Seimineáir Gréasáin go dtí seo

Croí logo 1Tuigimid nach féidir libh páirt a ghlacadh i ngach séimineáir ghréasáin bheo. Muna bhfuil tú in ann freastal ar an seimineár gréasáin, tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh taifeadadh ar fáil ar ár suíomh gréasáin tar éis an imeachta.Chun breathnú ar na seimineáir ghréasáin ar fad go dtí seo, cliceáil ar na naisc chuí thíos. B’fhiú do scoileanna breathnú ar thaifeadadh de sheimineár gréasáin mar phobal scoilbhunaithe ag gabháil don fhoghlaim ghairmiúil, nó mar bhraisle scoileanna, sa chuid sin de na gníomhaíochtaí uaireanta Pháirc an Chrócaigh a dhéantar ar bhonn lánscoile.

Ag Iniúchadh Peirspictíochtaí ar an Measúnú: Ag Foghlaim ón Taighde agus ón gCleachtas

Dáta craolta: 6 Samhain 2019

Rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta comhsheimineár gréasáin a óstáil i gcomhar leis an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) agus leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar an 6 Samhain ag 8pm nuair a bhí an téama Ag Iniúchadh Peirspictíochtaí ar an Measúnú: Ag Foghlaim ón Taighde agus ón gCleachtas á phlé ag an bpainéal seo a leanas, agus Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, sa chathaoir:

  • An tOllamh Michael O'Leary (Ollúnacht Prometric sa Mheasúnacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus Stiúrthóir an Ionaid um Thaighde, Polasaí agus Cleachtas Measúnaithe san Oideachas in Institiúid Oideachais OCBÁC)
  • Gráinne Macken (Treoraí Réigiúnach, Tacaíocht Scoile Uile agus FGL an Iarthuaiscirt, an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí)
  • Ben Murray (Stiúrthóir leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta)
  • Elaine Daly (Scoláire Iar-Bhunscoile i gColáiste Treasa, Ceann Toirc, Co. Chorcaí)

B’fhéidir go mba mhaith leis na Rannpháirtithe ár ríomhiris ar an téama céanna a léamh freisin: gheofar anseo é.

An Teicneolaíocht Dhigiteach inár Scoileanna: Ag Foghlaim ón Taighde agus ón gCleachtas

Dáta craolta: 16 Deireadh Fómhair 2019

D’óstáil an Chomhairle Mhúinteoireachta comhsheimineár gréasáin i gcomhar leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí ar an 16 Deireadh Fómhair nuair a pléadh An Teicneolaíocht Dhigiteach inár Scoileanna: Ag Foghlaim ón Taighde agus ón gCleachtas. Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, a bhí sa chathaoir agus ar an bpainéal bhí:

  • Anthony Kilcoyne ((Stiúrthóir Tánaisteach na dTeicneolaíochtaí Digiteacha, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí)
  • Dr Tony Hall (Léachtóir Sinsearach i dTeicneolaíocht an Oideachais agus Ceann Tánaisteach Scoil an Oideachais in Ollscoil na hÉireann Gaillimh)
  • Susan Rushe (Múinteoir Bunscoile i Scoil Mhuire, Droichead an Chláirín, Co. na Gaillimhe)
  • Maria O'Donovan (Múinteoir Iar-Bhunscoile i Meánscoil San Nioclás, Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge agus faighteoir tacaíochta ón gCreat Tacaíochta Taighde John Coolahan)

B’fhéidir go mba mhaith leis na rannpháirtithe ár ríomhiris ar an téama céanna a léamh freisin: gheofar anseo í.

Tacaíocht phraiticiúil agus treoir dóibh siúd atá ag déanamh iarratais ar thacaíocht faoin gCreat Tacaíochta Taighde John Coolahan

Dáta craolta: 1 Bealtaine 2019

Seimineár gréasáin gearr atá ann (a mhaireann beagnach 50 nóiméad). Is féidir é a bhreathnú ó thús go deireadh, nó ina bhlúiríní /ina mhíreanna níos lú. Más é an dara rogha ab fhearr leat, chuireamar am ar gach mír ar leith, chun cuidiú leat mír a roghnú a mbeadh spéis ar leith agat inti.

- Baineann mír a haon den seimineár gréasáin le daoine a fuair maoiniú cheana; insíonn siad beagán faoi iarratas a dhéanamh ag lorg tacaíochta faoin gCreat.

- I mír a dó den seimineár gréasáin tugtar roinnt eolais faoina bhfuil i gceist, mar aon le leideanna agus comhairle le leanúint nuair atá d’fhoirm iarratais á pleanáil agus á líonadh. Tosaíonn an mhír sin díreach sula mbeidh 25 nóiméad istigh.

