Taighde Maoinithe

Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan

Tuairiscí Deiridh

Chun tógáil ar an tóir a bhí ar na Scéimeanna Sparánachta Taighde roimhe seo, d’fhógair an Chomhairle Mhúinteoireachta Creat Tacaíochta Taighde (CTT) ar an 11 Márta, 2017. Dearadh an creat chun tacú le foghlaim ghairmiúil leanúnach na múinteoirí trína rannpháirtíocht sa taighde agus leis an taighde. 

Léiríonn Creat Tacaíochta Taighde John Coolahan an méid mór a chuir an tOllamh John Coolahan le réimse an oideachais sa bhaile agus thar lear. Is inspioráid iad a shaothar, a shaol agus a fhuinneamh do gach duine ar spéis leo teagasc, foghlaim agus taighde.

Tugann an creat tacaíocht do mhúinteoirí agus do dhaoine eile agus úsáid á baint acu as taighde atá ann cheana féin chun a gcleachtas a threorú, nó chun taighde nua a dhéanamh, i gcomhar le daoine eile nó go neamhspleách.

In 2021, athdhearadh an creat mar dhá scéim ar leith a chuireann lena chéile:

  • Tacaíonn an Scéim Sparánachta Taighde le múinteoirí atá i mbun taighde nua.
  • Tacaíonn an Scéim Taighdeoirí Cónaithe le scoileanna nó le cnuasaigh scoileanna ar mian leo dul i gcomhpháirtíocht le taighdeoirí in Institiúidí Ardoideachais (IAO) thar thréimhse scoilbhliana chun taighde atá ann cheana féin a iniúchadh, a chomhtháthú, a chur i bhfeidhm, agus a roinnt.

Chun teacht ar Thaighde a Críochnaíodh faoi Bhabhtaí a hAon go Cúig den Scéim Sparánachta Taighde, cliceáil anseo le do thoil.

Scéim Sparánachta Taighde 2007-2011

Idir 2007 agus 2011 rith an Chomhairle Mhúinteoireachta 4 scéim sparánachta taighde chun tacú le foghlaim ghairmiúil leanúnach na múinteoirí trína rannpháirtíocht sa taighde agus leis an taighde. I rith an ama seo, bronnadh maoiniú ar 108 tionscadal agus tá naisc chuig an taighde a fuarthas go dtí seo ar fáil thíos. Ar mhaithe le d’éascaíocht chuireamar le chéile iad i ngrúpaí de réir an réimse a bhfuil taighde á dhéanamh air. Le himeacht ama, beidh sé ina acmhainn taighde luachmhar do mhúinteoirí agus do dhaoine eile a bhfuil spéis acu sa teagasc, foghlaim agus do mhúinteoirí atá ag cleachtadh.

Má tá  spéis agat teagmháil a dhéanamh leis an taighdeoir chun tuilleadh a fháil amach, cuir ríomhphost chuig research@teachingcouncil.ie agus beimid sásta do chuid sonraí teagmhála a chur ar aghaidh go dtí an taighdeoir.

An Chomhfhoghlaim

An Úsáid a bhaineann Múinteoirí Eolaíochta as Rangtheagasc agus Modheolaíochtaí Comhfhoghlama i Meánscoil Dheonach do Chailíní. Taighde le Miriam Hamilton (Scéim Sparánachta 2008/09). Léigh tuairisc na hachoimre 

An tionchar a bhíonn ag an gComhfhoghlaim ar Éachtaí Acadúla agus ar an gCaidreamh Sóisialta sa seomra ranga Matamaitice. Taighde le Caroline O'Brien (Scéim Sparánachta 2008/09). Léigh tuairisc na hachoimre 

Imscrúdú ar na héifeachtaí a bhíonn ag an gComhfhoghlaim ar Litriú agus Tuiscint as Béarla i Scoil Lán-Ghaeilge Dara Leibhéal. Taighde le Joseph Cremen (Scéim Sparánachta 2008/09 Scéim). Léigh tuairisc na hachoimre 

An Chomhfhoghlaim sa Seomra Ranga Teanga – an féidir leis feabhas a chur ar chumas cainte na scoláirí? Taighde le Eileen Butler (Scéim Sparánachta 2008/09). Léigh tuairisc na hachoimre 

Na hÉifeachtaí a bhíonn ag an gComhfhoghlaim ar Rang na Dara Bliana de chuid an Teastais Shóisearaigh. Taighde le Barry Slattery (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

TFC/Teicneolaíocht

An Tionchar a bhíonn ag an gClár Bán Idirghníomhach ar Shuíomh Bunscoile de chuid na hÉireann ina bhfuil a lán grád. Taighde le Triona Hannon (Scéim Sparánachta 2008/09). Léigh tuairisc na hachoimre 

Na Míthuiscintí de Dhóchúlacht Mhatamaiticiúil i measc Múinteoirí Bunscoile faoi Oiliúint: An féidir TFC a úsáid ar bhealach tairbheach chun aird a tharraingt ar rudaí agus chun deireadh a chur le rudaí? Taighde le Pat Sheridan (Scéim Sparánachta 2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre 

