Seimineáir Gréasáin go dtí seo

Tuigimid nach féidir libh páirt a ghlacadh i ngach séimineáir ghréasáin bheo. Muna bhfuil tú in ann freastal ar an seimineár gréasáin, tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh taifeadadh ar fáil ar ár suíomh gréasáin tar éis an imeachta.Chun breathnú ar na seimineáir ghréasáin ar fad go dtí seo, cliceáil ar na naisc chuí thíos. B’fhiú do scoileanna breathnú ar thaifeadadh de sheimineár gréasáin mar phobal scoilbhunaithe ag gabháil don fhoghlaim ghairmiúil, nó mar bhraisle scoileanna, sa chuid sin de na gníomhaíochtaí uaireanta Pháirc an Chrócaigh a dhéantar ar bhonn lánscoile.

Taighde OTM in Oideachas Tosaigh Múinteoirí

Taighde OTM in Oideachas Tosaigh Múinteoirí: tá an t-ábhar seo á phlé ag an Dr Thomas Walsh, de chuid NUIM, agus múinteoirí nuacháilithe – Aisling White, Dónal Greene agus Jennifer Barry – a labhraíonn faoina gcuid taithí maidir le taighde a dhéanamh ar thionscadail a chuir siad i gcrích mar chuid dá gcláir um oideachas tosaigh múinteoirí. Arna eisiúint ar an 16 Bealtaine May, 8.00-9.00 p.m.

Cliceáil anseo chun breathnú ar thaifeadadh den seimineár gréasáin.

Cad é an chéad rud eile? Féidearthachtaí do thionscadail taighde atá curtha i gcrích

Ar an 9 May, 8.00-9.00 réachtáil an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha (LSÉ) an seimineár gréasáin seo don Chomhairle Mhúinteoireachta. 

Chun rochtain a dhéanamh ar thaifeadadh den seimineár gréasáin cliceáil anseo.

Chun breathnú ar shleamhnáin an tseimineáir ghréasáin, cliceáil anseo.

Na Scoileanna mar Spásanna Foghlama - Múinteoireacht agus Foghlaim don Uile Dhuine 

Dé Céadaoin, 25 Aibreán 2018, d’óstáil Scoil Phobail Chionn tSáile an plé painéil seo, agus lucht féachana beo i láthair. 

Bhí siad seo a leanas ar an bpainéal:

  • Dr John O'Halloran, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC).
  • Dr Helen Hynes, Rúnaí Chumann na dTuismitheoirí, Scoil Phobail Chionn tSáile.
  • Ellen Kelleher, Cailín Ceannais, Scoil Phobail Chionn tSáile.
  • Tony Leahy, múinteoir nuacháilithe, Scoil Phobail Chionn tSáile.
  • Jean Gaffney, éascaitheoir de chuid an Chláir Ionduchtúcháin Náisiúnta do Mhúinteoiri (NIPT) agus Leas-Phríomhoide, Scoil Phobail Chionn tSáile.

Rinneadh dianphlé le linn na hócaide ar ról na scoileanna agus iad ag tacú leis an bhfoghlaim sa leanúntas oideachas múinteoirí i gcoitinne. Scrúdaigh an painéal an ról atá ag cultúr na scoile agus ag bonneagar na scoile maidir leis an tacaíocht a thugtar don fhoghlaim sin. San áireamh mar bhonneagar, sa chomhthéacs, bhí dearadh fisiceach na bhfoirgneamh scoile, mar a dhéantar cúrsaí ama a struchtúrú, agus na róil atá bunaithe cheana féin sa scoil chun tacú le cultúir chomhoibrithe ghairmiúla a fhorbairt. 

Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan 

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 18 Aibreán 2018.

  • Chun teacht ar thaifeadadh den seimineár gréasáin, cliceáil anseo.
  • Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (béarla). 

Taighde Cainníochtúil

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 28 Márta 2018.

  • Chun teacht ar thaifeadadh den seimineár gréasáin, cliceáil anseo.
  • Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (béarla). 

"Research Ethics in Social Research"

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 21 Márta 2018.

  • Chun teacht ar thaifeadadh den seimineár gréasáin, cliceáil anseo.
  • Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (béarla). 