- Téann an tríú mír trí gach cuid ar leith den fhoirm iarratais, ag díriú ar eochaircheisteanna agus ag léiriú nasc do na treoirnótaí ag pointí cuí. Tosaíonn an mhír sin ag 32 nóiméad.

- Baineann an mhír dheireanach leis an bpróiseas athbhreithnithe agus le bronnadh an mhaoinithe. Tosaíonn an mhír sin díreach i ndiaidh 46 nóiméad a bheith istigh.

Chun teacht ar na sleamhnáin ón seimineár gréasáin cliceáil anseo.

Athchóiriú Curaclaim: Taighde, Beartas, Cleachtas

Dáta craolta: 3 Aibreán 2019

Reáchtáil an Comhairle Mhúinteoireachta seimineár gréasáin ar an 3 Aibreán i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA/CNCM) faoin téama Athchóiriú Curaclaim: Taighde, Beartas, Cleachtas leis an pháinéil seo a leanas:

  • Louise O'Reilly (Oifigeach Oideachais, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus Múinteoir Iar-Bhunscoile)
  • Evelyn O'Sullivan (Tuismitheoir macléinn Iar-bhunscoile)
  • Brendan Roache (Príomhoide Teagaisc i mbunscoil na Cúirte, Muine Moling, Guaire, Co. Loch Garman)
  • Aoise Raynor (Múinteoir Iar-Bhunscoile, Pobalscoil Neasáin, Baile Dúill, Baile Átha Cliath 13)
  • Dr Orla McCormack (Leachtóir i Scoil an Oideachais in Ollscoil Luimnigh, Stiúrthóir chlár an Mháistir Ghairmiúil le hOideachas, agus tacaíocht aici ón gComhairle Mhúinteoireachta faoi Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan)

Chun ríomhiris na Comhairle a bhaineann le hábhar a léamh, cliceáil anseo.

Dátheangachas sa Luath-Óige

Dáta craolta: 6 Feabhra 2019

Reáchtáil an Comhairle Mhúinteoireachta seimineár gréasáin ar an 6 Feabhra faoin téama Dátheangachais sa Luath-Óige leis an pháinéil seo a leanas:

  • An tOllamh Padraig Ó Duibhir (Déan Tánaisteach agus Stiúrthóir ar Chaidreamh Idirnáisiúnta in Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU))
  • An Dr Francesca La Morgia (Ollamh Cúnta i Staidéar Cliniciúil Urlabhra agus Teanga i gColáiste na Tríonóide agus an bunaitheoir agus comhordaitheoir de Líonra Taighde na hÉireann sa Dátheangachas sa Luath-Óige)
  • An Dr Bozena Dubiel (Léachtóir agus taighdeoir sna Daonnachtaí in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir)

Chun ríomhiris na Comhairle a bhaineann le hábhar a léamh, cliceáil anseo.

Múinteoireacht Mhachnamhach, Foghlaim Mhachnamach: Ag Leanúint den Chomhrá

Dáta craolta: 16 Eanáir 2019

Reáchtáil an Comhairle Mhúinteoireachta agus an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT) comhsheimineár gréasáin faoin teideal Múinteoireacht Mhachnamhach, Foghlaim Mhachnamach: Ag Leanúint den Chomhrá ar an 16 Eanáir 2019 leis an pháinéil seo a leanas:

  • Dr Padraig Kirk (Stiúrthóir, An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT), seirbhís tacaíochta de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna do scoileanna, arna bhunú sa bhliain 2013 chun tacú leis na scoileanna an Creat don tSraith Shóisearach a chur i bhfeidhm)
  • An tOllamh (Emerita) Ruth Leitch (Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta, Oideachais agus Obair Shóisialta, Ollscoil na Banríona, Béal Féirste)
  • Bernie Tobin (Leas-Phríomhoide, Scoil Náísiúnta Naomh Eoin Sosicéalaí, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath)
  • Dr Conor Mellon (Múinteoir ar iasacht, ag obair faoi láthair leis an rannóg Foghlaim Múinteoirí agus Taighde sa Chomhairle Mhúinteoireachta) agus
  • Anita McDonald (Múinteoir Iar-bhunoideachais i gColáiste Pobail Bhéal Átha Beithe, Béal Átha Beithe, Co. Mhuineacháin)

Chun ríomhiris na Comhairle a bhaineann le hábhar a léamh, cliceáil anseo.