Ag Foghlaim agus ag Teagasc le Teicneolaíocht Rialaithe Mindstorms de chuid Lego i Seomra Ranga an Aonú hAois is Fiche. Taighde le Ita Ahern (Scéim Sparánachta 2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre 

Cás-staidéar Iomadúil ag Breathnú ar na Tairbhí, Ábhair Imní agus Fadhbanna a bhaineann le hOideachas Ar Líne do Leanaí Bunscoile. Taighde le Conor Ryan (Scéim Sparánachta 2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre 

Conas is féidir liom Físeáin a Úsáid chun Cur le Rannpháirtíocht Múinteoirí le Trealamh Flúirseach TFC mo Scoilse? Taighde le Laura Sloyan (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Measúnú á Dhéanamh ar Dhearcthaí Leanaí Bunscoile le Gléasanna Córas Suite Domhanda (GPS) a Úsáid sa Tíreolaíocht. Taighde le Francis Gray (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

An Ról atá ag Comhchruthú Ríomhfhillteán Tionscadail le Pobal Cleachta a Bhunú. Taighde le Margaret Deegan (Scéim Sparánachta 2008/09). Léigh tuairisc na hachoimre 

Ag Breathnú ar Thionchar TFC ar Sheomra Ranga na hÉireann. Taighde le Eleanor Walsh (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Imscrúdú ar Thionscnamh Foghlama Bunaithe ar Fhadhbanna le Tacaíocht ón Teicneolaíocht i Rang na hIdirbhliana. Taighde le Naomi McGoldrick (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Staidéar ar an tionchar a bhíonn ag uirlisí Teicneolaíochta Faisnéise Cumarsáide ar dhearcthaí daltaí bunscoile i dtreo na heolaíochta. Taighde le Kieran Kelly (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Réamhstaidéar ar an Éifeacht a bhíonn ag Uirlis Mheasúnaithe Uathoibrithe agus Idirghníomhaíocht Bogearraí don Chuimhne Fheidhmiúil. Taighde le Michele English (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Oideachas Múinteoirí

An Bhearna a Dhúnadhidir an Campas agus an Seomra Ranga:CaidreamhLaistigh de ShocrúcháinCleachtadhTeagaisc.Taighde le Ann-Marie Young (ScéimSparánachta2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre 

Riachtanais Speisialta Oideachais

Soláthar Oideachais do Leanaí a bhfuil Deacrachtaí Urlabhra agus Teanga i mBunscoileanna Príomhshrutha. Taighde le Emma Browne (Scéim Sparánachta 2008/09). Léigh tuairisc na hachoimre 

Staidéar Taighde Gníomhaíochta de Sholáthar a Fhorbairt do Leanaí a bhfuil diospraicse/DCD orthu. Taighde le Elsie Carmel Healy (Scéim Sparánachta 2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre 

Meastóireacht ar Mhodheolaíochtaí Teagaisc Mionathraithe agus Straitéisí Bainistíochta sa Seomra Ranga do Scoláirí a bhfuil neamhord hipirghníomhaíochta an easnaimh airde orthu (ADHD). Taighde le Phyllis Clegg (Scéim Sparánachta 2007). Léigh tuairisc na hachoimre 

Ceannaireacht Oideachasúil

Bliain Amháin sa Talamh Garbh den Chleachtadh: Phronesis mar Mhodh Ceannaireachta Oideachasúla i mBunscoil Ilchultúir. Taighde le Fintan McCutcheon (Scéim Sparánachta 2007). Léigh tuairisc na hachoimre 

Iniúchadh Criticiúil ar an Ról Déach Dúshlánach atá ag Príomhoide Teagaisc agus conas is féidir leis an mBord Bainistíochta agus Cumann na dTuismitheoirí i Scoileanna Beaga Cur leis an bPríomhoide a Chumasú le Curaclam a Dhíríonn ar an gCeannaireacht a Chur i gCrích laistigh den Phobal Foghlama. Taighde le Monica Fanning (Scéim Sparánachta 2007). Léigh tuairisc na hachoimre 

Feidhmeanna Bhord Bainistíochta agus Phríomhoide na Bunscoile Caitlicí: Iniúchadh ar threoir agus ar Chleachtadh. Taighde le Brendan Smyth (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Litearthacht agus Uimhearthacht

Neamhspleáchas an Fhoghlaimeora a Fhorbairt i Scoláirí Bunscoile chun feabhas a chur ar Leibhéil Litearthachta an Bhéarla i Sochaí na hÉireann atá ag Éirí Níos Éagsúla. Taighde le Collette Dunne (Scéim Sparánachta 2007). Léigh tuairisc na hachoimre 

Neamhspleáchas an Fhoghlaimeora agus Foghlaim Teanga. Taighde le Ruth Whelan (Scéim Sparánachta 2008/09). Léigh tuairisc na hachoimre 

Anailís Jaworskian ar Cheithre Mhúinteoir de Ranganna Sinsearacha atá ag Iarraidh Matamaitic a Theagasc ó Thaobh Dearcaidh atá Tógachaíoch-Chomhoiriúnach. Léigh tuairisc na hachoimre 

