leabhar, d'iarramar ar roinnt mhaith ceannairí scoile, múinteoirí reatha, lucht déanta beartas agus taighdeoirí atá ar thús cadhnaíochta in earnáil oideachais na hÉireann léirmheas a thabhairt ar fhiche leabhar ónár leabharlann ar líne atá saor in aisce.

Ezine

Ríomhiris taighde ar an téama An Scoil Ionchuimsitheach, 19 Samhain 2019

Tá an-áthas orainn an ríomhiris taighde seo a eisiúint, ar an téama, An Scoil Ionchuimsitheach, roimh sheimineár gréasáin dár gcuid ar an topaic chéanna ar an 4ú Nollaig, i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE).  Táimid thar a bheith buíoch do Mary Byrne , Ceann an Oideachais Speisialta leis an NCSE, as réamhrá tuisceanach a thairiscint don eagrán seo.

Ezine

Ríomhiris taighde faoin téama: Peirspictíochtaí ar an Measúnú a Scrúdú: Ag Foghlaim ó Thaighde & ó Chleachtas, 24 Deireadh Fómhair 2019

Tá an-áthas orainn an ríomhiris taighde seo a sheoladh, Peirspictíochtaí ar an Mheasúnú a Scrúdú: Ag Foghlaim ó Thaighde & ó Chleachtas, roimh ár seimineár gréasáin ar an topaic chéanna, an 6 Samhain i gcomhar leis an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) agus leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA). Táimid thar a bheith buíoch don Ollamh Michael O’Leary, Institiúid Oideachais OCBÁC, as réamhrá géarchúiseach a thairiscint don eagrán seo.

Ezine

Ríomhiris taighde maidir leis an téama den Teicneolaíocht Dhigiteach Inár Scoileanna: Ag foghlaim ón dTaighde agus ón gCleachtas, 11 Meán Fómhair 2019.

Tá ríméad orainn an ríomhiris taighde seo faoi Theicneolaíocht Dhigiteach Inár Scoileanna: Ag foghlaim ón dTaighde agus ón gCleachtas, a eisiúint, a thagann roimh ár seimineár gréasáin atá ag teacht níos ar an topaic chéanna ar an 16 Deireadh Fómhair i gcomhar leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST). Táimid fíorbhuíoch don Dr Tony Hall, Léachtóir Sinsearach i dTeicneolaíocht an Oideachais agus Ceann Tánaisteach Scoil an Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a chuir réamhrá léirsteanach ar fáil don eagrán seo.

Ezine

Iarratais á lorg anois don Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan, 1 Bealtaine 2019

Tá an fhoirm iarratais le haghaidh tacaíocht faoin gCreat Tacaíochta Taighde John Coolahan ar fáil anois.

Ezine

Ríomhiris Taighde na Comhairle Múinteoireachta faoin téama Athchóiriú Curaclaim: Taighde, Beartas, Cleachtas, 21 Márta 2019

Cúis áthais dúinn an ríomhiris taighde seo faoin Athchóiriú Curaclaim: Taighde, Beartas, Cleachtas a eisiúint roimh sheimineár gréasáin dár gcuid faoin topaic chéanna ar an 3 Aibreán 2019, i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA/CNCM). Táimid thar a bheith buíoch do John Hammond, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, a thairg réamhrá léirsteanach don eagrán seo.

Ezine

Ríomhiris an Chomhairle Mhúinteoireacht chun T-REX (Teachers' Research Exchange) a lainseáil, 11 Feabhra 2019

Tá an-áthas orainn an t-eagrán speisialta seo dár ríomhiris taighde a eisiúint agus T-REX (Teachers' Research Exchange), ardán nuálach ar líne, a lainseáil go foirmiúil. Is líonra ar líne é T-REX do mhúinteoirí agus do thaighdeoirí oideachasúla eile. Tacóidh sé le scoileanna agus Institiúidí Ard-Oideachais agus chun rochtain a fháil ar an léargas is déanaí ó thaighde ceannródaíoch, agus chun an léargas a roinnt, ag amanna agus in áiteanna a fheileann dóibh.

Ezine

Ríomhiris an Chomhairle Mhúinteoireacht faoin téama maidir le Dátheangachas sa Luath-Óige, 29 Eanáir 2019

Tá lúcháir orainn an ríomhiris taighe seo maidir le Dátheangachas sa Luath-Óige a eisiúint, a thagann roimh ár seimineár gréasáin atá ag teacht anois faoin ábhar céanna ar an 6 Feabhra. Gabhaimid buíochas ar leith don Ollamh Padraig Ó Duibhir a chuir réamhrá léirsteanach ar fáil dúinn don eagrán seo.

Ezine

Ríomhiris an Chomhairle Mhúinteoireacht ar an téama Múinteoireacht Mhachnamhach, Foghlaim Mhachnamhach: Ag Leanúint den Chomhrá, 9 Eanáir 2019

Tá ríméad orainn an ríomhiris taighde seo a eisiúint ar an téama Múinteoireacht Mhachnamhach, Foghlaim Mhachnamhach: Ag Leanúint den Chomhrá, atá a heisiúint roimh ár seimineár gréasáin atá ag teacht aníos faoin ábhar céanna ar an 16 Eanáir.