"Carrying out a Literature Review"

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 28 Feabhra 2018.

  • Chun teacht ar thaifeadadh den seimineár gréasáin, cliceáil anseo.
  • Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (béarla). 

"Qualitative Research" 

Rinne An Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha an seimineár gréasáin seo a óstáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, Dé Céadaoin, 21 Feabhra 2018.

  • Chun teacht ar thaifeadadh den seimineár gréasáin, cliceáil anseo.
  • Chun na sleamhnáin ón seimineár gréasáin a fheiceáil, cliceáil anseo (béarla). 

"Uplifting Leadership and Learning: Teaching for Innovation, Integration and Improvement" á chur i láthair ag an Ollamh Andy Hargreaves

Mar chuid de CROÍ, sraith seimineár gréasáin taighde na Comhairle Múinteoireachta, chuir an tOllamh Andy Hargreaves an seimineár gréasáin seo i láthair Déardaoin an 8 Feabhra 2018.  Ba é Tomás Ó Ruairc a bhí ina Chathaoirleach.

Chun teacht ar thaifeadadh den seimineár gréasáin, cliceáil anseo.

Chun ríomhiris na Comhairle a bhaineann le hábhar a léamh, cliceáil anseo

Seiminéar Gréasáin ar Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe leis an Ollamh Kathy Short

Beidh an chéad seiminéar gréasáin do sraith Croí na Comhairle Mhúinteoireachta ar siúl ag 8 p.m. ar an 6 Nollaig. Is é téama an seiminéar gréasáin na Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe agus is í an tOllamh Kathy Short as Ollscoil Arizona a bheidh mar aoichainteoir ar an oíche. Clicéail anseo le do thoil chun clárú a dhéanamh.

Roimhe sin, tá an ríomhiris taighde seo á scaipeadh againn maidir leis an téama faoin bhfoghlaim ar bhonn fiosraithe. Tá súil againn go spreagfaidh na hachoimrí thíos do shuim in imeacht a bheidh, gan aon amhras, an-spéisiúil agus an-taitneamhach. B'fhéidir gur mian leat an t-alt seo, a léamh ina gcuirtear léargas ginearálta d'aistear an Ollaimh Short mar oideachasóir agus mar fhiosraitheoir ar feadh a saoil.

Muna bhfuil tú in ann freastal ar an seimineár gréasáin, tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh taifeadadh ar fáil ar ár suíomh gréasáin tar éis an imeachta.

Seimineár Gréasáin Taighde ar an téama den Fholláine

Is cúis áthais é don Chomhairle Mhúinteoireachta a fhógairt go mbeidh seimineár gréasáin taighde ar siúl aici ar an 8 Samhain ina mbeidh na daoine seo a leanas ar phainéal ag plé an téama den fholláine:

  • Marie-Thérèse Downes: múinteoir bunscoile, iarrthóir PhD, agus ball de Ghrúpa Rannpháirtíochta Taighde de chuid na Comhairle Múinteoireachta
  • An Dr Niall Muldoon: Ombudsman na hÉireann do Leanaí
  • An tOll. Roisín Corcoran: Iar-Ollamh Cúnta ag Ollscoil John Hopkins agus anois mar bhall de Scoil Oideachais UCD
  • Keara Caul: mac léinn sa chúigiú bliain i gColáiste Pobail Fhine Gall a chríochnaigh an clár  Jigsaw It's Time to Start Talking

Tosóidh an t-imeacht ar 8.00 p.m. faoi chathaoirleacht Thomáis Uí Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta. Chun clárú a dhéanamh, cliceáil anseo le do thoil. Nuair atá tú cláraithe beidh deis agat ceisteanna a chur isteach le haghaidh dearcadh an phainéail.