Rannpháirtíocht na nDaltaí

Dáta craolta: 5 Nollaig 2018

Reáchtáil an Comhairle Mhúinteoireachta an seimineár gréasáin maidir le Rannpháirtíocht na nDaltaí ar an 5 Nollaig 2018 leis an pháinéil seo a leanas;

  • Dr Anne Moriarty (Príomhoide is múinteoir, Scoil Náisiúnta Aodháin, Mainistir Réadáin, Co. Shligigh)
  • Dr Emer Ring (Ceann Roinn na hOideolaíochta Frithluailí agus Staidéar Luath-Óige i gColáiste Mhuire gan Smál (MIC), Luimneach)
  • Michael McGroarty (Múinteoir Iar-Bhunscoile, Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall)
  • Lauren Carr agus Adam Graham (mic léinn Ardteistiméireachta, Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall)

Chun ríomhiris na Comhairle a bhaineann le hábhar a léamh, cliceáil anseo.

Cuimsiú do Chách

Dáta craolta: 7 Samhain 2018

Reáchtáil an Comhairle Mhúinteoireachta an seimineár gréasáin maidir le Cuimsiú do Chách ar an 7 Samhain 2018 leis an pháinéil seo a leanas;

  • Dr Manuela Heinz (Léachtóir agus Stiúrthóir ar an gclár Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas in OÉG, agus údar agus treoirthaighdeoir an tionscadail Diversity in Initial Teacher Education)
  • Gemma Campion (Múinteoir Bunscoile, mac léinn PhD agus Faighteoir Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan)
  • Dr Carol-Ann Ó Síoráin (Comhordaitheoir an Teastais/ Dioplóma Iarchéime i Riachtanais Speisialta Oideachais - Neamhord Speictream an Uathachais, i gColáiste San Aingeal, Sligeach)

Chun ríomhiris na Comhairle a bhaineann le hábhar a léamh, cliceáil anseo (Béarla).

Taighde OTM in Oideachas Tosaigh Múinteoirí

Dáta craolta: 16 Bealtaine 2018

Taighde OTM in Oideachas Tosaigh Múinteoirí: tá an t-ábhar seo á phlé ag an Dr Thomas Walsh, de chuid NUIM, agus múinteoirí nuacháilithe – Aisling White, Dónal Greene agus Jennifer Barry – a labhraíonn faoina gcuid taithí maidir le taighde a dhéanamh ar thionscadail a chuir siad i gcrích mar chuid dá gcláir um oideachas tosaigh múinteoirí. Arna eisiúint ar an 16 Bealtaine May.

Cad é an chéad rud eile? Féidearthachtaí do thionscadail taighde atá curtha i gcrích

Dáta craolta: 9 Bealtaine 2018

Ar an 9 May, 8.00-9.00 réachtáil an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha (LSÉ) an seimineár gréasáin seo don Chomhairle Mhúinteoireachta.

Chun breathnú ar shleamhnáin an tseimineáir ghréasáin, cliceáil anseo.

Na Scoileanna mar Spásanna Foghlama - Múinteoireacht agus Foghlaim don Uile Dhuine

Dáta craolta: 25 Aibreán 2018

Dé Céadaoin, 25 Aibreán 2018, d’óstáil Scoil Phobail Chionn tSáile an plé painéil seo, agus lucht féachana beo i láthair.

Bhí siad seo a leanas ar an bpainéal:

  • Dr John O'Halloran, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC).
  • Dr Helen Hynes, Rúnaí Chumann na dTuismitheoirí, Scoil Phobail Chionn tSáile.
  • Ellen Kelleher, Cailín Ceannais, Scoil Phobail Chionn tSáile.
  • Tony Leahy, múinteoir nuacháilithe, Scoil Phobail Chionn tSáile.
  • Jean Gaffney, éascaitheoir de chuid an Chláir Ionduchtúcháin Náisiúnta do Mhúinteoiri (NIPT) agus Leas-Phríomhoide, Scoil Phobail Chionn tSáile.

Rinneadh dianphlé le linn na hócaide ar ról na scoileanna agus iad ag tacú leis an bhfoghlaim sa leanúntas oideachas múinteoirí i gcoitinne. Scrúdaigh an painéal an ról atá ag cultúr na scoile agus ag bonneagar na scoile maidir leis an tacaíocht a thugtar don fhoghlaim sin. San áireamh mar bhonneagar, sa chomhthéacs, bhí dearadh fisiceach na bhfoirgneamh scoile, mar a dhéantar cúrsaí ama a struchtúrú, agus na róil atá bunaithe cheana féin sa scoil chun tacú le cultúir chomhoibrithe ghairmiúla a fhorbairt.

Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan

Dáta craolta: 18 Aibreán 2018

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 18 Aibreán 2018.

Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (Béarla).

Taighde Cainníochtúil

Dáta craolta: 28 Márta 2018

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 28 Márta 2018.

Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (Béarla).

"Research Ethics in Social Research"

Dáta craolta: 21 Márta 2018

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 21 Márta 2018.

Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (Béarla).

"Carrying out a Literature Review"

Dáta craolta: 28 Feabhra 2018

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 28 Feabhra 2018.

Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (Béarla).

"Qualitative Research"

Dáta craolta: 21 Feabhra 2018

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 21 Feabhra 2018.

Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (Béarla).

"Uplifting Leadership and Learning: Teaching for Innovation, Integration and Improvement" á chur i láthair ag an Ollamh Andy Hargreaves

Dáta craolta: 8 Feabhra 2018

Mar chuid de CROÍ, sraith seimineár gréasáin taighde na Comhairle Múinteoireachta, chuir an tOllamh Andy Hargreaves an seimineár gréasáin seo i láthair Déardaoin an 8 Feabhra 2018. Ba é Tomás Ó Ruairc a bhí ina Chathaoirleach.

Chun ríomhiris na Comhairle a bhaineann le hábhar a léamh, cliceáil anseo.

Seiminéar Gréasáin ar Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe leis an Ollamh Kathy Short

Dáta craolta: 6 Nollaig 2017

Beidh an chéad seiminéar gréasáin do sraith Croí na Comhairle Mhúinteoireachta ar siúl ag 8 p.m. ar an 6 Nollaig. Is é téama an seiminéar gréasáin na Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe agus is í an tOllamh Kathy Short as Ollscoil Arizona a bheidh mar aoichainteoir ar an oíche.

Roimhe sin, tá an ríomhiris taighde seo á scaipeadh againn maidir leis an téama faoin bhfoghlaim ar bhonn fiosraithe. Tá súil againn go spreagfaidh na hachoimrí thíos do shuim in imeacht a bheidh, gan aon amhras, an-spéisiúil agus an-taitneamhach. B'fhéidir gur mian leat an t-alt seo, a léamh ina gcuirtear léargas ginearálta d'aistear an Ollaimh Short mar oideachasóir agus mar fhiosraitheoir ar feadh a saoil.

Muna bhfuil tú in ann freastal ar an seimineár gréasáin, tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh taifeadadh ar fáil ar ár suíomh gréasáin tar éis an imeachta.

Seimineár Gréasáin Taighde ar an téama den Fholláine

Dáta craolta: 8 Samhain 2017

Is cúis áthais é don Chomhairle Mhúinteoireachta a fhógairt go mbeidh seimineár gréasáin taighde ar siúl aici ar an 8 Samhain ina mbeidh na daoine seo a leanas ar phainéal ag plé an téama den fholláine:

  • Marie-Thérèse Downes: múinteoir bunscoile, iarrthóir PhD, agus ball de Ghrúpa Rannpháirtíochta Taighde de chuid na Comhairle Múinteoireachta
  • An Dr Niall Muldoon: Ombudsman na hÉireann do Leanaí
  • An tOll. Roisín Corcoran: Iar-Ollamh Cúnta ag Ollscoil John Hopkins agus anois mar bhall de Scoil Oideachais UCD
  • Keara Caul: mac léinn sa chúigiú bliain i gColáiste Pobail Fhine Gall a chríochnaigh an clár Jigsaw It's Time to Start Talking

Chun ríomhiris na Comhairle a bhaineann le hábhar a léamh, cliceáil anseo.

Seimineár Gréasáin leis an Ollamh Michael Fullan - Forbairt á Déanamh ar an gComhoibriú Gairmiúil

Dáta craolta: 6 Meán Fomháir 2017

Mar chuid dá sraith de sheimineáir gréasáin taighde, ba cúis atháis é don Chomhairle Mhúinteoireachta gur ghlac an tOllamh Michael Fullan (iar-déan d'Institiúid Ontario um Staidéar i gCúrsaí Oideachais agus Sainchomhairleoir Beartas i gCúrsaí Oideachais do Premier Ontario) le cuireadh chun seimineár gréasáin a chur i láthair ar an 6 Meán Fómhair ar an téama maidir le FORBAIRT Á DÉANAMH AR AN gCOMHOIBRIÚ GAIRMIÚÍL. Dar leis an Ollamh Fullan, sainghnéithe den neamhspleáchas aonair agus coiteann agus den fhreagracht aonair agus choiteann is ea na cultúir den ghairmiúlacht chomhoibríoch, tá gach múinteoir agus príomhoide rannpháirteach; baintear amach an saineolas gairmiúil trí ghníomhú go dícheallach, aiseolas machnamhach, agus feabhsú leanúnach, de réir mar a bhíonn múinteoirí agus ceannairí oideachais eile ag comhoibriú lena chéile go córasach chun feabhas a chur ar an taithí foghlama agus ar an méid a bhaineann gach scoláire amach.