Ezine

Ríomhiris an Chomhairle Mhúinteoireacht ar an téama Rannpháirtíocht na nDaltaí, 27 Samhain 2018

Tá ríméad orainn an ríomhiris taighde seo a eisiúint ar an téama Rannpháirtíocht na nDaltaí, atá a heisiúint roimh ár seimineár gréasáin atá ag teacht aníos faoin ábhar céanna ar an 5 Nollag. Tá an-áthas orainn gur aontaigh Dr Emer Ring an t-eagrán seo dár ríomhiris a chur i láthairTá na hailt seo a bhfuil achoimrí díobh sa ríomhiris seo ar fáil go héasca agus cuireadh naisc ar fáil ag tús gach achoimre. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as iad a léamh.

Ezine

Ríomhiris an Chomhairle Mhúinteoireacht maidir le Cuimsiú do Chách, 24 Deireadh Fómhair 2018

Tá ríméad orainn an ríomhiris taighde seo a eisiúint maidir le Cuimsiú do Chách, atá á heisiúint roimh ár seimineár gréasáin atá ag teacht aníos faoin ábhar céanna ar an 7 Samhain. Táimid an-bhuíoch den Ollamh Emeritus Sheelagh Drudy a scríobh réamhrá gearr dúinn don eagrán seo dár ríomhiris. Tá na hailt seo a bhfuil achoimrí díobh sa ríomhiris seo ar fáil go héasca agus cuireadh naisc ar fáil ag tús gach achoimre. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as iad a léamh.

Is féidir leat rochtain a dhéanamh freisin ar réimse leabhar (téacs iomlán) maidir le cuimsiú i leabharlann ríomhleabhar na Comhairle. San áireamh anseo, tá teidil le Lani Florian, Richard Rose, Chris Forlin agus Gerry Mac Ruairc.

Ezine

Cuireann Pasi Sahlberg ár ríomhiris taighde do mhúinteoirí faoi oiliúint 2018 i láthair, 4 Bealtaine 2018.

Tá sé riachtanach do ndéanann múinteoirí taighde agus go ndéantar taighde dóibh chun tacú lena bhfoghlaim agus cleachtas. Tugann Sraith Taighde CROÍ sraith tionscnamh le chéile ina bhfuil sé mar aidhm ag an gComhairle na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtas a neartú. Gné amháin de CROÍ is ea a shraith de ríomhirisí taighde.

Ezine

Ríomhiris Seimineár Gréasáin mhí Aibreáin, 13 Aibreán 2018

Sa ríomhiris seo tá sonraí maidir leis na seimineáir ghréasáin taighde atá ar siúl i mí Aibreáin 2018.

Ezine

Cuireadh tugtha anois le haghaidh iarratas faoi Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan, 22 Márta 2018

Tá an fhoirm iarratais le hiarratas a dhéanamh ar thacaíocht a fháil faoi Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan ar fáil anseo.

Ezine

Ríomhiris Taighde CROÍ, 22 Márta 2018

Anseo, sa chéad eagrán dár ríomhiris sa tSraith Taighde CROÍ in 2018, tá eolas faoin seimineár gréasáin a bheidh againn go luath leis an Ollamh iomráiteach Andy Hargreaves! Tá dátaí na seimineár gréasáin uilig atá beartaithe don bhliain 2018  leagtha amach freisin (agus ceann in 2019 fiú!), a chlúdóidh réimse ábhar lena n-áirítear Rannpháirtíocht Mac Léinn, Dátheangachas le linn na hÓige agus Cleachtas Ionchuimsitheach.

Ezine

Ríomhiris Taighde ar an bhFolláine, 26 Deireadh Fómhair 2017

Sa ríomhiris tá deich n-achoimre d'ailt taighde a phléann an fholláine ó pheirspictíochtaí éagsúla, lena n-áirítear: an fholláine agus an fheidhmíocht acadúil; folláine na múinteoirí; an fholláine agus an tsláinte i gcoitinne; an fholláine agus an éirim mhothúchánach; an acmhainneacht; an fhlláine shuibiachtúil; an fholláine agus mothú d'fhiúntas pearsanta; agus an fholláine de dhéagóirí. Is féidir rochtain a dhéanamh ar na hailt ar fad a ndéantar achoimre orthu sa ríomhiris seo.

Ezine

Eagrán Speisialta Fullan, 24 Lúnasa 2017

Eisíodh an ríomhiris seo chun seimineár gréasáin taighde Croí ón 6 Meán Fómhair 2017 a chur chun cinn (“Fobairt á Déanamh ar an gComhoibriú Gairmiúil” chuir an tOll. Michael Fullan, O.C. i láthair) agus istigh ann tá achoimrí de sheacht alt de chuid an Oll. Fullan.

