Mar chuid de na critéir don oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) a foilsíodh in 2011, d’éiligh an Chomhairle Mhúinteoireachta ar na cláir OTM uile go mbeadh taithí socrúcháin scoile bhreisithe agus athchoincheaptha, bunaithe ar an gcur chuige comhpháirtíochta idir na hInstitiúidí Ardoideachais (HEIanna) agus na scoileanna. Sna treoirlínte socrúchán scoile a cuireadh i bhfeidhm mar iarthéacs sna critéir, d’aithin an Chomhairle go mbeadh sé dúshlánach do scoileanna agus HEIanna é a chur i bhfeidhm, de bharr na gcastachtaí éagsúla nach mór tabhairt fúthu. Sna treoirlínte aithníodh freisin go mbeadh gá le ham leis na treoirlínte a shocrú síos agus tugadh faoi deara go mbeadh riachtanais na Comhairle faoi réir athbhreithnithe agus athraithe, mar a cuireadh ar fáil in eolas as tuilleadh taighde.
Agus é sin curtha san áireamh, rinne an Chomhairle foireann taighdeoirí seachtracha, faoi threoir an Ollaimh Kathy Hall i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a choimisiúnú, chun fianaise a bhailiú faoi chleachtas reatha maidir le socrúchán scoile, agus le moltaí a dhéanamh chun cur le smaointeoireacht agus polasaí amach anseo de chuid na Comhairle i dtaca le socrúchán scoile. Rinneadh an taighde thar thréimhse de bheagnach ceithre bliana, ina raibh obair allamuigh a thosaigh go déanach in 2014 agus a lean ar aghaidh go dtí go luath in 2018. San áireamh sa tionscadal rinneadh athbhreithniú ar litríocht idirnáisiúnta ábhartha agus ina dhiaidh sin cuntas gairid ar pholasaí maidir le socrúchán scoile i dtíortha roghnaithe. Ó thaobh na modheolaíochta de, sa staidéar cuirtear dearadh de mhodhanna measctha i bhfeidhm in éineacht le gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla. Bunaíodh é ar shé HEI éagsúla a chuireann cláir OTM éagsúla ar fáil. Tharla obair allamuigh chainníochtúil agus cháilíochtúil sna cláir fhochéime agus iarchéime bhunscoile agus iar-bhunscoile araon. Rinneadh suirbhé ar mhúinteoirí faoi oiliúint, ar fhoireann HEI agus ar fhoireann scoileanna a bhfuil baint acu leis na cláir seo trí cheistneoirí agus trí agallaimh a dhéanamh lena ndearcthaí agus taithí a bhunú le himeacht ama. Gné bhreise den staidéar a bhí ann ná go raibh líon léirithe den chleachtas éifeachtach san áireamh ina raibh comhpháirtíocht idir na scoileanna agus HEIanna.
Tá tuairisc iomlán ar fáil anseo. (Béarla)