Seimineár Eolas Gréasáin de chuid Droichead

Dáta craolta: 14 Meitheamh 2017

Bhí Seimineár Eolas Gréasáin de chuid Droichead ar siúl Dé Céadaoin, 14 Meitheamh. Thug an gréasáin deis do mhúinteoirí éisteacht agus idirghníomhú a dhéanamh le príomhoide, múinteoir nuacháilithe augs ball d'fhoireann tacaíochta gairmiúla a raibh taithí acu ar phróiseas Droichead.

Aistrithe san Oideachas

Dáta craolta: 10 Bealtaine 2017

Déanfaidh Catherine Whelan, Uasal, an Dr Lorraine Harbision agus Sheila McManamly, Uasal, cuir i láthair ar éascú an t-aistriú ón oideachas bunscoile go dtí iar-bhunscoile in Éirinn.

Ba mhaith le an Uasal Whelan buíochas a ghabháil leis na Príomhoidí agus na Bord Bainistíochta i mBunscoil Mount Sion agus Iar-bhunscoil Mount Sion, agus freisin, School Completion Programme na Siúire.

Teagasc agus Foghlaim Traschuraclaim

Dáta craolta: 1 Márta 2017

Sa seimineár gréasáin chuala muid ón Dr Shane Bergin agus ón Dr Marita Kerin le léargais óna gclár Quavers to Quadratics, léargais an Dr Carmel O'Sullivan ó Dhrámaíocht san Oideachas agus samplaí praiticiúla ón fhoireann i bPobalscoil Chionn tSáile faoin gcaoi ina gcuirtear é seo i gcleachtadh.

Foghlaim Múinteoirí leis an Dr Thomas Guskey

Dáta craolta: 25 Eanáir 2017

Chuir an t-Ollamh Thomas Guskey an seimineár gréasáin seo "Ó theagasc go foghlaim, agus ar ais arís - Ag tabhairt faoin turas foghlama gairmiúla" i láthair ar an 25 Eanáir, 2017.

Oideolaíocht na Matamaitice

Dáta craolta: 20 Deireadh Fómhair 2016

Chuir an Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin, COBÁC agus an tOllamh Alan Schoenfeld, Ollscoil California, Berkeley an seimineár gréasáin i láthair, Déardaoin 20 Deireadh Fómhair 2016. Saineolaí is ea an tOllamh Schoenfeld i réimse fhadhbréitigh agus scrúdaíodh an ghné seo den oideolaíocht trí shamplaí praiticiúla le linn an tseimineáir gréasáin. Tá an sleamhnáin ón gcur i láthair agus an taifeadadh ar an ócáid ar fáil thíos.

Cliceáil anseo chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil.

Cliceáil anseo chun ár ríómhiris Mata a eisíodh le déanaí a fheiceáil.

Comhar leis an Dr Fiona King

Dáta craolta: 15 Meán Fomháir 2016

Ar 14 Meán Fómhair 2016 chuir an Dr Fiona King ó Institiúid Oideachais OCBÁC seimineár gréasáin i láthair dar teideal Is Fiú an Comhar! Phléigh an Dr King an tábhacht atá le comhar, agus na bacanna atá ar an gcomhar, laistigh den ghairm.

Cliceáil anseo chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil (Béarla).

Cliceáil anseo chun ár ríomhiris maidir le comhar a fheiceáil.

Cliceáil anseo chun liosta d'ábhar léitheoireachta chun tacú leis an seimineár gréasáin a fheiceáil (Béarla).

Ceannaireacht do Scoileanna Uileghabhálacha

Dáta craolta: 18 Bealtaine 2016

Chuir an Dr Gerry Mac Ruairc an seimineár gréasáin seo i láthair ar an 18 Bealtaine 2016. Scrúdaigh an plé suimiúil paraiméadair agus teanga na ceannaireachta agus na huileghabhála agus na himpleachtaí a bhíonn ag an obair leis an éagsúlacht ar cheannaireacht scoile.

Cliceáil anseo chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil.

Cliceáil anseo chun alt leis an Dr Mac Ruairc dar teideal "Leadership for Inclusive Schools" a léamh.

Cliceáil anseo chun liosta d'ábhar léitheoireachta chun tacú leis an seimineár gréasáin a fheiceáil.