Ezine

Aistriú san Oideachas, 27 Aibreán 2017

Agus muid ag druidim le téarma deiridh na scoilbhliana seo, is iondúil nach dtugaimid mórán aird ar thús na scoilbhliana seo chugainn. Tá sé seo intuighte go maith. Ach de réir mar a dhruidimid le deireadh mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh, bíonn roinnt smaoineamh ann faoin aistriú atá romhainn - leabharliostaí a scaipeadh do Mheán Fómhair, mar shampla. Agus maidir lenár ndaltaí agus scoláirí atá chun dul thar an tairseach suntasach ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil, is féidir leis an am seo a bheith ina chúis imní. Is chuige sin ataimid ag gabháil do thopaic na n-aistrithe oideachais don ríomhiris taighde seo.

Ezine

Ríomhiris Taighde Ábhair Oide, 22 Márta 2017

Tá an taighde a dhéanann múinteoirí agus a dhéantar do mhúinteoirí riachtanach chun tacú lena bhfoghlaim agus cleachtadh mar dhaoine gairmiúla. Tá gach iarracht déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta múinteoirí a chur ag plé leis an taighde cuí trí sheimineáir ghréasáin ar leith a dhíríonn ar thaighde agus trí ríomhirisí taighde a fhoilsiú a chuirtear ar fáil do gach múinteoir cláraithe. Agus í ar an eolas faoi méid agus caighdeán an taighde nua atá ar siúl ag mic léinn OTM mar chuid dá gcláir, d'imigh an Chomhairle Mhúinteoireachta i dteagmháil leis na hInstitiúidí Ardoideachais uile in 2016 d'fhonn an ríomhiris taighde seo a fhoilsiú, ina bhfuil achoimrí ar thaighde a rinne mic léinn ó na cláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí ar fud na tíre. Sna hachoimrí léirítear iad siúd atá comhreathach agus leantach, agus fiú iad siúd ó na cláir bunscoile agus iarbhunscoile. Cé go ndéantar iniúchadh ar réimse d'ábhair taighde éagsúla, tá na hachoimrí curtha i ngrúpa, rud atá úsáideach, faoi roinnt de Príomhréimsí Taighde na Comhairle - An Oideolaíocht, Ag Teagasc i Sochaí atá ag Athrú, agus Leanúntas Oideachas Múinteoirí.

Ezine

Teagasc agus Foghlaim Thras-Churaclaim, 17 Feabhra 2017

San eagrán seo tá achoimrí d'ailt taighde atá ar fáil saor in aisce a bhaineann leis an teagasc agus foghlaim thras-churaclaim. Go bunúsach, is é atá i gceist leis seo leas a bhaint as an taighde chun tacú le comhtháthú níos fearr de na réimsí curaclaim a dhéanann múinteoirí ar leith, chomh maith le comhoibriú níos doimhne agus níos úsáidí idir na múinteoirí thar líon disciplíní nó thar réimsí curaclaim éagsúla.

Ezine

Guskey: Ag Tabhairt faoin Turas Foghlama Gairmiúla, 19 Eanáir 2017

Cur chuige idirghníomhach a bhí i gceist leis an seimineár seo a bhí ar siúl ar i mí Eanáir 2017 leis an Oll. Thomas Guskey. Bhí deis ag an lucht freastal éisteacht le tuairimíocht an Oll. Guskey maidir le foghlaim múinteoirí. Spreag an tOll. Guskey múinteoirí le machnamh a dhéanamh ar fhoghlaim ghairmiúil, agus ar a dtuiscint féin ar an gcoincheap. Bhreathnaigh sé ar bhealaí éagsúla le tairbhe an taithí foghlama a mheas.

Ezine

Ríomhiris Taighde, 23 Meán Fómhair 2016

San áireamh sna hábhair a chlúdaítear tá Cuimsiú, Ceannaireacht, Measúnú chun Foghlama (McF), Achóiriú Curaclaim agus Taighde Feidhmeach. Is sampla amháin d'obair na Comhairle é an ríomhiris chun múinteoirí a chumasú le tacaíocht a thabhairt dá chéile agus iad ag machnamh ar a gcleachtas gairmiúil agus ag cur leis.

Ezine

*Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar fáil do mhúinteoirí cláraithe ar leabharlann ar líne chun cur leis an rochtain atá acu ar thaighde oideachais, agus dá bhrí sin ag tacú lena bhfoghlaim ghairmiúil. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta le freagracht as cruinneas ná ionracas na n-irisleabhar, na n-alt, na ríomhleabhar, na sleachta agus na suíomhanna gréasáin ábhartha ná an ábhair a ndéantar rochtain air trí na hacmhainní seo.  Ní chiallaíonn na hacmhainní seo a bheith curtha san áireamh go dtugann an Chomhairle Mhúinteoireachta a faomhadh d’aon táirgí, seirbhísí, dearcthaí nó eolas a ndéantar cur síos orthu nó a chuirtear ar fáil in aon ailt, ríomhleabhair, sleachta agus suíomhanna gréasáin srl. den sórt sin.