Seimineáir Gréasáin

Croí logo 1

Mar chuid dá sraith taighde CROÍ (Taighde i gCroílár Teagaisc agus Foghlama), déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta seimineáir ghréasáin idirghníomhacha taighde a óstáil ar thopaicí atá ábharthach do ghairm na múinteoireachta, ar nós: an fhoghlaim a dhéanann múinteoirí; ceannaireacht; an cleachtas ionchuimsitheach; an t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil; teagasc agus foghlaim traschuraclaim. Leanann na seimineáir ghréasáin formáidí éagsúla agus is iondúil go n-eagraítear iad le haghaidh tráthnóna Dé Céadaoin ar a 8 p.m. Is féidir iad a bhreathnú beo ar na dátaí agus ag na hamanna a thugtar sa chéad bhosca thíos, agus moltar do scoileanna smaoineamh ar rannpháirtíocht múinteoirí sa seimineár gréasáin seo a aithint chun críocha uaireanta Pháirc an Chrócaigh. Gheobhaidh an tinreamh ar fad ríomhphost ag deireadh an tseimineáir ghréasáin bheo ag gabháil buíochais leo as a rannpháirtíocht.