Seimineár Gréasáin leis an Ollamh Michael Fullan - Forbairt á Déanamh ar an gComhoibriú Gairmiúil

Mar chuid dá sraith de sheimineáir gréasáin taighde, ba cúis atháis é don Chomhairle Mhúinteoireachta gur ghlac an tOllamh Michael Fullan (iar-déan d'Institiúid Ontario um Staidéar i gCúrsaí Oideachais agus Sainchomhairleoir Beartas i gCúrsaí Oideachais do Premier Ontario) le cuireadh chun seimineár gréasáin a chur i láthair ar an 6 Meán Fómhair ar an téama maidir le FORBAIRT Á DÉANAMH AR AN gCOMHOIBRIÚ GAIRMIÚÍL. Dar leis an Ollamh Fullan, sainghnéithe den neamhspleáchas aonair agus coiteann agus den fhreagracht aonair agus choiteann is ea na cultúir den ghairmiúlacht chomhoibríoch, tá gach múinteoir agus príomhoide rannpháirteach; baintear amach an saineolas gairmiúil trí ghníomhú go dícheallach, aiseolas machnamhach, agus feabhsú leanúnach, de réir mar a bhíonn múinteoirí agus ceannairí oideachais eile ag comhoibriú lena chéile go córasach chun feabhas a chur ar an taithí foghlama agus ar an méid a bhaineann gach scoláire amach. 

  • Cliceáil anseo an taifeadadh ar an seimineár gréasáin leis an Ollamh Michael Fullan a fheiceáil

Seimineár Eolas Gréasáin de chuid Droichead

Bhí Seimineár Eolas Gréasáin de chuid Droichead ar siúl Dé Céadaoin, 14 Meitheamh. Thug an gréasáin deis do mhúinteoirí éisteacht agus idirghníomhú a dhéanamh le príomhoide, múinteoir nuacháilithe augs ball d'fhoireann tacaíochta gairmiúla a raibh taithí acu ar phróiseas Droichead.

Aistrithe san Oideachas

Déanfaidh Catherine Whelan, Uasal, an Dr Lorraine Harbision agus Sheila McManamly, Uasal, cuir i láthair ar éascú an t-aistriú ón oideachas bunscoile go dtí iar-bhunscoile in Éirinn.

Ba mhaith le an Uasal Whelan buíochas a ghabháil leis na Príomhoidí agus na Bord Bainistíochta i mBunscoil Mount Sion agus Iar-bhunscoil Mount Sion, agus freisin, School Completion Programme na Siúire.

Clicéail anseo chun an taifeadadh ar an seimineár gréasáin a fheiceáil

Teagasc agus Foghlaim Traschuraclaim

Sa seimineár gréasáin chuala muid ón Dr Shane Bergin agus ón Dr Marita Kerin le léargais óna gclár Quavers to Quadratics, léargais an Dr Carmel O'Sullivan ó Dhrámaíocht san Oideachas agus samplaí praiticiúla ón fhoireann i bPobalscoil Chionn tSáile faoin gcaoi ina gcuirtear é seo i gcleachtadh.

Foghlaim Múinteoirí leis an Dr Thomas Guskey

Chuir an t-Ollamh Thomas Guskey an seimineár gréasáin seo "Ó theagasc go foghlaim, agus ar ais arís - Ag tabhairt faoin turas foghlama gairmiúla" i láthair ar an 25 Eanáir, 2017.

Oideolaíocht na Matamaitice

Chuir an Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin, COBÁC agus an tOllamh Alan Schoenfeld, Ollscoil California, Berkeley an seimineár gréasáin i láthair, Déardaoin 20 Deireadh Fómhair 2016. Saineolaí is ea an tOllamh Schoenfeld i réimse fhadhbréitigh agus scrúdaíodh an ghné seo den oideolaíocht trí shamplaí praiticiúla le linn an tseimineáir gréasáin. Tá an sleamhnáin ón gcur i láthair agus an taifeadadh ar an ócáid ar fáil thíos.

Comhar leis an Dr Fiona King

Ar 14 Meán Fómhair 2016 chuir an Dr Fiona King ó Institiúid Oideachais OCBÁC seimineár gréasáin i láthair dar teideal Is Fiú an Comhar! Phléigh an Dr King an tábhacht atá le comhar, agus na bacanna atá ar an gcomhar, laistigh den ghairm.

Ceannaireacht do Scoileanna Uileghabhálacha

Chuir an Dr Gerry Mac Ruairc an seimineár gréasáin seo i láthair ar an 18 Bealtaine 2016. Scrúdaigh an plé suimiúil paraiméadair agus teanga na ceannaireachta agus na huileghabhála agus na himpleachtaí a bhíonn ag an obair leis an éagsúlacht ar cheannaireacht scoile.