Measúnú

Measúnú Múnlaitheach i Scoil Naíonáin. Taighde le Máire Duffy (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Measúnú chun Foghlama: Ón Teoiric go dtí an Cleachtadh. Taighde le Kathryn McSweeney (Scéim Sparánachta 2008/09). Léigh tuairisc na hachoimre 

Aistriú ón Leibhéal Bunscoile go dtí an Leibhéal Iar-Bhunscoile

Seachain an Bhearna": Dearcthaí Scoláirí ón Aistriú ón mBunscoil go dtí an Iar-Bhunscoil. Taighde le Elizabeth McNally (Scéim Sparánachta 2007). Léigh tuairisc na hachoimre 

An Bhearna a Dhúnadh: Conas is féidir liom feabhas a chur ar Thaithí Aistrithe na Scoláirí i Rang a Sé ag Bogadh isteach go dtí Iar-Bhunscoil? Taighde le Rory McGann (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Eile

Téacsleabhair sa Seomra Ranga Tógachaíoch. Taighde le Michelle Dunlea (Scéim Sparánachta 2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre 

Léiriú scannán mar Mhodheolaíocht chun Tacú le Teagasc agus Foghlaim na Staire sna Ranganna Sinsearacha de Bhunscoil. Taighde le Paul Moroney (Scéim Sparánachta 2008/09). Léigh tuairisc na hachoimre 

Scoileanna Éireannacha mar Phobail Chleachta den Oideachas Saoránachta: Na hEispéiris a bhí ag Bunscoil Amháin. Taighde le Niamh O'Brien (Scéim Sparánachta 2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre. 

An Tionchar a Bhíonn ag Clár Idirghabhála ar Réitigh Choinbhleachta ar Scála Beag ar Scilleanna Bainistíochta Coinbhleachta na Scoláirí. Taighde le Mary Hogan (Scéim Sparánachta 2007). Léigh tuairisc na hachoimre 

Sainaithint Topaicí Deacra i dTeagasc agus i bhFoghlaim na Ceimice i Scoileanna Éireannacha agus Forbairt an Chláir Idirghabhála chun Díriú ar roinnt de na Deacrachtaí seo. Taighde le Maria Sheehan (Scéim Sparánachta 2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre 

Aon Bhliain Déag Ar Aghaidh: Cás-staidéar ar Chleachtaí agus ar Dhearcthaí Tíreolaíochta laistigh de Bhunscoil Éireannach. Taighde le Méabh Cummins (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Slí an Cheoil – An Taithí ar Cheol Traidisiúnta na hÉireann in Oideachas Ceoil Iar-Bhunscoile. Taighde le Thomas Johnston (Scéim Sparánachta 2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre 

Meantóireacht Fhoirmiúil idir Múinteoirí agus Daltaí in Oideachas Dara Leibhéal na hÉireann: ‘Taithí na Dubhabhann’. Taighde le David King (Scéim Sparánachta 2010/11). Léigh tuairisc na hachoimre 

Meastóireacht ar an Dioplóma Iarchéime sa Treoirchomhairleoireacht in Ollscoil Luimnigh: Impleachtaí don pholasaí agus don chleachtas in oideachas tosaigh do Threoirchomhairleoirí. Taighde leis an Dr Jennifer Liston (Scéim Sparánachta 2009/10). Léigh tuairisc na hachoimre 

Éiteas na Scoile Caitlicí - Ag Seo Ár gCúram. Taighde le Deborah Skelly. (Ba chóir a thabhairt faoi deara go mbaineann an achoimre seo le taighde a rinne múinteoir cláraithe neamhspleách ar scéim sparánachta na Comhairle Múinteoireachta. Foilsíodh ar an leathanach seo é, ar iarratas ón taighdeoir, mar gur ceapadh go bhfuil an taighde atá i gceist tráthúil i gcomhthéacs an tírdhreacha phátrúnachta atá ag forbairt agus beidh a lán spéise ag daoine ann sa phobal oideachais.) Léigh tuairisc na hachoimre 

'Mionscrúdú á Dhéanamh ar an Éan chun an tAmhrán a Léiriú' Iniúchadh a dhéanamh ar Nádúr Theagasc agus Fhoghlaim na Filíochta ag Leibhéal na hArdteistiméireachta in Éirinn. Taighde le Jennifer Hennessy (Scéim Sparánachta 2008/2009). Léigh tuairisc na hachoimre 

Iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag pobal cleachta (CoP) ar fhorbairt ghairmiúil múinteoirí corpoideachais atá deartha chun iad a chumasú le déileáil le saincheisteanna a bhíonn i ndán dóibh ina gcuid cúinsí oibre dúshlánacha. Taighde le Gerardine Murphy (Scéim Sparánachta 2008/2009). Léigh tuairisc na hachoimre 

Staidéar ar na Scileanna de Churaclam Matamaitice na Bunscoile a Theagasc: Coibhéis a Theagasc sa Chomhthéacs. Taighde leis an Dr Seán Delaney (Scéim Sparánachta 2009/2010). Léigh tuairisc na hachoimre